Radius
Dec 15, 2021

Tionscadal an tSneachta: Bua Fhilíocht na Gaeilge

Bailiúchán de dhánta is d’fhilíochta a bhí ann, iad go leor dírithe ar théama amháin: sneachta an gheimhridh

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

Ag “Tionscadal an tSneachta”, féile filíochta de chuid IMRAM inné. Bailiúchán de dhánta is d’fhilíochta a bhí ann, iad go leor dírithe ar théama amháin: sneachta an gheimhridh. IsIs iad Mícheál Ó hAodha, Helen Ivory, agus Gabriel Rosenstock a bhí ag léamh filíochta ag an bhféile.

B’aisteach an rud a bhí ann ar thaobh amháin. Bhí an rud ar fad ar líne cinnte de bharr na gcásanna, agus i gcomhthéacs mar sin tá sé ró-éasca gan mórán d’aitmaisféar a bheith ann. Fiú go bhfuil cuid beag d’fhuacht an gheimhridh blasta againn i mBaile Átha Cliath, níl a leithéid de sneachta tar éis bualadh linn. Ar an gcéad dul síos, mhothaigh mé ar nós go raibh mé ag breathnú isteach ó i bhfad.

Séard a chur suntas orm ná gur tharraing sé isteach go bonn láithreach mé. Bhí ceol bog réidh ag sainm sa chúlra acu, rud nár thug mé faoi ndeara go raibh sé ann go dtí gur stop sé chun béim a leagan ar deireadh dáin nó ar nóiméad smaointe.

ADVERTISEMENT

Agus ón síor-athrú bog sna físeáin ab acu, bhí cume nádúrtha ann, sa chaoi go raibh mé in ann cuid den domhan fuar lán-sneachta sin a áireachtáil. Idir calóga sneachta ag séideadh i leoithne fíorúil agus an ceol ciúin binn, bhí cuma fhíor air nach raibh mé ag súil leis.

Agus sin gan trácht an an fhilíocht féin. D’oirr an t-aitmaisféar álainn sin go néata le gach focal a bhí ráite, le gach íomhá a chur na dánta isteach i m’intinn agus le gach athrú a tháinig ar a scéal.

Ag tús an rud, cheap mé féin go rabh mé ag breathnú isteach i rud i bhfad i gcéin, gan mothúchán ach tuiscint éigin. Ach níor mhair sé sin i bhfad; tar éis cúpla nóiméad is istigh sa domhain sin a bhí mé.

Bua filíochta a bhí ann – bua a bhí níos fearr fós toisc gur bhuaigh se chomh láidir gan ach scáileán agus callaire lena taispeáint.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.