Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 24, 2022

Níor Cheart go mBeadh ar Éinne i TCDSU Obair go Lán-Aimseartha Gan Phá

Cuireadh achainí amach chun reifreann a reáchtáil ar phost eagarthóra The University Times a chur ina phost deonach.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is obair fhada chrua atá ann i bpost eagarthóir The University Times: i measc rudaí eile, bíonn an té atá sa ról i gcónaí ag breathnú amach i gcomhair nuachta úire agus obair thar oíche ag leagan amach an pháipéir, agus láimhseáil suas go 70 duine.

Is de bharr an struchtúr lán-aimseartha seo a bhíonn an nuachtán ag feidhmiú i gceart: gan ról dírithe ar láimhseáil an nuachtáin, ní bheadh The University Times in ann leanúint ar aghaidh leis an gcruth atá air anois.

Cén fáth a chuireann seo seo imní orainn?

ADVERTISEMENT

Is acmhainn tábhachtach é The University Times a bhíonn ag cinntiú freagrachta do cheannairí an Choláiste, ag cur brú orthu a bheith níos fearr. Is áit ina mbíonn spás ann do clubanna spóirt a chuid oibre a thaispeáint go forleathan. Fuair an nuachtán seo amach i mbliana gur theip ar an Tríonóid dífheistiú ó thionscal na mbreoslaí iontaise – rud a chur brú ar an gColáiste a chuid infheistíochtaí a aistriú go hinnéacs nua. Chuireamar béim ar iarrachtaí an léachtlann Schrödinger a athainmniú – agus athainmniú tapa na léachtlainne a bhí mar thoradh air sin. Thugamar léargas ar dhá chonspóid mhór na bliana – an fhadhb le Páirc an Choláiste agus dúnadh an Áiléir Eolaíochta.

Níor fhéadfar a leithéid sin dá mbeadh ar an eagarthóir post eile a fháil chun airgead a thuilleadh. Is obair dhian agus íobairt phearsanta a bhíonn i gceist leis. Níl seans ar bith ann go mbeadh duine in ann sin uile a dhéanamh saor in aisce.

Cuireadh amach achainí an tseachtain seo ag iarraidh post an eagarthóra a chur ina phost deonach agus gan phá. Ní raibh ciall láidir leis: deir an achainí gur ceart – de réir “imeachtaí le déanaí – gur cheart “nuachtán deonach” a dhéanamh de The University Times, cé go deir sé freisin go bhfuil obair thábhachtach á déanamh ag an nuachtán.

Thairis sin, téann an smaoineamh seo obair a chur ar duine gan phí díreach in aghaidh bunphrionsabal Aontas Mac Léinn na Tríonóide (TCDSU) – gur cheart pá cothrom a thabhairt i gcoinne oibre. Vótáil a Chomhairle le déanaí pá inmhaireachtála a thabhairt baill foirne de chuid an Aontais – an cúigear ceannairí agus eagarthóir University Times ina measc. Tá mandáid ar TCDSU chur i gcoinne intéirneachtaí gan phá freisin. In áiteanna eile ar campas, tá Club Lúthchleasa an Choláiste (DUCAC) tar éis éirí ina phost le pá don chéad uair.

Pé radharc a bhíonn ag daoine i leith The University Times, cinnte go n-aontaíonn gach duine nár cheart go mbeadh duine óg obair go crua i rith bliana gan phá. Sin, ar deireadh thall, a bheadh i gceist le baint amach pá an eagarthóra – agus níl sé de réir an cáineadh atá curtha in aghaidh an nuachtáin anois.