Mar 10, 2026

Glacann an Taoiseach Micheál Martin le Cuireadh Chun Cuairt a Thabhairt ar an Teach Bán

Tabharfaidh an Taoiseach cuairt ar an dTeach Bán, in ainneoin na heasaontuithe idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip, chun an nasc tábhachtach idir an dá thír a chothú.

Gerard LoscherEagarthóir Nuachta
blank
Photo from RTE

Le deanaí, ghlac an Taoiseach Micheal Martin le cuireadh Donald Trump chun cuairt a thabhairt ar an dTeach Bán chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Tagann an cuireadh ag am ina bhfuil go leor Éireannaigh míshásta le cursaí reatha sna Stáit Aontaithe. Tá go leor Éireannaigh tar éis a gcuid frustrachais a chur in iúl faoin gcaoi a bhfuil na Stáit Aontaithe ag déileáil leis an nGraonlainn agus Veiniséala, chomh maith lena ngnóthaí inmheánacha, go háirithe maidir le ICE. Anuas ar sin, creideann roinnt daoine go bhfuil gníomhartha áirithe an uachtaráin ag creimeadh dlisteanacht dhaonlathach an stáit.

Labhair Martin faoin gcaidreamh eacnamaíoch “an-tábhachtach” a maireann idir Éirinn agus SAM agus dúirt sé freisin nár chuala sé trácht ar aon stát san Aontas Eorpach a dhiúltaigh cuireadh chuig an Teach Bán go fóill. I n-óráid a tugadh ag ócáid Cumann Lucht Tráchtála Corcaigh, dheimhnigh Máirtín go bhfuair sé cuireadh chun cuairt a thabhairt ar an dTeach Bán ar Lá Fhéile Pádraig. Leag an óráid amach go ndúirt Donald Trump, uachtarán na Stát Aontaithe, ina litir go mbeadh an chuairt seo ina deis chun an cairdeas stairiúil idir na Stáit Aontaithe agus Éirinn a cheiliúradh.

 

ADVERTISEMENT

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, nach mbainnean cuairt an Taoisigh ar an dTeach Bán ar Lá Fhéile Pádraig le Mícheál Martin agus Donald Trump amháin agus go bhfuil naisc dhomhain eacnamaíocha agus cultúrtha ag Éirinn agus SAM. Tá go leor sraitheanna agus leibhéil rannpháirtíochta ag an turas seo ar leibhéal feidearálach, stáit agus cathrach, a mhínigh an tAire. 

Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín gurb é fírinne an scéil gurb é Donald Trump Uachtarán SAM agus go bhfuil tionchar suntasach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar thrádáil na hÉireann i dtéarmaí taraifí, cánach corparáide agus na céadta mílte post. 

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí Shinn Féin ar Chosaint Shóisialta, Forbairt Tuaithe agus Pobail, Louise O’Reilly, gurb é dualgas an Taoisigh dul go Washington agus nár cheart cuairt an Uasail Martin ar Lá Fhéile Pádraig a ghlacadh ar aon bhealach mar chomhaontú le beartais riarachán Trump.

Ní raibh na Daonlathaigh Shóisialacha chomh neodrach céanna faoin gceist, áfach. Mheas an ceannaire Holly Cairns gur cheart don Taoiseach a chruinniú Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán a úsáid chun a chur in iúl d’Uachtarán Trump nach n-aontaíonn muintir na hÉireann lena bheartais eachtracha agus intíre. Dúirt Cairns, toisc na rudaí conspóideacha atá ag teacht amach as an Teach Bán faoi láthair, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh an t-ardán uathúil seo atá ag Éirinn a úsáid.

Ar an gcaoi chéanna, tá cáineadh mór déanta ag Páirtí an Lucht Oibre agus Pobal Seachas Brabús ar an gcuairt.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil caidreamh láidir leis na Stáit Aontaithe thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na hÉireann. Le blianta beaga anuas, tá geilleagar na hÉireann ag brath ar infheistíocht dhíreach eachtrach ó chuideachtaí móra SAM, rud a chruthaigh na céadta mílte post agus a ghin na billiúin in ioncam cánach. Gan dabht, ardaíonn an chuairt atá le teacht ceisteanna práinneacha faoi mhoráltacht agus conas is féidir é a réiteach le thábhacht an geilleagar agus chaidreamh eachtrach.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.