Feb 3, 2026

Réamhamharc ar shéasúr League of Ireland 2026

Tá mórán le bheith sceitimíneach faoi agus séasúr úr de Shraith na hÉireann ag giorrú orainn

Gerard Loscher & Ollie Mac LochlainnEagarthóir Nuachta Gaeilge & Aoiscríbhneoir
blank
Photo from WikiCommons

Shamrock Rovers

Beidh lucht tacaíochta Shamrock Rovers thar a bheith sásta le taispeántas a bhfoireann an séasúr seo caite. Bhuaigh an fhoireann a dteideal ar ais mar seaimpíní na hÉireann, ag cur deireadh le réimeas gearr Shelbourne. Chomh maith le sin, bhuaigh siad an Corn FAI, ag baint an lámh in uachtar amach thar Cork City sa chraobh i staid an Aviva, rud a dhaingnigh a gcéad dhúbailt faoi Stephen Bradley. Shroic an fhoireann na babhtaí grúpa den Europa Conference League don dara bliain as a chéile, ach ar an drochuair, ní raibh siad chomh rathúil agus a bhí siad an séasúr seo caite. 

Le linn an tsosa, chaill Shamrock Rovers imreoir tábhachtach Josh Honohan go Lincoln City, le Conan Noonan agus Daragh Nugent ag fágáil chomh maith. Tá an t-imreoir Sean Kavanagh tar éis éirí as, agus beidh sé páirteach i bhfoireann cóitseála Steven Bradley don séasúr seo. Tá an t-imreoir Jake Mulraney tógtha isteach ag Shamrock Rovers óna n-iomaitheoirí St Patrick’s Athletic. Tá mórán plé ar an gcaoi a n-oirfidh sé isteach i bhfoireann agus i bhfoirmíocht Steven Bradley, ach cinnte, má shocraíonn sé isteach, níl aon amhras ach go mbeidh sé ina imreoir maith do Shamrock Rovers. I bpíosa gnó den scoth, tá iar-imreoir fhoireann náisiúnta na hÉireann, Enda Stephens, sínithe ag Shamrock Rovers, freisin. D’imir Enda Stephens ag an leibhéal is airde le Sheffield United sa Premier League, agus le foireann náisiúnta na hÉireann. 

ADVERTISEMENT

Ós rud é go bhfuil formhór a scuad coinnithe acu agus roinnt imreoirí den scoth curtha leo go dtí seo, níl aon amhras ach go bhfuil Shamrock Rovers i riocht láidir chun a dteideal mar seaimpíní na hÉireann a choinneáil an séasúr seo. Tar éis dóibh 5 theideal sraithe agus 2 Chorn FAI a bhuachan agus na babhtaí grúpa a bhaint amach sa Conference League 3 huaire, is í an cheist anois, an bhfuil an foireann Shamrock Rovers seo faoi stiúir Stephen Bradley mar an fhoireann is fearr i stair Shraith na hÉireann?

Shelbourne FC

Scéal dhá leath ab ea séasúir Shelbourne anuraidh. Ag tosnú an bhliain ina gcuraidh reatha, níorbh fhada go dtí gur imigh an plean as na ráillí. D’imigh an bainisteoir conspóideach Damien Duff tar éis do chúrsaí dul in olcas i mí Meitheamh, díreach cúpla lá roimh chluiche ríthabhachtach sa chomórtas UEFA Conference League in aghaidh Linfield. Ceapadh gur fágadh ‘Shels’ i gcruachás, ach nuair a tháinig Joey O’Brien amach mar bhainisteoir in aghaidh Cork City i mí Iúil, léiríodh dúinn nach fíor-chruachás ab ea é. Agus O’Brien ina bhainisteoir, níor bhuaigh foireann ar bith níos mó pointí sa sraith ná Shelbourne. Chuadar ó neart go neart, ag imirt cluichí in aghaidh foirne ón tSualainn,  an Ísiltír, agus fiú in aghaidh Crystal Palace, foireann ó phríomhsraith Shasana. Neartaíodar á bhfoireann le himreoirí ar nós James ‘Chuck’ Norris, Kerr McInroy agus Wessel Speel, agus fuaireadar an lámh in uachtar in aghaidh a gcéilí comhraic, Bohemians, i cluiche stairiúil i mí Dheireadh Fómhair. Cinnte, beidh siad ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar chúrsaí roimh an séasúir seo. D’imigh ar gcaptaen Mark Coyle, ach le Kerr McInroy, Harry Wood agus Evan Caffrey i lár na páirce, Speel sa cúl agus Seán Boyd ag teach ar ais ó gortú, tá Shelbourne ar ais i measc na gcomhráite don chorn.

