Seoladh an Foclóir Nua Ghaeilge i mí na Nollag seo caite ag ócáid de chuid Foras na Gaeilge in EPIC, Músaem Imirce na hÉireann. Ba mhór an seoladh a thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, don fhoclóir ceannródaíoch, aonteangach seo, atá mar an chéad mhórfhoclóir ‘Gaeilge-Gaeilge’. Dúirt sí go gcuirfidh an foclóir nua seo “an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne”. Is féidir le duine anois teacht ar sainmhiniú ar théarma nó nath cainte i nGaeilge gan casadh ar aistriúcháin Béarla.
Mar chuid den chéad sciar den fhoclóir nua, cuireadh 20,000 iontráil agus 40,000 brí ann. Tá na hábhair seo ar fáil ar foclóir.ie. Tá foireann forbartha an fhoclóra ag súil go mbeidh críoch tagtha le mór-chuid an tionscadail faoi Lúnasa 2027, agus go mbeadh 30,000 iontráil agus 80,000 brí ann faoin am sin.
Cuireann an tionscadal seo go mór le caighdeán na seirbhísí teangaireachta Gaeilge atá anois ar fáil ar líne, toisc gur féidir teacht ar shainmhínithe dhátheangacha Ghaeilge. Freisin, cuireann sé leis an réimse d’acmhainní Ghaeilge atá anois ar líne, ina measc leithéidí canúint.ie, teanglann.ie, logainm.ie. Caithfear ard-mholadh a thabhairt go Foras na Gaeilge agus Fiontair & Scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath as obair na gcapall a leagan ar na hacmhainní seo.
Dúirt Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail ar an fhoclóir, le Meon Eile gur rud iontach é bheith in ann teacht ar shainmhínithe trí mheán na Gaeilge, agus gur rud é a chabhróidh le caighdeán Gaeilge a fheabhsú agus bheith in ann saol trí Ghaeilge a bheith agat.