Radius
Nov 13, 2021

Plé ar Shaol agus Saothar le Tadhg Mac Dhonnagáin

Beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ag labhairt faoi roinnt leabhar atá scríofa aige, an leabhar is nua aige Madame Lazare ina measc.

Siothrún Sardina Eagarthóir na Gaeilge
blank
Dublin Book Festival

Ar an 14ú Samhain beidh Tadhg Mac Dhonnagáin agus Cathal Póirtéir i dteannta le IMRAM agus Féile Leabhar Átha Cliath chun comhrá a bheith acu ar shaol agus ar shaothar Mhac Dhonnagáin.

San ócáid, a bheidh ar siúl ag 12.30 in, beidh siad araon i seomra le lucht freastala beo ann. Beidh Mac Dhonnagáin ag labhairt leis an scríbhneoir agus craoltóir Póirtéir maidir leis a shaothar.

I ráiteas le The University Times dúirt Mac Dhonnagáin go raibh sé ag súil le labhairt lena leabhar nua, Madame Lazare, ag an ócáid. 

ADVERTISEMENT

“Nuair a bhíonn leabhar nua amuigh agam, sin an uair is mó a bhím páirteach i bhféilte litríochta. Chaith mé cúig bliana ag obair ar Madame Lazare, amach is isteach idir rudaí go léir eile. Is breá liom an deis a fháil bheith ag labhairt faoin leabhar nuair a thagann sé amach, a bheith ag freagairt ceisteanna faoi agus á phlé le daoine a bhfuil sé léite acu,” a dúirt sé.

Anois agus cead roimh ócáidí aghaidh le haghaidh arís, dúirt Mac Dhonnagáin go raibh sé ag súil le himeacht níos pearsanta a dhéanamh.

“Tá mé ag súil go mór leis an gcuairt ar [Bhaile Átha Cliath] agus beidh sé go hálainn imeacht bheo a dhéanamh in aon seomra le lucht féachana den chéad uair le tamall maith de mhíonna,” a dúirt sé.

“Obair aonaránach í an scríbhneoireacht go minic agus bíonn an-sásamh ag baint le toradh na hoibre sin a roinnt leis an bpobal.”

Is scríbhneoir agus amhránaí é Mac Dhonnagáin. Tá an leabhar Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal, an clár teilifíse “AIFRIC”, agus níos déanaí an t-úrscéal Madame Lazare i measc a shaothar.

Is craoltóir agus scríbhneoir é Póirtéir a oibríonn mar Léiritheoir Raidió Sinsearach ag RTÉ. Bíonn sé gníomhach ar thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge de, óna chuid obair leis an “Alliance of Irish Language Writers” go heagarthóireacht le “Irish Imram”.

Tá costas €5 ar thicéid. Tá siad ar fáil tríd Eventbrite. 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.