News
Sep 27, 2021

Fógraínn Oifig an Phropaist Ciste ar son Gníomhaíochas Aeráide

Beidh ciste nua ar fáil don tionscadal gníomhaíochas aeráide is fearr.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge
blank
Alex Connolly for The University Times

D’fhógair an Propast Linda Doyle ciste nua ar son gníomhaíochas aeráide inniu. Beidh mic léinn agus ollaimh in ann tionscadal aeráide a mholadh, agus beidh idir mhic léinn agus ollaimh in ann vóta a chaitheamh ar son an ceann is fearr. Beidh maoiniú curtha ar fáil don cheann is fearr ann de réir ná vótaí.

I ríomhphost de chuid an Phropaist, léirigh sí go raibh tairiscint “suas go €5,000 [ar fáil] mar mhaoiniú ar an tionscadal Gníomhaíochas Aeráide (UN SDG uimh. 13) is fearr de chuid mac léinn nó ollamh”.

“Tá an ciste curtha ar fáil chun aird a thabhairt ar an gcruinniú COP 26 a bheidh ar siúl idir an 31ú lá de mhí Dheireadh Fómhair agus an 12ú de mhí na Samhna in Albain.”

ADVERTISEMENT

“Glactar le hiarratais go 8ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Beidh na hiarratais is fearr acu roghnaithe agus curtha roimh mhic léinn agus roimh ollaimh chun seans a thabhairt dóibh vótáil [ar líne].”

Beidh an córas vótála ar oscailt idir 25ú agus 29ú de mhí Dheireadh Fómhair, agus beidh an ciste curtha ar fáil don bhuaiteoir an gcéad lá de mhí na Samhna.

Dúirt an Propast go raibh an tionscadal seo mar chuid de thionscadal an Choláiste cúrsaí aeráide a chur chun cinn, cosúil lena vóta le déanaí bláthanna bundúchasacha a chur i bhFaiche an Choláiste.

Tagann an fógra seo tar éis don Phropast a fhógairt an tseachtain seo caite go raibh sí chun airgid an Choláiste a aistriú go ciste nua nach raibh breoslaí iontaise ann. Roimhe sin, bhí roinnt airgid fós ag an Tríonóid i mbreoslaí iontaise, in ainneoin gealltanais 2016 dífheistiú a dhéanamh uathu.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.