Nuair a dhéantar macnamh ar réamhstair na hÉireann, aimsir nach bhfuil taifead scríofa le fáil, go hiondúil cuimhnítear ar shéadchomharthaí móra na tíre, a leithéid de Bhrú na Bóinne agus Chnoc na Teamhrach. Tógadh na séadchomharthaí clúiteacha seo le linn na ré Neoiliteach don chuid is mó, tréimhse ina raibh muintir na hÉireann ag cur fúthu le talmhaíocht, ag fás barraí agus ag déanamh buachailleachta ar bheithígh. Chruthaigh an fheirmeoireacht soláthar bia níos seasmhaí agus, le himeacht ama, d’fhéadfadh sé tacú le daonraí níos mó agus le pobail a bhí níos buaine. Thug na hathruithe seo deis do dhaoine tabhairt faoi tógraí móra a d’fhágfadh a lorg ar an tírdhreach go dtí an lá atá inniu ann.
Roimhe sin, áfach, bhí slí mhaireachtála thar a bheith éagsúil ag muintir na tíre. Le linn na tréimhse ar a dtugtar an ré Méisiliteach, ní trí fheirmeoireacht a chothaigh na daoine iad féin ach trí sheilg agus bailiú. Bhíodh siad ag brath ar na hacmhainní a bhí ar fáil sa timpeallacht, agus ag gluaiseacht idir fhearainn éagsúla ag brath ar an séasúr agus ar infhaighteacht bia. Ní raibh na lonnaíochtaí ná na struchtúir a chruthaigh siad chomh buan ná chomh feiceálach leis na séadchomharthaí a tógadh níos déanaí, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos deacra dúinn inniu a lorg a aithint sa tírdhreach, agus a saol a shamhlú dá bharr.
Go dtí gur foilsíodh torthaí staidéir nua, ceapadh go raibh sampla eisceachtúil amháin ann ón easpa talmhaíochta a bhí ann le linn an ré Méisiliteach. Tháinig an creideamh seo ó thochailt seandálaíochta sa chéad deireanach gCorca Dhuibhne, áit ar thángthas ar líon mór cnámha ainmhithe ó dheireadh an ré Méisiliteach. Glacadh leis ar feadh na blianta gur chnámha bó a bhí iontu. Dá mba rud é go raibh an léirmhíniú sin ceart, bheadh sé mar an fhianaise is luaithe de bheostoc in Éirinn agus an Bhreatain. Thabharfadh sé le fios freisin go raibh teagmháil idir muintir na n-oileán agus pobail feirmeoireachta ar mhór-roinn na hEorpa i bhfad níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo.
Dhiúltaigh staidéar géineolaíochta nua an léirmhíniú seo, áfach. Rinne eolaithe ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcomhar le saotharlann sa Fhrainc, athscrúdú ar na cnámha agus d’úsáid siad teicníc darbh ainm ZooMS, nó Zooarchaeology by Mass Spectrometry. Úsáideann an teicníc seo próitéiní atá caomhnaithe i gcollaigin seanchnámha chun speicis éagsúla ainmhithe a aithint. Tá sé úsáideach go háirithe nuair nach bhfuil an cnámh féin sách slán chun é a aithint de réir a chruth.
Tháinig an fhoireann taighde ar an toradh iontach nach de chuid beithígh a bhí na cnámha úd ó Chiarraí, ach gur le torc agus béar a bhain siad. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an fhianaise a ceapadh a bheith ann do bheostoc sa Mhéisiliteach bailí a thuilleadh. Dá bhrí sin, níl fianaise shoiléir ann anois d’aon talmhaíocht in Éirinn go dtí tús na ré Neoiliteach, timpeall 4000 RC. Athraíonn sé seo ár dtuiscint ar an aistriú ó shlí mhaireachtála sealgairí-bhailitheoirí go dtí na feirmeoireachta. In áit a bheith ina phróiseas a thosaigh níos luaithe de réir a chéile, is cosúil go raibh an t-athrú seo níos soiléire idir an dá thréimhse.
Ní hé seo an chéad uair a tháinig athrú suntasach ar ár dtuiscint ar sheandálaíocht na hÉireann de bharr cnámha béar, áfach. In 2016, rinneadh staidéar ar chnámh béar ó phluais i gContae an Chláir. Bhí an cnámh úd gearrtha le scian, rud a léirigh gur maraíodh agus gur gearradh an béar ag daoine. Tar éis dátú radacarbóin a dhéanamh ar an gcnámh, fuarthas amach gur tháinig sé ó thart ar 10,000 bliain roimh Chríost, dhá mhíle go leith bliain níos luaithe ná an fhianaise ba luaithe a bhí ar fáil roimhe sin do dhaoine in Éirinn. Léiríonn an sampla seo cé chomh tábhachtach is atá cnámha ainmhithe chun eolas a fháil faoi dhaoine nach bhfuil aon taifead scríofa fágtha acu.
Chomh maith leis an tábhacht ollmhór seandálaíochta a bhaineann leis an staidéar nua, tá an fhoireann anois ag déanamh iniúchadh níos doimhne ar ghéineolaíocht na gcnámh chun tuilleadh a fháil amach faoi na béir féin. Ní fios fós an de chuid béar donn nó béar bán iad na cnámha, agus bheadh tábhacht mhór ag baint leis an gceist seo dár dtuiscint ar staid éiceolaíoch na hÉireann ag an am. Dá mba bhéar donn a bhí i gceist, d’fhéadfadh sé eolas nua a thabhairt dúinn faoi dháileadh an speicis agus faoi éiceachórais na hÉireann tar éis na hOighearaoise. Dá mba bhéar bán a bhí i gceist, áfach, d’fhéadfadh sé léargas níos suntasaí fós a thabhairt dúinn ar an aeráid agus ar an timpeallacht a bhí ann in Éirinn ag an am.