News
Oct 26, 2021

Taighde de Chuid Conlan ar Chiapadh Gnéis faoi Athbhreithniú ag DCU

Chuir DCU cosc ar rochtain phoiblí ar an taighde agus an t-athbhreithniú ar siúl.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

Chuir Ollscoil Choláiste Bhaile Átha Cliath (DCU) cosc ar rochtain phoiblí ar thaighde an Dr.a Conlan, iar-chaptaein san Arm agus iarrthóir i bhfothodhchán an Seanaid. Dhíríonn an taighde ar mí-úsáid agus ciapadh gnéis sna Fórsaí Armtha, agus tógadh anuas í tar éis do bheirt bhan a rá go bhfuil siad in-aitheanta. De réir a ngearrán, tá an t-eolas beathaisnéise atá curtha leis an tráchtas inúsáide chun iad a aithint, fiú go raibh a n-ainm ceilte.

Foilsíodh an tráchtas 21 bliana ó shin. Léiríonn an tráchtas cás na mban sna Fórsaí Armtha, le súil géar ar fhadhbanna ciaptha gnéis agus ar fhoréigean. Seasann DCU fós ar thaobh torthaí an tráchtais, ach bunaíodh an t-athbhreithniú chun athfhéachaint a thabhairt ar ghearrán na mban faoina gcuid príobháideachas.

De réir DCU, rogha amháin atá acu ná an tráchtas a athfhoilsiú gan an t-eolas beathaisnéise a chur san áireamh.

ADVERTISEMENT

Maidir leis an scéal seo, dúirt DCU le The Irish Times “Seasann DCU fós ar son fírinne na hoibre. Tuigtear go bhfuil a chuid eolais an-íogair do roinnt iarbhall agus ball láithreach de na Fórsaí Armtha. Mar sin, agus i gcomhairle le Thomas Conlan, tá DCU tar éis cosc a chur ar rochtain ar an Tráchtas PhD”.

Thug na Fórsaí Armtha buíochas foirmeálta don Dr. Conlan i 2019 as na fadhbanna a bhí faighte aige faoi fhoréigean gnéis sna Fórsaí Armtha sa tráchtas a fhoilsiú.

Tá an Dr. Conlan anois ag rith ar son suíocháin sa Seanad do thoghchán 2021. Ar shuíomh a fheachtais, luann an Dr. Conlan a chuid taighde mar chuid dá fhócas ar an gcomhionannas.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.