Radius
Feb 7, 2018

Finscéalta, Filíocht agus Ceol Tráidisiúnta le Cloisteáil ag Cúirt Éigse

Cuireadh oíche cultúrtha i láthair san Atrium, le finscéalta agus filíocht le cloisteáil ón gCumann Gaelach agus Litsoc, agus sár-cheol á sheinnt ag TradSoc.

Caolán Mac GriannaContributing Writer
blank
Celia Hughes for The University Times

Dé Máirt, an 6ú lá Feabhra, cuireadh Cúirt Éigse: A poetic reading ar siúl leis an gCumann Gaelach, TradSoc agus LitSoc, imeacht cultúrtha le cultúr Gaelach a cheiliúradh mar chuid d’Éigse na Tríonóide. Is mór an sult a bhain an méid a bhí i láthair san Atrium, agus bhí sé le feiceáil gur tharraing an imeacht isteach daoine ó na cumainn éagsúil a bhí páirteach, chomh maith le daoine a tháinig go díreach le blaisín den Ghaelachas a fháil.

Mheasc an oíche píosaí traidisiúnta le píosaí nua aimsire, le ceol, filíocht, amhráin agus scéalaíocht de chuile shórt. Thosaigh an oíche le píosa ceoil ó TradSoc, a bhí beo agus bríomhar agus a chuir fuinneamh san aer. Ag leanúint ar aghaidh ó sin léadh dhá phíosa ag mhuintir LitSoc, le Gillian Kiely ag léamh píosa filíochta de chuid Shéain Ó Riordáin, agus scéal corraitheach i mBéarla le Sadbh Kellett.

Ina dhiaidh sin, sheas an chéad aoichainteoir na hoíche, Eoin P. Ó Murchú, le cupla píosa a rá. Thug sé instealladh grinn don oíche lena chuid filíochta faoin t-idirlíon, agus le scéal grá faoi beirt nach mbualfadh lena chéile a choíche.

ADVERTISEMENT

Bhí an ceol traidisiúnta fite fuaite tríd na hoíche go hálainn, agus thug seinnteoirí TradSoc, Aisling O’Brien agus Anne Marie De Beil, dhá phort bríomhar don tslua a bhí ann. Ar ais chuig an filíocht ina dhiaidh sin, léigh Ellen Nic Tomais píosa galánta faoi Ghleann Nimhe Thír Chonaill, a d’inis scéal faoin Balor an tSúil Nimhe, ainbheithíoch as Oileán Thoraigh de réir na seanscéalta, a maríodh i gcath in aice na gleanna. Shil a chuid fola as a shúil amháin, a chuir nimh tríd an talaimh sa ghleann, agus sin a thug ainm don áit, ar a laghad dar leis na pisreoga.

B’é Ciarán Wadd, reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, a bhí mar láithreoir na hoíche. Léigh sé féin dán nua-chumtha, píosa a mheasc an Ghaeilge is an Bhéarla darbh ainm Mise. Léigh Cúnla Morris dán ansin chomh maith, agus bhí tuilleadh ceoil arís ina dhiaidh sin.

Bhí píosaí deasa filíochta ansin ag Aoife Kearins agus Noah O’Brien Galli, ach ní sula raibh dara aoi na hoíche, an amhránaí rapcheoil Oisín Mac Giolla Bhríde, ar an urlár le trí amhrán féin-chumtha, amhráin faoin ngrá is faoin saol féin. Spreag sé an scaifte le páirt a ghlacadh san amhrán deireanach, is lig an tslua scairt is búireadh astu nuair a tháinig críoch lena phíosa.

Is mór an rath a bhí ar an oíche, is b’í go díreach cuid amháin den tseachtain lán le himeachtaí atá mar chuid d’Éigse na Tríonóide. Le trí lá fós fágtha, tá go leor imeachtaí go fóill le theacht, is mholfainn féin a bheith i láthair ag an méid is mó is gur féidir le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh Gaelach bliaintiúil is mó i gColáiste na Tríonóide.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.