Topaic conspóideach a bhíonn sa bhuiséad gach aon bliain mar go bhfuil éifeachtaí móra aige do mhuintir na tíre, ach ní tasc éasca é a chur le chéile in aon chor. D’fhoilsigh rialtas na hÉireann an buiséad don bhliain 2026 ar an seachtú lá de Dheireadh Fómhar. San alt seo, pléifidh mé éifeachtaí an bhuiséid ar mhic léinn. Ach ar dtús, míneoidh mé cad is buiséad bliantúil ann mar is iomaí dalta nach dtuigeann cad é an buiséad agus go bhfuil impleachtaí aige don tír ar fad.
Forbhreathnú
Is é an buiséad náisiúnta an tsraith bhliantúil cinntí a dhéanann an rialtas maidir le méid an airgid phoiblí a bhaileofar trí chánacha agus ioncam eile, agus méid an airgid sin a chaithfear ar sheirbhísí poiblí agus bonneagar don bhliain atá romhainn. Clúdaíonn sé gach roinn rialtais, gníomhaireacht, comhlacht stáit agus rialtas áitiúil. Ag deireadh gach bliana, cuireann na hAirí na pleananna caiteachais, cánacha agus iasachta i láthair don bhliain seo chugainn.
Caiteachas agus ioncam
Tá dhá phríomhghné i ngach buiséad bliantúil. Tugtar caiteachas agus cánachas orthu. Tagraíonn caiteachas don airgead a chaitheann an rialtas. Tá sé roinnte ina chaiteachas reatha agus ina chaiteachas caipitil. I measc an gcaiteachas reatha ná caiteachas laethúil ag ranna rialtais agus comhlachtaí stáit, mar shampla ar phá, pinsin, earraí agus seirbhísí. Tagraíonn caiteachas caipitil d’infheistíocht i sócmhainní fadtéarmacha ar nós bóithre, ospidéil agus scoileanna. Sa bhliain 2026, is ionann an “caiteachas vótáilte”, arb é an chuid atá ceadaithe ag an Oireachtas, agus thart ar €117.8 billiún.
Ciallaíonn ioncam airgead a bhailíonn an Stát, go príomha trí chánacha ó dhaoine aonarach agus ó ghnólachtaí trí cháin ioncaim, cáin chorparáide, cáin bhreisluacha (CBL) agus ioncam eile. Áirítear go mbeidh an t-ioncam cánach réamh-mheasta do 2026 thart ar: €38.8 billiún i gcáin ioncaim, €34.0 billiún i gcáin chorparáide agus 23.3 billiún i CBL.
Cé atá freagrach as?
Is iad na hAirí Airgeadais agus na hAirí Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitithe na príomhchinnteoirí i mbuiséad náisiúnta sa rialtas. Ullmhaíonn agus cuireann siad an buiséad i láthair. Ansin cuirtear na tograí buiséid faoi bhráid na Dála, déantar díospóireacht orthu, agus achtaítear aon dlíthe riachtanacha chun éifeacht a thabhairt do na hathruithe ar chaiteachas agus ar cháin.
Tá próiseas réamhaisnéise, comhairliúcháin agus monatóireachta míosúla ann freisin roimh an mBuiséad agus ina dhiaidh. Is é sin le rá go bhfuil go leor oibre i gceist chun é a ullmhú. Ní tharlaíonn sé thar oíche.
An tionchar ar dhaltaí triú leibhéal
Tá roinnt gnéithe den bhuiséad nua go mbeidh tionchar díreach acu ar mhic léinn tríú leibhéal.
I measc cuid de na bearta a mbeidh tionchar praiticiúil acu ar mhic léinn tá an €940 milliún atá leithdháilte do sheirbhísí Iompair Phoiblí. Laghdóidh bonneagar iompair phoiblí feabhsaithe an t-ualach ar mhic léinn, go háirithe iad siúd a bhíonn ag taisteal agus ag streachailt le costas breosla agus páirceála a chlúdach.
I measc na mbeart breise a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil do mhic léinn tá an €1.4 milliún a chuirfear ar fáil chun Oifig Náisiúnta Intleachta Saorga a bhunú. Tá sé seo ábhartha go háirithe do mhic léinn tríú leibhéal a d’fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar an gcaoi a mbeidh tionchar ag Intleacht Shaorga ar a roghanna fostaíochta tar éis dóibh chéim a bhaint amach. Tá méadú €3.5 milliún ar an maoiniú reatha freisin do Scéimeanna Tacaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge, rud atá ábhartha do mhic léinn ollscoile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ach go háirithe.
Ach, caithfear a rá, gurb é an t-athrú a rinneadh ar tháillí ranníocaíochtaí mic léinn an beart is ábhartha agus conspóideach i mbliana idir mic léinn.
Ranníocaíocht bhliantúil mac léinn
Is é an “ranníocaíocht bhliantúil mac léinn” an muirear a íocann mic léinn as oideachas tríú leibhéal. De réir bhuiséad 2026, tá sé le laghdú go buan le €500. Ciallaíonn sé seo go n-athróidh an ranníocaíocht uasta ó thart ar €3,000 go €2,500 in aghaidh na bliana.
Áfach, ní hé sin an scéal ar fad. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an ngné seo den bhuiséad. I dtosach, is céim dhearfach í toisc gur laghdú suntasach é. Ciallaíonn sé go mbeidh níos mó cinnteachta ag mic léinn agus a dteaghlaigh maidir le táillí Ollscoile. Mar sin féin, léiríonn sé seo laghdú freisin ar an laghdú roimhe seo a bhí i bhfeidhm cheana féin. Le trí bliana anuas, bhí laghdú sealadach €1,000 ag mic léinn mar fhaoiseamh costas maireachtála.
Cé go bhfuil an laghdú nua buan agus cé go laghdaíonn sé go páirteach an t-ualach airgeadais ar mhic léinn agus a dteaghlaigh maidir le táillí ollscoile, níl sé chomh sásúil leis an laghdú sealadach a bhí i bhfeidhm roimhe seo. Mar thoradh, is cosúil go bhfuil méadú tar éis teacht ar tháillí ollscoile i gcomparáid le blianta beaga anuas. Ós rud é nach bhfuil deireadh leis an ngéarchéim costas maireachtála agus, má tá aon rud fíor, tá ag dul in olcas, níl sé seo sásúil do go leor mac léinn. Ciallaíonn an t-ardú dealraitheach seo ar tháillí in éineacht le costais méadaitheacha bunúsacha mac léinn amhail cíos, iompar agus bia go mbeidh deacrachtaí ag go leor mac léinn i mbliana agus go mbeidh siad ag tnúth le athruithe agus níos mó infheistíocht sa roinn oideachais sa todhchaí.