Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 17, 2022

Tá ar Coláistí Cuidiú a Thabhairt do Mhuintir na hÚcráine, ach Ní Mór don Rialtas Tacú Leo

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go mbeidh táille AE ag mic léinn de chuid na hÚcráine agus iad in Éirinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar ndóigh chruthaigh an chéad ionradh san Eoraip ón mbliain 1945 scaoll agus trua ar an mór-roinn agus sa tír seo. Go dtí seo, cuireadh fáilte roimh 5,500 teifigh ón Úcráin agus tá gníomh gasta an rialtais le moladh .

Dhearbhaigh an tAire Ardoideachais Simon Harris go mbeidh mic léinn a thagann go hÉireann ón Úcráin i dteideal táillí AE agus go mbeidh fail acu ar dheontais nach mbíonn ar fáil de ghnáth ag náisiúnaigh neamh-AE. Is beart suntasach é seo. Tá dualgas orainn mar thír saibhir agus sábháilte ár n-acmhainní a roinnt le daoine neamhchiontacha atá i mbaol.

Cé go bhfuil rún Harris maidir le mic léinn na hÚcráine le moladh, níl sé cothrom ach oiread a bheith ag súil go mbeidh coláistí ábalta spásanna a fháscadh i bhfaiteadh na súl – dá mhéad an fonn a bheadh orthu. Go díreach ar maidin, léiríonn na ríomhphoist inmheánacha a foilsíodh ar maidin easpa cur chuige comhtháite idir coláistí agus an rialtas. Agus níos luaithe sa bhliain rinne Cumann Ollscoileanna na hÉireann cáineadh ar an bhfógra a rinneadh maidir le 4,600 spásanna breise chun dul i ngleic le gráid boilscithe mar gheall ar torthaí tuartha – mar, cé go raibh géarghá leis na háiteanna seo, bhí an dualgas ar choláistí iad a chur ar fáil.

ADVERTISEMENT

Cinnte, ba cheart go mbeidh fáilte curtha roimh mhic léinn na hÚcráine i gcoláistí na hÉireann, ach mura bhfuil na hacmhainní ann, beidh plean Harris ina tromluí ó thaobh maorlathais de do choláistí – rud nach bhfuil ina chuidiú mhór dóibh siúd atá ag éalú ón gcogadh.

Tá ollscoileanna go fóill ábalta cuidiú a thabhairt, áfach. Bhí imeachtaí múscailt feasachta ag baint le freagra an phropaist Linda Doyle ag gabháil le fíorghníomh; cuidiú do mhic léinn Choláiste na Tríonóide sa Rúis chun filleadh abhaile go sábháilte agus crannchur a eagrú ar son Cros Dhearg na hÉireann.

D’áitigh an Bord Eagarthóireachta seo cheana ná má bhíonn Coláiste na Tríonóide ag maíomh as an áit atá aige ar an ardán domhanda mar ceannródaí sa taighde, tá dualgas air ní hamháin dhlúthpháirtíocht a léiriú le mic léinn idirnáisiúnta agus géarchéim ar siúl. Ach sa deireadh braitheann cumas an choláiste maidir le mic léinn breise a thabhairt isteach ar acmhainní breise. Ní mór don rialtas tacaíocht a thabhairt d’ollscoileanna san éacht seo agus gan brú eile a chur orthu.