Radius
Oct 15, 2019

Féile Litríochta IMRAM faoi Lánseol san Ardchathair

An tSean-Ghréig agus an léann clasaiceach an téama atá ar an bhféile litríochta iomráiteach i mbliana

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge

Mí Dheireadh Fómhair atá ann agus mar sin tá IMRAM – féile litríochta na Gaeilge – fillte ar Bhaile Átha Cliath.

Díreoidh an fhéile ar an tSean-Ghréig agus ar an léann clasaiceach i mbliana. Tá sraith imeachtaí ar siúl idir 4ú-26ú de mhí Dheireadh Fómhair mar chuid den fhéile.

Bunaíodh IMRAM sa bhliain 2004. Ó shin i leith tá an fhéile litríochta tar éis dul ó neart go neart, agus é ina bunchloch cultúrtha den ardchathair anois.

ADVERTISEMENT

Dála suímh idirlín IMRAM: “Tugann IMRAM a lucht éisteachta/féachana ar aistear eolais, aistear ina gcuirimid eolas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha trí mheascán d’imeachtaí éagsúla a chuimsíonn prós, filíocht agus ceol, agus sin i dtimpeallachtaí beoga.”

Léiríonn IMRAM comhoibriú idir an lucht léinn, lucht ceoil agus lucht filíochta chun an lucht féachana a thógáil ar an aistear eolais seo. Tá ualach oibre ag baint leis an bhféile gach bliain ó thaobh aistriúcháin agus an chuid chruthaitheach de.

Leanann an sliocht ón suíomh idirlín ar aghaidh: “Fís dhearfach atá ag IMRAM. Is mian linn teanga agus litríocht na Gaeilge a chur i láthair an phobail laistigh de fhráma nua-aoiseach, bheoga, ilchultúrtha”.

Conas a chuirtear an teanga agus an litríocht i láthair an phobail laistigh de fhráma nua-aoiseach? Baintear úsáid as íomhánna, scáileán agus soilsiú, chomh maith le haistriúchán, scríbhneoireacht agus ceol chun é seo a chur i gcrích.

Ar an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, cuireadh imeacht bunaithe ar Gandhi faoi bhráid i Halla na Saoirse. Eagraíodh é mar chuid den chomóradh céad caoga bliain ar rugadh Gandhi. Rinneadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Gabriel Rosenstock le himeacht sa Sugar Club ar an 8ú de Dheireadh Fómhar mar chuid fen fhéile.

Beidh imeachtaí eile ar siúl, cosúil le hoíche bunaithe ar an miotaseolaíocht agus laochra móra na seanlitríochta, agus mórléamh ar fhicsean choiriúlachta.

Rud iontach faoin bhféile seo ná go dtugann sé an deis do scríbhneoirí nua dul chun cinn. Labhróidh Catherine Foley, Eithne Ní Ghallchobhair, agus Séan Ó Muireagáin mar chuid d’imeacht darb ainm “Guthanna Nua, Físeanna Nua”, a tharla ar an 14ú de Dheireadh Fómhair.

Is i dTéatar Scabhat Smock a bheidh an chuid is mó den fhéile ar siúl. Cuirfear An Ódaisé i nGaeilge ar stáitse sa Téatar iomráiteach ar an Máirt, an 15ú de Dheireadh Fómhair. Ar an Déardaoin 17ú de Dheireadh Fómhair, beidh aistriúchán ar obair Sappho, ceoltóir ón tSean-Ghréig.

Beidh imeachtaí eile ar siúl, cosúil le hoíche bunaithe ar an miotaseolaíocht agus laochra móra na seanlitríochta, agus mórléamh ar fhicsean choiriúlachta.

Beidh deis acu siúd a bhfuil spéis mhór acu i saothar Joyce Ulysses a chloisteáil trí mheán na Gaeilge i Musaem Litríochta na hÉireann ar an Domhnach, 20ú de Dheireadh Fómhair. D’aistrigh Séamas Ó hInnéirghe agus Séamas Ó Mongáin Ulysses go Gaeilge sna blianta idir 1987 agus 1992. Osclaíodh Musaem Litríochta na hÉireann den chéad uair cúpla seachtain ó shin.

Agus an fhéile ag teacht chun deiridh rachaidh Liam Ó Maonlaí, Neil Martin agus Peter O’Toole ar stáitse chun Tionscadal Nick Drake: Fear na hAbhann a chur ar stáitse i dTéatar Pavilion i nDún Laoghaire. Beidh íomhánna ó Margaret Lonergan ann chomh maith.

Mar a deir an seanfhocal, ‘mol an óige agus tiocfaidh sí’. Sin go díreach atá ar siúl ag lucht stiúrtha IMRAM, cuirtear féile ar siúl do pháistí chomh maith. IMRAM na n-Óg an t-ainm atá air agus tá na himeachtaí ar fad saor in aisce.

Críochnóidh an fhéile IMRAM le Ceardlann scríbhneoireachta in Éigse Éireann ar Chearnóg Parnell ar an Satharn, 26ú de Dheireadh Fómhair. Tá an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí óga, scríbhneoirí nua nach bhfuil saothar foilsithe acu go fóill.

Cé go bhfuil praghasanna sách arda ar na himeachtaí ar fad i mbliana – €12-25, is cinnte gur fiú tacaíocht a thabhairt don fhéile chultúrtha seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.