News
Nov 4, 2021

Plécháipéis ag Diúltú d’Athruithe Molta don Ghaeilge san Ardteist

Tá dhá mhodh eile molta sa phlécháipéis chun athchóiriú a dhéanamh ar an siollabas.

Róise HannanLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Sheol eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta plécháipéis inniu mar fhreagra ar na dréachtsonraíocht a mhol an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) don ábhar Gaeilge don ardteist.

Is iad an Dr Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn údair na plécháipéise don Choiste Oideachais atá á chur le chéile ag Conradh na Gaeilge.

Tá na grúpaí seo ag iarraidh go ndiúltóidh an Taoiseach, an tAire Oideachais agus polaiteoirí eile do mholtaí an CNCM, agus go mbainfidh siad leas as an deis a chuireann an comhairliúchán reatha ar fáil chun “fíor-athchoiriú” maidir le hardteist na Gaeilge a thabhairt isteach a fhreastalaíonn ar gach dalta.

ADVERTISEMENT

I ráiteas, dúirt Uí Uiginn go bhfuil “an-chuid mearbhaill, imní agus feirge mar thoradh” ar an méid atá molta ag an CNCM.

“Creidimid go bhfuil deis anseo an tubaiste féideartha seo a iompú ina dheis iontach a d’fhéadfadh córas níos cothroime don Ghaeilge a bhaint amach a dhéanfadh freastal mar is ceart ar gach mac léinn.”

Tá dhá mhodh molta sa phlécháipéis chun athchóiriú a dhéanamh ar an siollabas.
Faoi “Rogha a hAon” chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal: bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal, agus sárleibhéal. Bheadh rogha ag daltaí i scoileanna Béarla agus i ngaelscoileanna scrúdú ag an sárleibhéal a dhéanamh agus bheadh pointí breise CAO ar fáil do dhaltaí a roghnaíonn an scrúdú seo.

Faoi “Rogha a Dó”, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag trí leibhéal: bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal agus bheadh “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” le forbairt mar ábhar nua. Bheadh an rogha ag daltaí an t-ábhar seo a dhéanamh, mar an gcéanna leis an chóras don Mhata Feidhmeach agus bheadh pointí breise CAO ar fáil don ábhar seo chomh maith.
Tá Julian de Spáinn ag moladh do dhaoine páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán an CNCM, atá ar oscailt go dtí an 30 Samhain.

An Feabhra seo caite, Mhol an CNCM an córas T1 agus T2 mar chuid den chomhairliúchán reatha. De réir na moltaí sin, d’fhreastalódh sonraíocht T1 ar dhaltaí gaelscoile agus Gaeltachta, agus d’fhreastalódh sonraíocht T2 ar dhaltaí ó scoileanna Béarla.

Mar fhreagra air sin, shínigh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus Conradh na Gaeilge, i measc aon ghrúpa déag eile, litir ag iarraidh an comhairliúchán a chur ar athló go dtí go mbeadh tuilleadh plé agus eolais ar fáil maidir le héifeacht an chórais nua.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.