Bhí Baile Átha Cliath i lár an aonaigh pholaitiúil san Eoraip le tamall gairid anuas. Mar chuid de Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, tháinig ceannairí ó gach cearn den mhór-roinn le chéile le haghaidh chruinniú mullaigh dhá lá, a thug tíortha laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach le chéile. Ar an gcéad lá, tionóladh cruinniú mullaigh an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh, inar ghlac thart ar 50 ceannaire páirt, ionadaithe ón Ríocht Aontaithe agus ón Úcráin ina measc. Pléadh na dúshláin is mó atá roimh an Eoraip, lena n-áirítear cogadh na Rúise san Úcráin, slándáil na hEorpa, an imirce agus comhar polaitiúil. An lá dár gcionn, tháinig ceannairí na 27 mBallstát den Aontas Eorpach le chéile ar leithligh chun todhchaí eacnamaíoch na hEorpa a phlé, chomh maith lena cumas dul san iomaíocht leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín, agus ról na hintleachta shaorga atá ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí. Ba é an ócáid an iarracht taidhleoireachta is mó i stair na hÉireann.
Seachas na cruinnithe féin, bhí slándáil na hócáide ar cheann de na príomhábhair chainte. Ba í an oibríocht slándála ba mhó riamh i stair an Stáit, agus bhí ullmhúchán ollmhór ar bun ag na Gardaí sna laethanta roimh an gcruinniú mullaigh. Cuireadh cordóin slándála agus bacainní timpeall ar an Ionad Comhdhála agus ar an nGailearaí Náisiúnta, agus dúnadh roinnt bóithre, lena n-áirítear cuid den Ché Thuaidh agus Droichead Samuel Beckett, agus cuireadh srianta ar ghluaiseacht tráchta agus coisithe i gceantair áirithe i lár na cathrach. Bhí seiceálacha slándála i bhfeidhm freisin do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí a raibh orthu dul isteach sna ceantair shrianta, agus cuireadh tionlacain mhóra gluaisrothar ar fáil do na ceannairí agus iad ag taisteal idir an t-aerfort, na hóstáin agus ionaid na gcruinnithe. Bhí breis agus 15,000 seal 12 uair an chloig á gcur i gcrích ag na Gardaí le linn na hoibríochta, rud a léiríonn scála ollmhór na socruithe slándála.
Mar sin féin, tá an leibhéal slándála seo tar éis cur go mór isteach ar an bpobal agus ar shaol laethúil mhuintir na cathrach. Tá gnólachtaí i mBaile Átha Cliath ag lorg cúitimh as caillteanais i ndiaidh thionchar na chruinniú. Mhínigh Fergal Gallagher ó RTÉ gur fhulaing úinéirí gnólachtaí i lár na cathrach caillteanais airgeadais, agus go raibh tionchar ag na srianta slándála ar thrádáil, toisc gur thug go leor de mhuintir Bhaile Átha Cliath aird ar na rabhaidh agus gur fhan siad sa bhaile chun an cur isteach a sheachaint. Bhí an scéal níos deacra fós do ghnólachtaí a bhí suite laistigh den chrios slándála a bhunaigh na Gardaí timpeall ar an Ionad Comhdhála, ina measc siopa Grafton Barber san IFSC. Dúirt Fabian Pollard, úinéir saincheadúnais an tsiopa san IFSC, nach raibh custaiméirí in ann teacht isteach sa siopa ar feadh trí lá, agus go raibh laghdú 50% tagtha ar an ngnó.
Dúirt Adrian Cummins, Príomhfheidhmeannach Chumann Bialanna na hÉireann, gur deis iontach a bhí sa chruinniú mullaigh chun Éire a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta. Mar sin féin, d’iarr sé go laghdófaí rátaí tráchtála do na gnólachtaí a ndeachaigh na srianta slándála i bhfeidhm orthu. Dúirt sé freisin gur cheart cúiteamh de chineál éigin a chur ar fáil do na gnólachtaí sin a cuireadh as gnó go héifeachtach le linn an chruinnithe mullaigh, agus go mbeadh an cumann ag plé an cheist sin leis an rialtas amach anseo.
Cé go raibh na bearta slándála riachtanach, i bhfianaise scála ollmhór na hócáide agus líon na gceannairí idirnáisiúnta a bhí i láthair, d’ardaigh an cur isteach ar ghnáthshaol na cathrach ceisteanna faoi chumas na hÉireann imeachtaí móra idirnáisiúnta den chineál seo a óstáil gan ualach suntasach a chur ar an bpobal. Bhí mic léinn Choláiste na Tríonóide, mar shampla, ag streachailt le rochtain a fháil ar an gcampas de bharr na srianta agus na seicphointí slándála, agus bhí gnólachtaí i lár na cathrach ag cailleadh custaiméirí agus ioncaim. Cé gur thuig go leor daoine an gá a bhí leis na socruithe slándála, is iad na mic léinn, na hoibrithe agus na gnólachtaí áitiúla a raibh orthu déileáil leis an gcur isteach agus cuid mhór den ualach a iompar. Ardaíonn sé seo ceist níos leithne faoin gcaoi a bhféadfaidh Éire imeachtaí den scála seo a óstáil amach anseo agus cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir slándáil agus saol laethúil na cathrach.