News
Sep 30, 2021

SEAS 2021: Conradh na Gaeilge agus USI ag stocaireacht ar son na Gaeilge

Bhí an tionscadal stocaireachta SEAS don bhliain 2021 ar siúl inniu.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Chuir Conradh na Gaeilge tús lena imeacht stocaireachta Seisiún Eolais agus Spreagtha (SEAS) inné i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus eagraíochtaí Gaeilge eile. Bíonn Conradh na Gaeilge agus USI ag obair as lámh a chéile chun dul i dteagmháil le polaiteoirí agus iad a spreagadh chun obair ar son na teanga.

Bhí grúpaí mac léinn – ó Chumainn Ghaelacha agus ón USI– páirteach san imeacht. Labhair siad leis na Teachtaí Dála faoina féidir leo a dhéanamh ar son na teanga, cibé ról atá acu.

Ag labhairt le The University Times dúirt Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir tríú -leibhéal ag Conradh na Gaeilge, go bhfuil SEAS ann “le deis a thabhairt…do mhic léinn dul bhfeidhm le polaiteoirí na tíre.”

ADVERTISEMENT

“Is rud amháin ríomhphost a sheoladh chuig do TD áitiúil,” a dúirt sé, ach tá SEAS “ag iarraidh [ar ghach TD] níos mo a dhéanamh ar thaobh cibé ról atá aige.”

I mbliana, bhí SEAS ar siúl ar líne, mar a bhí anuraidh. “[Tá sé] níos fusa [ar pholaiteoirí] teacht isteach,” a dúirt Mac Grianna.

Sheol Conradh na Gaeilge clár amanna chuig na cumainn ghaelacha le liosta na dTeachtaí Dála páirteach i SEAS. Ghlac Cumann Gaelach de chuid Coláiste na Tríonóide ag glacadh páirt inniu.

Ag labhairt le The University Times dúirt Rebecca Coxon, reachtaire an Chumainn Gaelaigh i gColáiste na Tríonóide, “sheolamar an liosta sin do ghach duine ar an gcoiste agus dár mbaill gur féidir linn dul i dteagmháil leo”

“Thug muid cuireadh dóibh … cruinniú a bheith acu lena Teachta Dála áitiúil,” a dúirt sí.

De réir shuíomh Chonradh na Gaeilge, tá na hócáidí SEAS “á eagrú ó thuaidh agus ó dheas gach bliain chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun tosaigh le polaiteoirí ar fud an oileáin.”

Inné, bhí deis ag baill Chonradh na Gaeilge agus ag mic léinn de chuid na gcumann gaelacha bualadh isteach agus labhairt leis na polaiteoirí.

Bíonn Conradh na Gaeilge agus USI ag obair le chéile go minic. Oibríonn siad chun cabhrú le Cumainn Gaelacha ar fud na tíre, ar leas na Gaeilge sna coláistí agus sa mhórshaol.

“Anseo sa Chonradh díríonn muidne [ar] na hacmhainne a chur ar fáil” a dúirt Mac Grianna.

“Cuirimid [Conradh an Gaeilge agus USI] traenáil ar fáil gach bliain [do] dhaoine atá ag obair le cumainn Ghaeilge sna coláistí.”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.