Radius
Feb 23, 2022

Scannán trí Ghaeilge ag cur tús leis an Dublin International Film Festival

Beidh an fhéile á reachtáil san fhíoshaol den chéad uair le dhá bhliain.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

An bhliain seo ag an Dublin International Film Festival – féile mór scannánaíochta a chuirtear ar fáil i mBaile Átha Cliath é – beidh scannán Gaeilge i lár na stáitse agus é ag cur tús leis an bhféile ar fad. An scannán atá ann ná An Cailín Ciúin, scannán a léiríonn scéal chailín óg agus ise ag dul isteach i dteach nua le tuismitheoirí altrama.

Fiú gurb é seo an chéad uair a bheidh ,An Cailín Ciúin curtha taispeánta ag féile i mBaile Átha Cliath, ní hé an chéad féile a raibh sé aige. Ag an Berlin Film Festival – féile scannánaíochta an-cháiliúil de chuid na Gearmáine – bhuaigh sé duais mar an scannán is fearr ann.

An dá bhliain seo caite, reáchtáileadh an féile scannánaíochta ar líne de bharr na paindéime, agus anois agus deis acu an féile a chur ar fáil i bpearsa arís, is ócáid mhór a bheas ann. De réir shuíomh na féile, beidh an féile á reáchtáil ar bhonn hibrideach i mbliana, le deis ag lucht féachana páirt a ghlacadh ar líne freisin, cé go mbeidh chuid mhór de bunaithe ar imeachtaí i bpearsa.

ADVERTISEMENT

Mar sin féin, tuigtear go bhfuil an-tábhacht leis an scannán foirfe a roghnú don chéad léiriú.

Ach ag labhairt le Gráinne Humphreys, stiúrthóir na féile, dúirt sí :“Ní fhéadfainn smaoineamh ar túis ní b’fhearr ná díriú isteach ar scannán cosúil leis An Cailín Ciúin.”

“I ndáiríre tugann sé saghas misnigh agus dóchas duit faoi stádas thallann aisteoireachta na Gaeilge sa lá atá inniu ann,” a léirigh sí.

Agus tar éis an dá bhliain, is dóchas agus misneach é sin atá de dhíth orainn.

Tagann an scannán An Cailín Ciúin amach bliain tar éis Arracht, scannán Gaeilge eile a raibh an-cháil air.

“Tá scannán na Gaeilge ag teacht amach rialta go leor anois go bhfuil cáil ag éirí ann,” a dúirt Humphreys.

“Tá a lán suime ann i scannánaíocht na Gaeilge. Bhíodh na scannáin ceangailte trí théamaí nó tríd an teanga amháin, tá rud ann gur rud an-spreagúil é” a dúirt sí.

Dá réir, is “seánra beag nua” atá ann i scannánaíochta na Gaeilge – seánra a bhí ag fás e píosa agus atá ag éirí níos cáiliúla leis na mblianta.

Mar sin, céard atá le teacht an bhféile scannánaíochta? Ar thaobh amháin, fadscannán nua na Gaeilge i lár an aonaigh, scannán a bhfuil an-cháil air cheana de bharr féile scannánaíochta na Beirlíne.

Ach ní shin an t-aon rud a bheas ann. Leis an stair s’againne na blianta beaga ó shin – go speisialta ar thaobh drámaí agus scannáin na Gaeilge de – feictear An Cailín Ciúin mar chuid lárnach de ghluaisteacht na Gaeilge.

Más é gur seánra nua atá ann, is seánra a bhí ag teacht le fada é – agus ceann a bheas cuma gan locht air sa scannán seo.

Mar a dúirt Humphreys, “Sílim go bhfuil an chuid is fearr – dar liom – fós le teacht” agus an scannán á léiriú ar oíche na hoscailte.

De réir gach rian atá ann maidir leis an scannán seo, gach seans go bhfuil an ceart aici.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.