Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 22, 2018

Níor Chuidigh Agóid Truamhéalach DCUSU leis an bhFeachtas Mac Léinn

Tá feachtas na mac léinn ag iarradh cuma dáiríre a fhorbairt, agus níor chuidigh an easpa mac léinn ag agóid Dé Máirt leis.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dé Máirt, is ar éigean a freastaladh dáréag ó Aontas na Mac Léinn Ollscoill Báile Átha Cliath (DCUSU) ar a n-agóid féinn i gcoinne árdaithe costais do lóistín mac léinn ar Sráid Cille Dara. Ba náire í, go háirithe mar tháinig roinnt polaiteoirí, ar nós le Darragh O’Brienn, urlabhraí tithíochta Fianna Fáil, agus Róisí Shortall, comh-cheannaire na nDaonlaithe Sóisialta, as ósais Tí Laighean chun tacaíocht a thabhairt don agóid, agus fiú níor thosaigh an agóid in uair.

Sna blianta deireanacha, bhíodh feachtas na mac léinn ag obair go tréan chun áitigh ar na aicme polaitiúla go bhfuil siad i ndáirire. Níor éirigh leis an Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) cinneadh a spreagadh ar maoiniú ard-oideachais – ceann a bheadh fabhrach do mhic léinn. D’fhéadfá áitígh faoi méid an locht atá ar obair stocaireachta an USI, ag cuimhniú an easpa rannpháirtíochta sa earnáil a ionadaíonn an aontas.

Ach sin í an pointe. Tá fithis amháin ag polaiteoirí in Éirinn: timpeall núicléas an meán-vótálaí.

ADVERTISEMENT

Go dtí seo, níor áitigh mic léinn ar duine ar bith go dtéann siad chuig boscaí ballóide na tíre in uimhreacha sách mór, seachas nuair atá an comhionnanas pósadh agus, is dócha, leasú an tOchtú Leasú i gceist. Dé Máirt, is cinnte gur áitigh DCUSU ar roinnt polaiteoirí nach féidir le mic léinn freastal ar a n-agóid féin fiú.

Fiú is go bhfuil cúpla blianta imithe ón am a “luasc mic léinn an vóta”, níl ach cúpla seachtaine imithe ón am a tharraing buanseasmhacht na mac léinn aird na tíre. Bhain Tóg An Tríonóid ar Ais a mianta amach i mbealach nach chonachtas i deicheanna. Deirtear gur tamaill fada í an seachtain i bpolaitíocht mar is féidir le gairm polaitiúil bás a fháil i gceann cúpla lae, ach freisin mar tá cuimhní muintire na tíre an-ghearr.

Ba cheart go ndéanfaidh DCUSU a seacht ndícheall áitigh nach bhfuil dochar ann go bhfaighidh dúthracht na mic léinn báis.