Apr 27, 2026

Cén Fáth go bhfuil Clár Erasmus Chomh Coitianta i Measc Mic Léinn na hÉireann?

Deiseanna agus Dúshláin a bhaineann le saol thar lear

Sophie JonesLeas-Eagarthóir Nuachta Gaeilge
blank
Dylan Furdyk for The University Times

Tá Erasmus ar cheann de na cláir shoghluaisteachta mac léinn is mó ar domhan, agus tá na milliúin rannpháirtithe tar éis a bheith ann ó 1987. Tá rátaí rannpháirtíochta tríú leibhéil an-ard ag Éirinn i gcomparáid le meán an AE, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá sé ríshoiléir ó na fíricí seo go bhfuil tóir mhór ar chlár Erasmus in Éirinn, idir mhic léinn ag taisteal thar lear agus mic léinn idirnáisiúnta ag teacht chuig ollscoileanna anseo in Éirinn. An bhfuil Erasmus anois mar chuid riachtanach de shaol an mhic léinn? 

De réir an Irish Times, glacann na mílte mac léinn tríú leibhéal in Éirinn páirt sa chlár Erasmus+ gach bliain. Faigheann mic léinn tacaíocht airgeadais i bhfoirm deontais chun cabhrú leo páirt a ghlacadh, agus tá an clár forleathan ar fud institiúidí ardoideachais na tíre. Tá sé chomh coitianta anois go mbíonn a lán daltaí ag súil le dul ar Erasmus ar feadh ar a laghad seimeastair amháin, nó ar feadh bliana acadúla iomláine. Uaireanta, roghnaíonn déagóirí meánscoile in Éirinn an chéim a bheas siad ag déanamh staidéar uirthi agus an ollscoil a mbeidh siad ag freastal uirthi bunaithe ar na roghanna Erasmus atá ar fáil. Is léir gur gné an-tábhachtach agus ábhartha é i saol an duine óig in Éirinn. 

Tá rogha leathan cúiseanna ann le dul thar lear. Is taithí chultúrtha iontach é agus tugann sé deis do dhaoine óga cultúir agus tíortha éagsúla a fheiceáil. Cuireann sé seo go mór le forbairt phearsanta an duine. Cabhraíonn sé le neamhspleáchas, muinín agus dearcadh níos leithne a fhorbairt trí rudaí nua agus stíleanna maireachtála éagsúla a fhionnadh. Bíonn deiseanna ann freisin teanga nua, ábhair acadúla nua, nó fiú spórt nua a fhoghlaim agus tú i do chónaí thar lear agus ag staidéar i dtír eile. Ní turas saoire amháin é, ach taithí saoil. An chuid is mó den am, bíonn deiseanna ag daltaí a bhfuil Erasmus idir lámha acu taisteal chuig áiteanna eile agus iad thar lear; bíonn seans acu saol laethúil a mhothú i dtíortha eile, agus ní hamháin iad a fheiceáil mar thurasóirí. 

ADVERTISEMENT

Ní bhaineann Erasmus le taithí phearsanta amháin. Tá buntáistí suntasacha aige ó thaobh gairme agus todhchaí an dalta de freisin. Cuireann tréimhse thar lear go mór le CV an mhic léinn agus léiríonn sé d’fhostóirí go bhfuil scileanna cosúil le neamhspleáchas, solúbthacht agus cumas oiriúnaithe forbartha acu. Ina theannta sin, is buntáiste mór é teanga eile a bheith ag duine, go háirithe i margadh oibre iomaíoch an lae inniu. Dá bhrí sin, feictear Erasmus mar infheistíocht i dtodhchaí ghairmiúil an duine chomh maith le heispéireas taitneamhach. 

É sin ráite, níl Erasmus gan dúshláin. D’fhéadfadh costais mhaireachtála i gcathracha móra a bheith ard, fiú leis an deontas a fhaigheann mic léinn ón AE. Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí ag roinnt daoine le teanga nua nó le córas oideachais éagsúil. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar mhothúcháin uaigneas ná den dúshlán a bhaineann le bheith i bhfad ó bhaile ar feadh tréimhse fada. Mar sin féin, in ainneoin na ndeacrachtaí seo, roghnaíonn líon mór mac léinn dul ar Erasmus mar go sáraíonn na buntáistí na míbhuntáistí. 

Ar an dtaobh eile de, tagann go leor mac léinn go hÉirinn leis an gclár Erasmus freisin. Tá cultúr láidir agus saol sóisialta bríomhar ag daoine óga in Éirinn, agus mar sin tá an-tóir ar áiteanna Erasmus anseo i measc mac léinn idirnáisiúnta. Anuas ar sin, tá deis iontach ann an Béarla a fhoghlaim nó a fheabhsú, agus ní féidir a shéanadh gur scil thábhachtach í sin don chuid is mó do mhic léinn tríú leibhéal, go háirithe san Eoraip agus iad ag tabhairt faoi chéim ollscoile. 

Ar an iomlán, is léir go bhfuil Erasmus ar cheann de na deiseanna is luachmhaire atá ar fáil do mhic léinn in Éirinn inniu. Tugann sé deis dóibh taisteal, forbairt phearsanta a bhaint amach agus scileanna nua a fhoghlaim a bheidh úsáideach dóibh sa todhchaí. Is cosúil go bhfuil Erasmus anois mar chuid dosheachanta de shaol an mhic léinn in Éirinn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.