Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 8, 2016

Moilliú ón Rialtas arís maidir le Cinntí faoin Ardoideachas, Cé gur féidir go mbeidh Gné Dearfach leis sin

Níl ach bealach eile ina mhoilleofar cinntí atá san athbhreithniú a dhéanfaidh coiste trasphairtí ar thorthaí na tuairisce Cassells, ach is féidir go mbeidh sé sin níos fearr ná an rogha a ligint do Fine Gael amháin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Déanann clár an rialtais a bhí aontaithe ag Fine Gael agus an smeadar teachtaí neamhspleách, agus roinnt acu i measc na comh-aireachta, rud a bhí déanta go minic ag an rialtas deireanach: moill a chur le cinntí faoi ghéarchéim maoinithe a deir gach duine gur cás práinne atá i gceist, príomh-oifigeach feidhmeach an Údaráis um Ardoideachas agus comhlacht stáit atá freagrach as cáilíocht san ardoideachas ina measc.

Ní an chéad uair atá i gceist a bhfuil sé aitheanta ag an mBord Eagarthóireachta gur fearr le polaiteoirí labhairt faoi fhadhbanna a réiteach comh fada agus is féidir roimh airgead ar bith a chaitheamh chun iad a réiteach i ndáiríre. Ní an dara nó an tríú uair a bhfuil gearán déanta ag an mbord faoin easpa leanúnach gníomhaithe maidir leis an ngéarchéim maoinithe san ardoideachas.

Níl ach sampla breise den rud céanna sin atá sa nuacht go n-athbhreithneoidh coiste trasphairtí an Oireachtais ar thorthaí neamhfhoilsithe na tuairisce Cassells: bealach eile ina labhrófar faoin ngéarchéim agus a bhfuil le déanamh maidir léi, gan gealltanas ar bith faoi spriocdháta le haghaigh cinnidh, ná eolas faoina mbeidh freagrach as cinneadh a dhéanamh air sin. Ná bac le go raibh foilsiú na tuairisce ag teastail i mí Nollag – timpeall deich seachtain roimh an ollthoghchán – chun ligint do pháirtithe athbhreithniú ar a torthaí agus geallatanas a dhéanamh ar chóras maoinithe ina bhforógraí. Ná bac le go raibh tuairisc coimisiúnaithe ag an rialtas deireanach cheana féin, ceann a chríochnaíodh sa bhliain 2011, pointe a atá á athrá go minic ar leathanaigh The University Times. Is léir go bhfuil níos mó anailíse agus díospóireachta in easnamh ar an bhfadhb seo, cé go bhfuil gach duine in aontas go bhfuil gníomhú ag teastáil anois, agus go raibh sé ag teastáil le fada.

ADVERTISEMENT

Tá gné dearfach éiginnte amháin faoin athbhreithniú a dhéanfaidh an coiste trasphairtí, áfach. Níl ach aire amháin nach bhfuil ina bhall, nó ina iarbhall Fine Gael, agus b’éasca an rud é scéimí iasachta agus táillí níos airde a chur i bhfeidhm, dá mbeadh an cinneadh á dhéanamh ag an rialtas amháin. Agus Richard Bruton mar an chéad aire oideachais Fine Gael sna 30 bliain deireanach, tá beagán sóláis sa nuacht sin faoi choistí. Sin níos suntasaí fós nuair a aithnítear go ndeirtear go mbeidh ról níos lárnaí ag coistí le linn réime an rialtais seo.