News
Feb 11, 2021

Cuireann an Cumann Gaelach Tús le Rochtain Sheomra na Gaeilge a Leasú

Ní pribhléid iad seirbhísí pobail an choláiste do mhic léinn, ach ceart, do gach mac léinn mar a chéile, dar leis an achainí.

Jennifer Ní Chiara and Maitiú Charleton
blank
Róisín Power for The University Times

Sheol an Cumann Gaelach feachtas inné le rochtain Sheomra na Gaeilge a fheabhasú.
D’eisíodar achainí a sheolfar go dtí Oifig na n-Eastát agus Saoráidí agus Sparánaí ag éileamh orthu “ardaitheoir a thógáil ar mhaithe le rochtain dhíreach ar Sheomra na Gaeilge muna bhfuil seomra eile atá ar an gcaighdeán céanna ar fáil áit éigin eile ar champas.”

San achainí, iarann an Cumann Gaelach ar Oifig na nEastát agus Saoráidí agus a Sparánaí, “beart a dhéanamh ar mhaithe le comhionannas agus le cearta. Ní pribhléid iad seirbhísí an choláiste do mhic léinn, ach ceart, do gach mac léinn mar a chéile. Ná fágtar daoine le míchumas ar leataoibh.”

Ghabh Ciara Ní Mhurchú, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh buíochas le Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge an Choláiste, atá tar éis neart oibre a dhéanamh air seo in éineacht le hOifig na nEastát agus na Saoráidí. Dúirt Ní Mhurchú leis an University Times “gur chóir dúinn béim a leagadh anois ar ghuth na mac léinn chomh maith”. Táthar ag súil “go gcuirfidh an feachtas seo leis an bpróiseas agus go dtiocfaidh údarás na hollscoile ar réiteach na faidhbe go luath.”

ADVERTISEMENT

Ní hé seo an chéad uair a cuireadh gearán isteach maidir le seo. In 2017 rinneadh fiosrúchán maidir le rochtain an tseomra agus léiríodh nach féidir le duine i gcathaoir rotha nó duine le deacrachtaí lúith teacht ar an seomra go héasca. Dar le Ní Mhurchú “níl athrú tagtha ar an scéal ó shin. Is spás riachtanach é Seomra na Gaeilge do na cainteoirí Gaeilge ar fad sa choláiste. Ba chóir go mbeadh chuile dhuine in ann teacht air go héasca. Ar mhaithe le comhionannas, ní mór teacht ar réiteach.”

I ráiteas go dtí an University Times dúirt an t-Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn (TCDSU) Gretchen Nic Sheanlaoich go raibh “sár-obair” déanta ag reachtaire an Chumainn Ghaelaigh agus an Oifigeach Gaeilge an Choláiste. D’aitigh sí nach bhfuil “cúrsaí an tseomra go maith in aon chor” agus “go bhfuil sé thar am anois é a réiteach.”

Ag an am céanna gur seoladh an feachtas seo, fuair Comhchumann Cumais na Tríonóide (Co_op) maoiniú de €4,800 chun cabhrú le rochtain agus uileghabhálacht a chur chun cinn i measc na gcumann éagsúla ar champas. Oibreoidh siad i bpáirt le Seirbhísí Míchumais na Tríonóide chun é seo a chur i gcrích.

Is spás é Seomra na Gaeilge do phobal Gaeilge na Tríonóide chun teacht le chéile. Osclaíodh Seomra na Gaeilge i bhfoirgneamh an Phroinntí den chéad uair in 2012. Le hos cionn 550 ball cláraithe leis an gCumann Gaelach, is mó an úsáid a bhfaigheann an seomra le haghaidh imeachtaí éagsúla nó do chupán tae agus caife.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.