Radius
Mar 20, 2024

Na Peirsigh – Tragóid Ghréagach de Chuid Aeschylus ar Siúl as Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Cruthaíonn stiurthóir Conor Hanratty léiriú coscrach den dráma is sine san Eoraip, trí mheán na Gaeilge, ceann de na teangacha is sine ar domhain.

Abigail MoriartyEagarthóir Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lánseol i mBaile Átha Cliath agus tá an méid sin imeachtaí ann chun do chuid Gaeilge a spreagadh. Ina measc, tá Na Peirsigh, tragóid de chuid Aeschylus, astraithe ag an bhfile mór le rá Nuala Ní Dhomhnaill, ar siúlar Stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach. 

Ba mhór an ócáid ab ea an drámaíocht le linn tréimhse na Sean-Ghréige, agus is fíor é a rá go bhfuil lucht na hamharclainne i mBaile Átha Cliath ag baint fíorthaitnimh as an léiriúchán seo de Na Peirsigh. Tá clú agus cáil ar dhrámaíocht na Sean-Ghréige mar gheall ar an tslí a théann sí i ngleic le téamaí difriúla, téamaí ar nós cogadh, bás, agus caillteanas, chun ach roinnt a lua. Le linn tréimhse de nócha nóiméad, téann lucht an tseó i ngleic leis na téamaí seo i mbealach tochtmhar.

Insíonn Na Peirsigh scéal an chatha idir an Ghréig agus na Peirsigh sa bhliain 480 Roimh Chríost. Insíonn Aeschylus an scéal ó thaobh na bPeirseach, fiú go raibh sé féin ag troid ar son na Gréige. Tá an dráma suite sa Pheirs, sa phríomhchathair. Glacann cór an dráma post na gcomhairleoirí ríoga. Leis an Rí Xerxes (Naoise Mac Cathmhaoil) imithe ar mhisean cogaidh go dtí an Ghréig, tugann siad comhairle don Ríonmháthair Atossa (Caitríona Ní Mhurchú) agus í ag cur in iúl a himní faoin bhfeachtas cogaidh. Braitheann an lucht féachana a himní ag dul in olcas. Tagann teachtaire (Timmy Creed) ar an bhfód agus deimhnítear a faitíos. Faigheann an lucht féachana léargas soiléir ar chaoineadh na bPeirseach. 

ADVERTISEMENT

Ag uaigh fir céile Atossa, gaireann na comhairleoirí spiorad an Rí mhairbh, Darius (Séamus Moran). Cáineann Darius sotal a mhic agus treascairt na bPeirseach. Ansin, tagann Xerxes ar an bhfód, agus é ag caitheamh giobal. Baineann an chuid eile den dráma lena scéalaíocht. Cuireann sé imeachtaí an chatha in iúl trí amhrán coscrach. Lena hamhránaíocht ar an sean-nós, cuireann Mac Cathmhaoil le hochón na bPeirseach i mbealach scáfar. Agus é agus na comhairleoirí ríoga ag cásamh caillteanas an chogaidh, tagann an dráma chun deiridh. Fágtar an lucht féachana follamh mar gheall ar lagmhisneach na bPearsach. 

Cuireann stiurthóir Conor Hanratty agus a fhoireann leis an tragóid léanmhar. Cruthaíonn Maree Kearns, an té i gcumhacht ar an dearadh seit, radharc adhfhuafar. Mar gheall ar obair Paul Keogan, an té i gceannas ar an dearadh soilsithe, caitear scáthanna diamhra timpeall an stáitse. Caitheann na coinnle ar lasadh ar an stáitse scáthanna bagracha ar aghaidheanna na foirne aisteoirí. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag feistis sa dhráma. Úsáideann Joan O’Clery, an té i gcumhacht ar an dearadh feistis, éadaí go héifeachtach chun cinniúnt na bPeirseach a chur in iúl dúinn. Feicimid saibhreas an ríochais le feisteas na Ríonmháthar Atossa. Tá róbaí sómasacha agus seoldra galánta á cháitheamh aici. Le cúrsaí ag dul in olcas, feicimid saibhreas an ríochais ag laghdú le dóigh a n-éadaí. Nuair a fhileann an Rí Xerxes, níl ach giobail á chaitheamh aige. Léiríonn a éadaí millte a chinniúnt. Sáraíonn an íomhá seo an teanga, agus tuigtear olagón na bPeirseach go soiléir. 

Chomh maith leis an scéalaíocht amhairc, cuirtear fotheidil Béarla ar fáil os cionn an stáitse, ionas go mbeidh teacht níos éasca ag daoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu ar an scéal. Is bealach dearfach é seo chun daoine a mhealladh i dtreo na drámaíochta Gaelaí.In ainneoin seo, tá sé éasca neamhaird a thabhairt ar na fotheidil muna bhfuil siad ag teastáil uait. Éiríonn leis an mbealach seo freastal ar réimse leathan Gaeilge. 

I ndiaidh an tseó, cuireadh soláistí ar fáil saor in aisce i mBéar na Péacóige. Bhí comhrá spreagúil le cloisteáil ann as Gaeilge agus as Béarla. B’iontach an ní é pobal Gaelach chomh beomar agus chomh tógtha sin leis an drámaíocht i gcroílár Bhaile Átha Cliath a fheiscint. Leis an amharclann lán go doras, is dócha go bhfuil todhchaí maith i ndán don téatar Gaeilge. 

Tá Amharclann na Mainistreach ag taispeáint Na Peirsigh ón 6ú Márta go dtí an 6ú Aibreán mar chuid d’fhéile Naomh Pádraig 2024. Tá ticéidí ar fáil ar líne, le lascaine do mhic léinn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.