Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 29, 2020

Suntas Tríú-Leibhéil san Olltoghcháin, Ach Ceisteanna Fós le Freagairt

Níl an t-ardoideachas mar thosaíocht ag na páirtithe móra, agus is léir sin óna réitigh, dar leis an mBord Eagarthóireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus an feachtas olltoghcháin faoi lánseol an tseachtain seo, tugadh am craolta don ardoideachas faoi dheireadh.

Is léir nach bhfuil oideachas tríú-leibhéil ar barr an chlár oibre ag aon pháirtí, gan aon mholtaí praicticiúla don todhchaí le feiceáil go dtí seo.

In ionad sin, lean an díospóireacht faoi ardoideachas ar aghaidh ag seachaint na bhfadhbanna riachtanacha agus ag dul i dtreochtanna aisteacha.

ADVERTISEMENT

An tseachtain seo caite, d’fhógair urlabhraí oideachais Fhianna Fáil Thomas Byrne nach ngeallfadh aon pháirtí chun fháil réidh le táillí ardoideachais – léiriú brónach, ach cuí ar an gcaighdéan lag atá á choiméad ag polaiteoirí iomráiteacha.

Is rud náireach é go gcreideann na páirtithe móra nach bhfuil sé indéanta gealltanas a dhéanamh chun fháil réidh le táillí, go háirithe nuair a bheidh táillí ollscoile Éireannacha na cinn is airde san Eoraip i ndiaidh na Breatimeachta. Ní moladh áiféiseach é – tá sé mar cheann de na trí mholadh ó thuarascáil Cassels. Is éileamh lárnach é ó roinnt grúpaí ardoideachais freisin.

In ainneoin éileamh na stocairí, ní dhéanann sé ciall do na páirtithe chun cinntí a dhéanamh ar na ceisteanna móra seo. Tá gealltanais nua á gcumadh go dtí seo.

Sheachain Byrne ceist Cassells leis an maíomh go n-infheisteodh Fianna Fáil €100 milliún san ardoideachas – figiúr suntasach ar ndóigh agus tairiscint a bheadh mealltach do cheannairí ollscoileanna.

D’Fhine Gael, tá an chuma ar an scéal go bhfuil a gheallúint maidir le ollscoileanna teicneolaíochta ina gé órga. Bheadh an gheallúint sin i bhfad níos mealltaí do a lán vótálaíthe, go háirithe dóibh siúd a bhfuil feabhsaithe áitiúla á lorg acu, seachas socrú maoinithe.

Chomh maith leis sin, nocht fógra an Chomhaontais Ghlais chun iompar poiblí saor in aisce a thabhairt isteach: gealltanas eile a sheachnaíonn maoiniú agus táillí, ach atá dírithe ar mhic léinn leis an smaoineamh go gcuirfear airgead ar ais ina bpócaí.

Cé go bhfuil roinnt páirtithe a bhfuil a gcartaí i gcúl a dhoirn acu maidir leis an ardoideachas, ní féidir geallúintí láidre a shamhlú uathu chun riachtanais an earnáil a shásamh. Táimid faoi sháinn ag amharc ar an gcomhrá ag dul ar sheachrán.