Nov 21, 2025

An Néara-Éagsúlacht: Mistéir Mhór an Lae Inniu

Cuireann Liam Ó Callaráin agallamh ar Dr. Christina Kini-Seery le dearcadh shaineolaí a fháil ar an ábhar.

Liam Ó CallaráinLeas-Eagarthóir Chultúr Gaeilge
blank

Le blianta beaga anuas tá an néara-éagsúlacht tagtha chun cinn go mór mar ábhar cainte don phobal, ach go háirithe i gcomhphobail an oideachais cosúil lenár gceann féin anseo sa gcoláiste. Ach le teacht an díospóireachta seo, tá mífháisnéis is míthuiscintí tagtha lena chois. Mar sin, bheartaigh Liam Ó Callaráin dul i dteagmháil le saineolaí ar an ábhar, Dr. Christina Kini-Seery, atá anois ag obair ar bhonn taighde le UCD, le dearcadh oilte a fháil air, is le hiarracht a dhéanamh chun roinnt seachmall coitianta a réabadh orainn. 

“Cad is cúis leis an bhfás mór millteach seo sa suim atá á léiriú ann, an dóigh leat?” 

“Go dtí seo, bhí tuiscint teoranta againn ar cé ar tugadh diagnóis dóibh de bharr cúpla fáth – tá na critéir fáthmheasa bunaithe ar bhuachaillí meánaicme agus mar sin, níor thuig muid go maith cén chuma a bheadh ar an uathachas, Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta (NHEA nó ADHD as Béarla) i ngrúpaí éagsúla cosúil le cailíní, daoine de dhath, nó fiú mná agus fir fásta. Chomh maith leis sin, is minic go mbíonn fadhbanna mheabhairshláinte ag duine in éineacht le huathachas, NHEA agus néara-éagsúlacht éagsúla. Mar sin, caitheann na fadhbanna mheabhairshláinte scáil ar an néara-éagsúlacht agus níor fuaireadh diagnóis go dtí seo. Tá diagnóisí ag ardú toisc go bhfuil níos mó tuiscine anois againn. Táimid i mbun próiseas chun teacht suas chomh fada leis an slua nach raibh cúnamh ar fáil dóibh go dtí seo. Léiríonn an taighde seo dúinn go bhfuileamar fós taobh thiar den fhíor-fhigiúr, cé go bhfuil a lán tuairimí go bhfuil ródhiagnóis ag tarlú.” 

ADVERTISEMENT

“Maidir leis an ró-dhiagnóisiú atá ag tarlú, feictear do mhórán daoine go bhfuil na meáin shóisialta mar cheann des na príomhchúiseanna leis an bhfás sofheicthe seo, agus go minic luaitear go bhfuil an-chuid daoine ag tabhairt diagnóis dóibh féin mar cháineadh. An dóigh leat gur droch-rud é seo, nó an bhfearann tú fáilte roimhe mar athrú meoin riachtanach?” 

“Táimse den tuairim gur rud iontach é go bhfuil fás i bhféinfheasacht tarluithe de bharr na meáin shóisialta, ach tá dúshláin leis. Tá a fhios againn go bhfuil a lán mífhaisnéis á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus léiríonn taighde go bhfuil níos mó ná leath de fhiseáin TikTok mícheart faoin NHEA agus uathachas. Mar gheall ar an mífhaisnéis agus ar dhaoine ag tabhairt diagnóis mícheart dóibh féin, tá na liostaí feithimh ag dul in olcas, agus beidh ar dhaoine a bhfuil ag streachailt fanacht níos fada arís.” 

“Labhair linn faoin meon i measc an phobail atá i mbun taighde ar an dtopac seo. Cad iad na réimsí taighde is gníomhaí? Agus an bhfuil aon cheist ar leith ann nach bhfuil á iniúchadh a dhóthain go fóill, dar leatsa?” 

“Le déanaí, tá fás i suim phobal na heolaíochta i neamhoird chomhghalracha a thagann le néara-éagsúlacht, cosúil le breoiteacht ainsealacha (tá siondróm tuirse ainsealaí níos coitianta i ndaoine le huathachas, mar shampla) agus fadhbanna mheabhairshláinte eile. Ceaptar go bhfuil NHEA ag duine as gach cúigear a bhfuil ag freastail ar sheirbhísí pobail sláinte mearbhaill do dhaoine fásta, ach níl diagnóis acu. Le déanaí, tá pobal na heolaíochta ag iarraidh go mbeadh taighde bunaithe ar spriocanna an phobal néara-éagsúlacht, ionas go bhfuil an taighde ag tabhairt tacaíochta agus ag feabhsú a gcuid saolta.” 

“Tá tú féin gafa le taighde dírithe ar eispearais na mban néara-éagsúla ach go háirithe. Cad é ar spreag do shuim ann ar dtús báire, agus cad iad na forbairtí atá tagtha air mar réimse staidéir le blianta beaga anuas? Cad iad na modhanna taighde is úsáidí atá agaibh?” 

“Le déanaí, tá tús curtha le taighde dírithe go hiomlán ar shláinte na mban, agus léirigh iliomad staidéar go bhfuil níos mó deacrachtaí hormónacha ag mná le néara-éagsúlachtaí. Mar shampla, tá leitheadúlacht níos airde de shiondróm réamh-mhíosta chasta ag mná uathacha agus ag mná le NHEA. Chríochnaigh mé mo dhochtúireacht anuraidh, agus ar dtús bhí mé ag obair le ADHD Ireland chun an idirghabháil siceolaíochta, an ‘Understanding and Managing Adult ADHD Programme’ a athchóiriú ionas go raibh sé dírithe ar mhic léinn. Nuair a bhí mé sa phost sin, d’éirigh liom maoiniú a fháil le dhá staidéar cáilíochtúil a dhéanamh ar deireadh míostraithe agus iarthuismeadh i mná le NHEA, le Prof Jessica Bramham in Ollscoil Báile Átha Cliath. Bhí scoláire PhD ag Prof Bramham, Dr Christine Boyd, a d’aimsigh trí thaighde cainníochtúil go bhfeictear dúlagar iarthuismidh agus aimhréidheanna níos mó i rith deireadh míostraithe. I rith an tsamhraidh, ghlac daichead mná le NHEA páirt in agallaimh liom faoi a gcuid taithí lena hormóin, agus is léir go bhfuil níos mó deachrachtaí acu nuair atá siad i mbun luaineachta hormónaí.” 

“Ón staidéar atá déanta agatsa, cén comhairle a thugfá d’éinne ag léamh an ailt seo, idir mhná néara-éagsúla agus daoine a gceapann go bhfuil siad néara-éagsúil?” 

 “Mholfainn dóibh dul chuig suíomhanna ADHD IrelandAsIAmThrivingAutistic chun eolas ceart agus tacaíocht a fháil. Is féidir glacadh páirt in idirghabháil siceolaíochtaí ‘Understanding and Managing Adult ADHD Programme’ do NHEA agus an ‘Discovery Programme’ don uathachas saor in aisce, gan atreorú ó proifisiúnaigh leighis agus gan diagnóis foirmeálta. Chomh maith leis sin, tá súil agam go bhfuil éinne atá ag ceistiú an bhfuil néara-éagsúlachtaí acu in ann féin-atrua a thaispeáint dóibh féin.” 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.