Tá beagnach mí anois caite ag Mary Kate Ní Artáin mar Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Fad is go bhfuil formhór na mac léinn ag baint sult as saoire shúntasach le linn an tsamhraidh, thosnaigh na hoifigigh shabóideacha nua-thofa, Mary Kate san áireamh, ina róil éagsúla ag tús mí Iúil, nó níos luaithe fós. Ní hamháin le linn an téarma acadúil go mbíonn siad faoi bhrú! Is cinnte go bhfuil Mary Kate tar éis a bheith gnóthach, ach go háirithe mar go bhfuil “líon mór le déanamh ó thaobh pleanála de” don bhliain atá romhainn. Deir sí go bhfuil sé “deacair a chreidúint” go bhfuil nach mór mí caite aici sa ról anois.
Ar cheann de na cúraimí tosaithe a bhí ar Mary Kate mar Oifigeach na Gaeilge ná cruinnithe a eagrú le an-chuid de na páirtithe go mbeidh sí ag obair leo le linn na bliana. Ina measc, bhí plé aici leis an rannóg spóirt, le rannóg na meán shóisialta, le foireann na Gaeilge i dTríonóide, agus le Linda Doyle í fhéin. Deir sí liom, áfach, gurb é an rud is fiúntaí atá déanta aici go fóill ná freastal ar an lá SEAS, a bhí ar siúl in Óstán Buswells le déanaí agus eagraithe le Conradh na Gaeilge. “An rud a bhí i gceist leis ná lá stocaireachta ar son cearta na Gaeilge ó thaobh tithíochta, maoinithe, agus na Gaeilge san oideachas de”. D’éirigh léi labhairt le polaiteoirí éagsúla agus le hOifigigh Gaeilge ó choláistí eile na tíre. Go dtí seo, deir Mary Kate nach bhfuil sí tar éis casadh ar éinne le droch-mheon faoin dteanga, cé gur “bhuail mé le daoine atá saghas drogallach”. Tuigeann sí go maith go bhfuil faitíos ar an-chuid daoine roimh an nGaeilge mar gheall ar droch-thaithí a bhí acu léi ar scoil, “ach an cheist gur maith liom a chur orthu ná an í an Ghaeilge a chur drogall ort nó an é an córas a rinne sin”. Is minic go mbíonn sí in ann iad a iompú ansin chun meon níos dearfaí a bheith acu.
Tá Mary Kate tar éis mórán a fhoghlaim sa ról cheana féin – “is bóthar foghlama atá i gceist leis”. Thug Oifigeach na Gaeilge na bliana seo caite, Aoife Ní Bhriain, mórán cúnaimh agus moltaí di freisin. “An rud an rud is mó a dúirt Aoife ná go bhfuil ceart ag an Gaeilge – ná lig do héinne a rá nach bhfuil spás ann don Ghaeilge sa choláiste”. Cinnte, beidh sí ag iarraidh leanúint leis na héachtaí a bhain Aoife Ní Bhriain agus Pádraig Mac Brádaigh, an bheirt a tháinig roimpi sa ról mar Oifigeach na Gaeilge, chun brú leanúnach a choimeád ar an gColáiste tacaíocht cheart a thabhairt don teanga. Beidh sí ag glacadh ionspráid uathu chomh maith lena stíl féin a chothú – “Is breá liom bheith ag labhairt le daoine, is breá liom bheith ar na meáin chomh maith. Táim ag iarraidh níos mó den Ghaeilge a bheth ar Instagram Tríonóide agus instagram Aontas na Mac Léinn. Beidh mé amach ansin mar aghaidh ar son na Gaeilge”.
Is í Mary Kate an triú oifigeach na Gaeilge leis an Aontas ónar deineadh ról lán-aimseartha, íoctha as. Ba mhór an éacht é seo ag an am, le linn ré Phádraig Mac Brádaigh, a chur go mór le stádas na Gaeilge sa choláiste. Roimhe sin, bhí ar obair an oifigigh bheith déanta in éineacht le staidéar céime, rud atá beagnach dodhéanta, dar le Mary Kate – “ní féidir liom a shamhlú an méid oibre atá le déanamh ag na hoifigigh nach bhfuil lán-aimseartha”. Mar gheall an t-uallach oibre atá bainte leis an ról agus atá fós le déanamh ar son na Gaeilge sa choláiste, deir sí go bhfuil “dul chun cinn níos mó againne toisc gur ról lán-aimseartha atá ann”. Tagann an ról íoctha le tuilleadh dualgaisí agus brú do Mary Kate chomh maith, ach go háirithe toisc gur ionadaí lán-aimseartha don Ghaeilge i measc na mac léinn atá inti anois. Beifear ag súil, mar sin, go mbeidh sí in ann buille súntasach a leagan ar son na teangan le linn na bliana, chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feaceálaí agus inchloiste sa Choláiste.