An Rás don Eoraip

Is dócha go mbeidh 6 fhoireann go láidir in iomaíocht chun páirt a ghlacadh i gcomórtais na hEorpa an bhliain seo chugainn. Is cinnte go mbeidh Shamrock Rovers agus Shelbourne i measc na foirne ag iarraidh lámh a ghlacadh ar an chorn i mbliana, ach seachas iad siúd, d’fhéadfadh seans a bheith ag tuilleadh foirne eile sa tsraith. Beidh Bohemians agus St. Pats ag súil le forbairt a dhéanamh ar shéasúir na bliana seo caite, ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar Derry City, a mbíonn i lár rás na hEorpa go seasta. An fhoireann is spéisiúil i mbliana, áfach, na Sligo Rovers. Tá foireann óg acu, le himreoirí iontacha ar nós Owen Elding, agus d’fhéadfadh leo cur isteach ar iarrachtaí a gcéilí comhraic. Tá rud amháin soiléir ann – tá séasúir speisialta i ndán dúinn i mbliana!

An Rás Chun Fanacht Suas

Is iad na trí fhoireann is dóigh linn a bheidh ag troid le maireachtáil sa rannán ná Waterford FC, Drogheda United agus Dundalk FC.

Tá an t-ádh dearg le Waterford FC a bheith fós sa roinn i mbliana. Bhí séasúr an-díomách acu anuraidh, ag críochnú sa 9ú háit agus ag buachan ar Bhré ar éigean Dé chun fanacht suas. Tá siad tar éis 6 imreóirí a chaillúint agus 10 n-imreoirí a thabhairt isteach le linn an tsosa. Le síorathrú foirne ard i mbliana, is dóigh linn gur sheasúir deacair a mbeidh in ann do Waterford FC, agus go mbeidh orthu troid go fiachmhar chun fanacht sa roinn i mbliana.

Bhí séasúr iontach ag Dundalk FC sa dara sraith an séasúr seo caite, ag baint amach 79 pointí agus ah críochnú sa chéad áit. Tá beagnach a scuad ar fad coinnithe acu agus níl ach Dean Ebbe tar éis an club a fhágáil go dtí seo. Tá roinnt imreoirí le go leor taithí sínithe acu chomh maith, ar nós Conor Kearns agus Keith Buckley. In ainneoin seo, beidh sé deacair ar Dundalk FC filleadh ar an saol sa phríomhroinn, agus is dóigh linn go mbeidh siad ag troid le maireachtáil sa rannán i mbliana, go háirithe toisc gach rud atá ag tarlú taobh thiar sa chúlra ag an gclub.

Seachas an eisceacht shuntasach a bhí i mbua Drogheda United den Chorn FAI i 2024, tá siad lag agus gan mórán spéise ó fhill siad ar an bpríomhroinn in 2021. Is dóigh linn go mbeidh imreóir nua Brandon Kavannagh ina imreóir maith don fhoireann i mbliana, ach níl dabht ar bith againn go mbeidh Drogheda United suite go compordach i leath íochtarach na roinne

League of Ireland sa Réimse Idirnáisúnta

Anuraidh, taispeánadh sraith peile na hÉireann ar stáitse idirnáisiúnta níos mó ná riamh. Tháinig foirne ón tSualainn, ón Bhreatain, on Úcráin agus ón tSlóivéin. D’imir ceithre fhoireann cluichí Eorpacha an séasúir seo chaite. Chuaigh Shamrock Rovers go dtí an Ghréig agus Czechia. D’imir Shelbourne FC in aghaidh AZ Alkmaar san Ísiltír. Thaistil St. Patricks Athletic go dtí Lichtinstéin agus an Tuirc, agus d’imigh Derry City thar lear i nGiobráltar. Freisin, tá breis is 80 imreoirí idirnáisiúnta ag imirt sa sraith, nó thart ar 27% den líon iomlán. D’imir imreoirí eachtrannacha níos mó ná 50% de na nóiméid iomláin sa tsraith anuraidh i bhfoirne Waterford FC agus Derry City. Chomh maith le sin, tá tacaíocht ag teacht ó gach cearn den domhain. Rinne cainéal peile COPA90 clár faisnéise ar pheil in Éirinn, ag tabhairt léargas do lucht fhéachana idirnáisiúnta faoi stair agus spiorad an tsraith in Éirinn. Is léir cinnte go bhfuil cúrsaí peile in Éireann ag fás ar bhonn idirnáisiúnta, rud iontach don tsraith agus don spórt in Éireann.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.