Radius
Feb 11, 2017

Bricfeasta Mór Gaelach Chun Críoch a Chur le Ceiliúradh na Teanga

Bhí neart spreagadh agus spraoi le haimsiú in ócáidí a eagraíodh i rith Éigse na Tríonóide go chuile Gaeilgeoir, ach is féidir le héinne taitneamh a bhaint as bricfeasta neamhaí.

Scott KingScríbhneoir Cúnta
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá Éigse na Tríonóide thart. An seachtain is Gaelaí agus b’fhéidir an seachtain is fearr sa bhliain acadúil (ach nílimse claonta in aon chor) is é Éigse na Tríonóide agus rinneadh sár-obair chun amchlár spéisiúil éagsúil a chur ar fáil do lucht na Tríonóide. Tháinig iar-phreasrúnaí an Rialtais Eoin Ó Neachtain chun tús a chur leis na himeachtaí ar an Luan agus ansin lean an craic ar aghaidh le himeachtaí éagsúla ar nós an Murder Mystery, an Oíche Ghrinn Ghaelach agus an Gig Mór.

Bhí rud éigin ann do gach éinne, agus cuireadh deireadh leis an seachtain le himeacht a mheallfaí an duine is drogallaí: an Bricfeasta Mór Gaelach. Bhí slua breá i Seomra na Gaeilge cheana féin nuair a tháinig mé maidin Dé hAoine chun taighde a dhéanamh don alt seo. Ba dheas an rud é go raibh daoine fós ag glacadh páirte in imeachtaí na hÉigse tar éis seachtaine fada.

Ní minic a chuirtear rud cosúil leis an mBricfeasta Mór Gaelach ar fáil agus ba léir cén fáth. Béile mór millteach a bhí ann, le hispín, slisín, pónairí, ubh scrofa, putóg dubh agus bán agus “hash brown”, cibé ainm Gaelach atá aige. B’é an ispín buaicphointe an bhéile domsa, ach d’ith mé i dtosach é agus mar sin bhí sé an rud is teo.

ADVERTISEMENT

“Tús maith, leath na hoibre” mar a déarfá. Bhí mé an-sásta leis an hash brown chomh maith, ach bhí sé ag meascadh leis na pónairí agus d’athraíodh an blas mar thoradh. Má tá aon rud ann le cáineadh faoin mbéile, caithfidh mé a rá nach raibh an putóg dubh chomh blasta agus a bhí mé ag súil. In ainneoin sin, b’iontach an smaoineamh é an bricfeasta a chur ar fáil chun deireadh na hÉigse a chéiliúradh. D’fhéadfá a rá gur leigheas a bhí ann!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.