Maidir leis na pleananna atá ag Mary Kate don bhliain, an rud is mó ná gur mhaith léi “dá mbeadh daoine in ann an Ghaeilge a úsáid i slí spraíúil, agus go mbeadh saghas deá-chomhartha bainte le húsáid na Gaeilge”. Scéim amháin gur mhaith léi cur i bhfeidhm ná chun an lascaine Gaeilge, atá ag Caifé Aontas na Mac Léinn i Halla Goldsmith, a leathnú amach go dtí na bialanna agus caiféanna eile atá i dTríonóide – léithéidí an Perch, an Buttery, an Pav, agus an Fóram. “Ba bhreá liom dá mbeadh lascaine ann dá n-úsáidfeá an Ghaeilge. Is caoi spraíúil é chun frásaíocht nua a fhoghlaim agus chun do chuid Gaeilge a úsáid i slí neamhfhoirmiúil”. Deir sí gur smaoineamh é go raibh an-shuim ag daoine ann agus í ag feastasaíocht do ról an Oifigigh i mí Feabhra, agus go bhfuil scéim cosúil ag roinnt gnólachtaí sa Ghaillimh atá “an-rathúil”.
Braitheann Mary Kate go bhfuil spás neamhfhormálta sa Choláiste ag teastáil ó chainteoirí Gaeilge chun í a úsáid go nádúrtha. Cé go bhfuil Seomra na Gaeilge agus ciorcal comhrá seachtainiúil cheana féin ann i dTríonóide, teastaíonn uaithi tuilleadh imeachtaí shóisialta cosúil leis an gciorcal comhrá agus leithéidí ‘Tae agus Plé’ a chur ar bun. Maidir leis an gciorcal comhrá, deir sí go mba “rud é go mbeadh sé ar siúl níos mó ná uair amháin, thabharfadh sé níos mó rogha do dhaoine”. Teastaíonn uaithi cainteoirí Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais araon, a chur ar a gcompord trí deis cainte agus cleachta a thabhairt dóibh. “Bíonn daoine neirbhíseach chun an Ghaeilge a úsaid de ghnáth, ach nuair a bhíonn gach éinne le chéile á húsáid i slí spraíúil, déanann sé níos éasca é do gach éinne”. Is í an iarracht seo, chun an Ghaeilge a chur ar fáil do chách sa choláiste, ceann de mhór-spriocanna na bliana do Mary Kate. Dar léi, is teipeadh a mbeadh ann di dá mba rud é nár bhraith daoine go raibh spás ar fáil dóibh chun an Ghaeilge a úsáid sa choláiste – “mura bhfuil an ciorcal comhrá ag leanúint ar aghaidh agus na lascainí ag leanúint ar aghaidh, bheadh an-díoma orm faoi sin”.
Idir seo agus tús na bliana acadúla, is cinnte go mbeidh Mary Kate an-ghnóthach ar fad i mbun pleanála. Don chéad téarma, tá sí ag tnúth go mór le Seachtain na bhFreisear, am a bheas “rud éigin ann do gach duine leis an nGaeilge”. Tá sí freisin ag tnúth go mór le Seachtain na hÉigse, seachtain na Gaeilge Choláiste na Tríonóide a mbíonn ar siúl san athbhliain. Tá sí ag obair go teann leis an Oifigeach Siamsaíochta, Finn Hallwood, chun na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Chomh maith, tá sé ar intinn aici plé a bheith aici leis na cumainn éagsula sa Choláiste chun tuilleadh Gaeilge a fheiceáil iontu. Tá bliain mhór roimh Mary Kate Ní Artáin agus beifear ag súil lena sár-obair a bhraith i dTríonóide.