Mar 10, 2026

Albam Nua agus Sean-Chonspóídí ag Kneecap.

Beidh albam nua ag teacht amach ó Kneecap ar an 24ú Aibreáin, ag am go bhfuil conspóid fós ag luí futhu

Leo Ó NualláinAoiscríbhneoir
blank
Photo from Wiki Commons

Beidh albam nua ag teacht amach ó Kneecap in Mí Aibreáin, darbh ainm “Fenian”. Dúirt Kneecap go mbeidh stíl níos mailísí ag an albam seo, toisc gur “uaireanta mailíseacha atá ann”. Is léir conas gur féidir leo é seo a mhothú. An bhliain seo caite, bhí a mball Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte ar trial don sceimhlitheoireacht, mar gheall ar ráitis a dhearna sé i gcomhair Hamas agus Hezbollah. Bhí siad os comhair na cúirte freisin ag iarraidh tacaíocht airgeadais ó rialtas na Ríochta Aontaithe.  Is athrú tuine mór é seo, a bhfeictear sa singil nua ón albam, agus an físeán a tháinig amach dó cheana fhéin. 

“Liar’s Tale” an t-ainm atá ar an singil seo, a tháinig amach ar an 28ú Eanair. Feictear an stíl “níos mailísí” i rith an fhíseáin. Tá an rud iomlán i dubh, bán, agus dearg – dearg le fuil. Taispeántar samplaí ó láithreoir nuachta Sasanach ag gearrán faoi chaighdeán iompair na ndaoine óga, agus ag cur a n-iompar i gcomparáid le hiompar na bpolaiteoirí stairiúla. Seasann an sampla seo i gcodarsnacht leis an íomhá de Margaret Thatcher mar zombaí lofa. Tagann teachtaireacht soléir uaidh – gur fhimínigh iad rialtas na Breataine, go bhfuil siad lofa. Téann sé seo leis an teachtaireacht sna liricí – “Fuck Keir Starmer/ Netanyahu’s bitch and genocide armer/ better off as compost for farmers.” Is cinnte go raibh Kneecap i gcoinne rialtas na RA roimh an albam seo, ach chun rud comh-fheargach le sin a rá, is léir go bhfuil stíl níos foiréigní ann. 

Ag an am céanna, éiríonn líomhaintí mailíseacha faoi Kneecap freisin. Ar na meáin shóisialta, insíodh líomhaintí futhu a maíonn droch-iompar agus ionsaí gnéasúil déanta ag baill Kneecap. Is grúpaí cosúil le “Officialprotestantcoalition” ar Facebook, “IwastoldIre” ar Instagram (níl an cuntas ar Instagram fós), agus cuntaisí Reddit a luann na scéala seo. Déanfaidh mé cur síos orthu anseo. Níl na líomhaintí seo nua – deir a gcúiseori gur tháínig siad amach i gcomluadair i dTuaisceart Éireann i 2020 agus i 2021. Is fiú freisin a lua nach bhfuil aon fhianaise curtha leis na líomhaintí seo go fóill.

ADVERTISEMENT

Deir na cúiseoirí ar na meáin sóisíalta seo gur chuala siad iad ó dhaoine eile, nó ó chomhluadar shóisialta, sa cheoil nó san fheiminicheas. Níor tháinig éinne amach ag rá go ndearna Kneecap na hionsaithe sin orthu, nó dá gcáirde. Tá an ceart iomlán acu gan é sin a dhéanamh – agus is fíor gur rud scanraitheach é teacht amach le líomhaintí cosúil le sin. 

Fós freisin, tá dara téama ag na líomhaintí anaithnide. Leanann an líomhain go n-úsáideann Kneecap bagairtí dlíthiúl chun a chúiseoirí a choimead ciúin. Fós freisin, ní féidir linn a rá gur rud fíor nó rud bréagach é seo – níor tháinig daoine amach le fianaise. Áfach, más fíor é seo, b’fhéidir gur chúis é nach bhfuil éinne tagtha amach go díreach le líomhaintí ionsaithe gnéasúíl. 

Céard is féidir linn a rá anois? Tá stíl nua, níos mailísí ag Kneecap ina n-albam nua. Ach más fíor na líomhaintí uafásacha sin, tá níos mó mailíseacht faoi Kneecap ná a gceol. Cinnte go bhfuil réimse leathan le rá agus le smaoineamh faoi na líomhaintí seo. Is féidir a rá gur ráfla agus luaidreáin iad, nach féidir aon fhiosrúchán ceart a dhéanamh orthu, agus gur ceart dúinn gan aire a thabhairt dóibh. Is féidir freisin cuimhneamh ar an nglúiseacht #MeToo. Tá sé deacair i gcónaí d’íobartaigh an rud sin a rá i gcásanna mar seo, agus a n-aghaidh a chur leis an líomhain i mbéal an phobail. Más fíor é go n-úsáideann Kneecap bagairtí dlíthiúil chun na daoine sin a choimeád ciúin, cuireann sé leis an bhfadhb seo. 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.