News
May 26, 2020

Tacaíonn AMLÉ le Sraith Rún a Bhaineann Leis an nGaeilge

Baineann na rúin le hathchóiriú na Gaeilge sa chóras oideachais agus an Ghaeilge san ardoideachas.

Róise HannanScríbhneoir Foirne

Caitheadh vóta ar son tacú le níos mó cúrsaí triú leibhéal a chur ar fáil i nGaeilge ag comhdháil náisiúnta Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) inniu.

Mhol Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn, an rún seo, agus labhair Muireann Nic Corcráin, Oifigeach na Gaeilge TDSU, ar son an rúin.

Tá sé ráite ag an Ní Dhufaigh nach bhfuil go leor tacaíochta ar fáil i gcoláistí áirithe do chainteoirí Gaeilge, “go háirithe cainteoirí dúchais” agus do dhaoine a fuair a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Maíonn siad go creideann cainteoirí Gaeilge nach fiú an teanga a labhairt níos mó toisc nach bhfuil mórán rogha acu maidir le cúrsaí trí leibhéal atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Measann an Leas-Uachtarán don Ghaeilge go bhfuil níos mó cúrsaí a chuirtear ar fáil i nGaeilge de dhíth chun freastail ar Ghaeilgeoirí “ar mhaith leo a bheith ag obair in earnálacha nach mbaineann leis an teanga féin,” agus dá gcuirfí seo ar fáil “bheadh níos mó daoine le Gaeilge ag obair in earnálacha éagsúla a bheadh in ann freastal ar an bpobal i gcoitinne,” agus go mbeadh seo ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

De réir an rúin nua seo, beidh ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge brú a chur ar an Roinn Oideachais agus ar an Roinn Cultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta leis na haidhmeanna seo atá acu a cur i gcrích.

I ráiteas chuig an University Times, dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh go ndíríonn go gcreideann sí “gur cheart don Rialtas infheistíocht a dhéanamh le tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge a chruthú dóibh siúd ar mhaith leo leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge sa choláiste. Chomh maith leis bheadh na cúrsaí seo fíorthábhachtach agus muid ag éileamh tuilleadh seirbhísí trí Ghaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.”

Vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn chun tacú le hathchóiriú na Gaeilge sa chóras oideachais freisin. Tacaíonn an rún seo leis an bhfeachtas Gaeilge4All – feachtas a lorgaíonn reachtaíocht cheart don teanga sa chóras oideachais – a seoladh anuraidh.

Pléifear rúin eile a bhaineann leis an Ghaeilge sa chomhdháil amárach chomh maith.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.