Radius
Nov 5, 2025

Sraith Netflix The House of Guinness

An Chéad Sraith Netflix Riamh le Fotheidil Ghaeilge

Gerard LoscherEagarthóir Nuachta Gaeilge
blank
Photo via Netflix

Is sraith teilifíse drámaíochta é House of Guinness, faoi theaghlach Guinness, cruthaithe ag Steven Knight (a chruthaigh an tsraith cháiliúil Peaky Blinders). Craoladh don chéad uair é ar an 25 Meán Fómhair 2025 ar Netflix. Is faoin teaghlach a bhí taobh thiar de chomhlacht grúdaireachta Guinness in Éirinn agus i Nua-Eabhrac sa 19ú haois atá an tsraith seo. Leanann an scéal iarmhairtí bhás Benjamin Guinness, an fear a bhí freagrach as rath urghnách ghrúdlann Guinness, agus cinniúint a cheathrar clainne fásta: Arthur, Edward, Anne, agus Benjamin. I measc phríomhthéamaí House of Guinness tá uaillmhian, drámaíocht teaghlaigh, cumhacht agus meáchan na hoidhreachta.

Is é an rud a fhágann go bhfuil an tsraith seo spéisiúil, go háirithe do Ghaeilgeoirí, ná gurb í an chéad tsraith Netflix riamh í a bhfuil fotheidil Ghaeilge ar fáil inti.

Dúirt Steven Knight, cruthaitheoir House of Guinness, go raibh an-áthas air. Dúirt sé le BBC News NI (i mBéarla): “Is cuid ríthábhachtach de chultúr agus d’fhéiniúlacht na tíre í an Ghaeilge, agus trí rochtain a fháil ar an tsraith ar an mbealach seo is féidir linn an oidhreacht sin a cheiliúradh agus teacht ar na lucht fhéachana sin ar fearr leo féachaint uirthi i nGaeilge.”

ADVERTISEMENT

Is í Linda Ervine bainisteoir Turas, tionscadal Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste, agus dúirt sí gur cinneadh an-dearfach é, agus gur siombail é den fhás agus den éileamh atá ar an dteanga. Dúirt Ervine gur rud maith é an rogha a bheith agat idir éisteacht i mBéarla agus leanúint leis i nGaeilge.

Tá an chéim thábhachtach seo ag tarlú mar chuid de scéal reatha níos leithne na Gaeilge sa tionscal scannánaíochta le cúpla bliain anuas. I 2022 cuireadh amach an scannán ‘An Cailín Ciúin’, scannán drámaíochta Éireannach faoi theacht chun aibíochta, scríofa agus stiúrtha ag Colm Bairéad. Ba é an scannán Gaeilge ba mhó brabús riamh é agus tá rátáil formheasa 97% aige ar ‘Rotten Tomatoes’, bunaithe ar léirmheasanna ó 146 léirmheastóir, le meánráta de 8.7/10. Go gairid ina dhiaidh sin in 2024, eisíodh ‘Kneecap’. Scannán grinn-dráma is ea ‘Kneecap’. Scríofa agus stiúrtha ag Rich Peppiatt, léiríonn an scannán teacht chun cinn Kneecap, grúpa hip-hop Éireannach ó Bhéal Feirste. Tugann ‘House of Guinness’ ar Netflix an ghluaiseacht seo chuig an bpríomhshruth anois. Trí fhotheidil Ghaeilge a chur ar fáil ar dhráma idirnáisiúnta ardphróifíle, aithníonn Netflix luach agus beocht na teanga i scéalaíocht chomhaimseartha. Leagann sé sampla síos do shraitheanna agus scannáin amach anseo. Má bhíonn lucht féachana ag baint úsáide as fotheidil Gaeilge le House of Guinness, bíodh siad ina gcainteoirí líofa nó ina bhfoghlaimeoirí, seolann sé teachtaireacht shoiléir chuig stiúideonna nach ‘bosca le tic a chur leis’ í an Ghaeilge, ach deis ollmhór chun lucht féachana a mhealladh.

Ní raibh an tsraith gan cháineadh áfach. Cháin go leor daoine an tsraith as a bheith míchruinn ó thaobh staire de, agus agus as a bheith ina léiriú ró-steiréitipiciúil ar chultúr na hÉireann. Chaoin léirmheas an Irish Times “tuiscint bhunúsach na sraithe ar thaithí choilíneachais na hÉireann” agus “easpa meas dochreidte ar cé hiad na hAngla-Éireannaigh agus cá n-oir siad (nó nach n-oir) i sochaí na hÉireann”. Dúradh fiú go raibh an fear crua, léirithe ag an aisteoir Sasanach James Norton, cosúil le “steampunk Mr Tayto”.
In ainneoin na gcáineadh seo, tá léirmheasanna maithe faighte ag an seó freisin, agus ní féidir a shéanadh gur céim ollmhór don teanga í go bhfuil fotheidil as Gaeilge ar fáil i sraith mhór le rá ar Netflix.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.