Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 8, 2020

Le hAgóidí ag Scaipeadh ar Fud na Cruinne, Caithfidh an Tríonóid Athruithe Buana a Dhéanamh ar Champas

Fad is atá na milliúin ag agóidíocht ar fud an domhain, gheall an Coláiste an tseachtain seo go “ndéanfar athruithe struchtúracha” maidir le ciníochas ar champas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, bhí an nuacht domhanda dírithe ar thuairisciú forleathan na slógaí agus mórshiúlta a tharla ar fud na cruinne mar agóid in aghaidh an ciníochais agus brúidiúlacht póilíneachta.

Is cinnte go bhfuil uafás ar mhuintir na tíre seo faoi bhás George Floyd. Mháirseáil na mílte, mic léinn san áireamh, ar fud na hÉireann agus iad ag tacú leis an ngluaiseacht Black Lives Matter, agus tá na meáin shóisialta plúchta le teachtaireachtaí ag cur dlúthpháirtíocht le pobal na ndaoine gorma in iúl.

Bhris an Coláiste a thost faoin gceist go déanach an tseachtain seo – le haitheantas a tharla ró-dhéanach chun cáineadh géar a sheachaint ó Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU).

ADVERTISEMENT

Bhí ráiteas na Tríonóide suaithinseach de bharr go raibh sé chomh déanach: ní fhéadfadh aon duine a shéanadh nach bhfuil an ciníochas mar eindéimeach sna SAM, agus bheadh ort bheith dall ar fad chun neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb sa tír seo chomh maith. Ba chóir don Choláiste dearbhú poiblí a dhéanamh i bhfad níos luaithe ná mar a rinneadh.

Rud dearfach amháin a tháinig as ráiteas na Tríonóide ab ea an gealltanas a bhí ann chun “fíordhíospóireacht faoi cine agus eitneacht sa Choláiste a chur ar bun, agus fíorathruithe struchtúracha a chur i gcrích”.

Tá sé rí-thábhachtach go gcloífear leis an ngealltanas seo, fiú nuair a shíothlóidh an fhearg atá ar dhaoine anois. Faoi mar a chur Uachtarán TCDSU Laura Beston in iúl, agus an ceart aici, tá an-fhonn ar an gColáiste glacadh le daltaí idirnáisiúnta chun an champais, ach níl an fonn céanna ann tacaíochtaí a chur i bhfeidhm a chabhródh leis na ndaltaí sin nuair a thagann siad, agus níl suim ann iarrachtaí a dhéanamh dul i ngleic leis an gciníochas sa Choláiste.

Tá gá le beart follasach a dhéanamh chun go mbeidh an Tríonóid níos ionchuimsithí as seo amach. Bheadh modúl roghnach ar Léann Gorm (éilíodh seo in achainí a thosaigh mac léinn i rith na seachtaine) mar céim mhaith chun tosaigh. Dá n-athródh ranna aonair a gcuraclaim chun ionadaíocht níos fearr a dhéanamh do ghrúpaí mionlaigh, thaispeánadh sé seo go mbeadh fonn ar an gColáiste fíorathruithe a bhaint amach.

Ní bheidh sé éasca nó tapa na bearta seo, nó bearta eile cosúil leo, a chur i bhfeidhm. Ach má theastaíonn ón Tríonóid an bhearna atá idir an íomhá a chuirtear chun tosaigh agus na bunfhírinní ghéara atá á insint ag mórán daltaí a shárú, tá gá le fíorathrú.

Seachas sin, beidh mic léinn ag breathnú siar i gceann bliana ar ráiteas nach raibh dada i gceist leis.