Radius
Feb 6, 2022

An Propast, na Trinitones, agus Ciara Ní É: Seachtain na hÉigse Mhór le Teacht

Tosóidh Seachtain na hÉigse lán le hócáidí cultúrtha agus teanga ar an Luan.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

Is comhoibriú idir an Cumann Gaelach, Oifigeach na Gaeilge de chuid Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) i dtaca leis an Scéim Chónaithe agus le hOifigeach na Gaeilge sa Choláiste, í Seachtain na hÉigse.

Séard atá i gceist léi ná seachtain mhór cheiliúrtha ar an gcultúir, ar an gceol, agus ar an nGaeilge sa Tríonóid. Anois agus an saol normálta ag druidim linn arís, táthar ag súil le go leor imeachtaí mór i bpearsa chomh maith le cinn ar líne.

Ag labhairt faoin athrú seo le The University Times, dúirt Rebecca Coxon, Reachtaire an Chumainn Gaelaigh: “Ar ndóigh an difir is mó atá le feiceáil i mbliana ná go bhfuil muid ar ais san fhíorshaol!”

ADVERTISEMENT

Tar éis dhá bhliana, cuirfear tús bríomhar le Seachtain na hÉigse arís Dé Luain. An chéad mhórimeacht atá pleanáilte ná Seoladh na hÉigse ag 6in. Beidh an Propast Linda Doyle i láthair, chomh maith leis an Dr. Eoin Mac Cárthaigh ó Roinn na Gaeilge sa Tríonóid.

Ag labhairt leis The University Times dúirt Clíodhna Nic Gafraidh, leas-reachtaire an Chumainn Gaelaigh: “Gan dabht, cuirfidh Seoladh na hÉigse tús fiúntach leis an seachtain. Táimid thar a bheith buíoch go mbeidh an Propast, Linda Doyle, linn ar an oíche le cúpla focal a rá.”

Dúirt Aislinn Ní Dhomhnaill, Oifigeach na Gaeilge TCDSU, le The University Times go raibh sí “ag súil go mór le Seoladh na hÉigse.”

Ach de réir Nic Grafraidh agus Coxon, is é Cúirt na hÉigse an rud is mó atáthar ag súil leis.

“Beidh sé iontach Cúirt Éigse a chur ar siúl i bpearsan arís gan a bheith buartha faoi fhadhbanna teicniúla agus daoine ag casadh ceoil” a dúirt Coxon.

Bhí an radharc céanna ag Nic Gafraidh “Beidh neart aíonna speisialta againn ann, ó na Trinitones go dtí Ciara Ní É! Is deis iontach é na dána a chuir chun cinn agus oíche álainn a bhíonn ann i gcónaí!” a dúirt sí.

Ina dteannta sin, tá imeacht mhór úrnua ar an glár: Gaelchara.

“Beimid ag seoladh feachtas nua i rith Seachtain na hÉigse ar an Máirt – Gaelchara. Is gníomh é seo i dteannta le hOllscoil Connecticut (CT), chun “cara pinn” a mheaitseáil do dhaoine de chaighdeán éagsúla”, a léirigh Nic Gafraidh.

“Beidh deis ag muintir an Chumainn Gaelaigh CT agus muintir an Chumainn Gaelaigh TCD teacht le chéile agus bualadh le daoine nua trí Ghaeilge”.

Dóibh siúd le suim sa cheardaíocht, beidh ócáid déanta Crosa Bríde le teacht Dé Céadaoin ag 1in.

Déardaoin beidh Pop-Up Gaeltacht ann i Seomra na Gaeilge ag 10.30rn, le Aifreann ina dhiaidh ag 1in. Tar a éis sin, beidh ceardlann Mainninis ar siúl ar líne.

Dé hAoine, táimid ag súil le “Éalú na hÉigse” ag 1in – imeacht cosúil le Jailbreak a bheidh ann, ach ar champas na Tríonóide amháin.

De réir Coxon: “Beidh go leor imeachtaí ar siúl againn agus is cinnte go bhfuil rud ann do gach duine.”

Agus, de réir mar atá curtha in áirithe, is dócha gur díreach mar sin a bheidh sé.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.