News
May 22, 2021

Cumann Gaelach na Tríonóide Fógartha mar an an gCumann Gaelach is Fearr sa Tír

Bronnadh €10,000 san iomlán ar na cumainn Ghaelacha is fearr sa tír.

Siothrún SardinaScríbhneoir Cúnta
blank
Alex Connolly for The University Times

Bhuaigh an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide comórtas Glór na nGael don Chumann Gaelach is fearr sa tír i mbliana.

Mar gheall ar an mbua tugadh duais de €3,000 don Chumann agus beidh an t-airgead sin ar fáil don Chumann an bhliain acadúil seo chugainn. Fógraíodh an scéal ar an gclár RTÉ Raidió na Gaeltachta Bladhaire.

I ráiteas le The University Times dúirt Ciara Ní Mhurchú, reachtaire an Chumainn Ghaelaigh na bliana seo : “Is mór an onóir í an chéad duais a bhuachaint sa chomórtas agus is cinnte go bhfuil muid ar fad chomh chomh sásta.”

ADVERTISEMENT

“Go pearsanta, caithfidh mé mo mhíle buíochas a ghabháil don choiste ar fad a d’oibrigh go crua le linn na bliana chun saol agus pobal na Gaeilge a chur ar líne. Agus ar ndóigh, táim chomh buíoch as na baill ar fad a d’fhreastal ar na himeachtaí agus a d’fhan linn!” a dúirt sí.

Ag aithint deacrachtaí na paindéime dúirt Ní Mhurchú: “Ba bhliain dhifriúil í ach d’éirigh linn bualadh leis an méid sin cairde nua, imeachtaí éagsúla a dhéanamh agus feachtais a reáchtáil agus bhain mé an méid sin sult as!”

I measc léir mór aoichainteoirí agus díospóireachtaí i rith na bliana, d’eagraigh an Cumann Gaelach Éigse na Tríonóide agus feachtas rochtain Sheomra na Gaeilge.

Bhain Cumann Gaelach Ollscoill na hÉirinn, Gaillimh an dara gradam is airde amach a thuill €2,000 dó. Tháinig Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh sa tríú háit agus bronnadh €1,500 orthu. Bronnadh €10,000 san iomlán ar chumainn Ghaelacha trasna na tíre.

In alt ó Tuairisc dúirt Úna Ní Chonaire, ceann de na moltóirí don chomórtas, gur léirigh na cumainn a ghlac páirt sa chomórtas “cruthaitheacht agus samhlaíocht iontach i mbliain a bhí deacair.”

Mar chuid den chomórtas tugadh aitheantas freisin do dhá chumann i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Bronnadh €750 agus “Duais Aitheantais ar Fhorbairt in Ainneoin Covid/ar Láimhseáil na Paindéime” ar an gCumann Drámaíochta agus bronnadh an suim chéanna ar An Chuallacht do “Dhuais Aitheantais ar Obair Mheabhairshláinte”.

Thairis sin, fuair Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona “Duais Tras-Teorann” agus fuair Cuallacht na Gaeilge ag Ollscoil Mhá Nuad “Duais Tras-Phobail” ó Ghlór na nGael.

Is eagraíocht é Glór na nGael a chuireann an Ghaeilge chun cinn i bpobal timpeall na hÉireann agus a thugann aitheantais do ghrúpaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.