Comment & Analysis
Oct 13, 2026

Athbheochan na Gaeilge: Fíor nó Bréagach?

An bhfuil bunús dáiríre leis an athbheochan Gaelach ata le feiceáil sna Meáin, fad is go bhfuil líon na gcainteoirí ag dul in léig?

Siún Ní DhubhshláineScríobhneoir Foirne
blank
Image via Stoned to Death

Thug mé faoi deara le déanaí, agus mé ag scrolláil ar m’fhón póca, go bhfuil níos mó airde dírithe ar an nGaeilge le feiceáil ar mo ‘For You Page’ ná mar a bhíodh riamh. Feictear tuilleadh agus tuilleadh pátrúin Gaelacha ar éadaí agus seoda, chomh maith leis an mbéim a chuireann Éireannaigh ar do ‘chúpla focal’ a úsáid trí na meáin shóisialta. Cé go n-éiríonn agus go dtiteann tonnta na faisin agus go gcúlraíonn sí faoi dheireadh, fanann an Ghaeilge i gcónaí. Le blianta anuas d’fhan cultúr na hÉireann ag barr an fhaisin ar fud na tíre, agus tháinig faisean nua chun cinn ina mheasc: glacadh le d’fhéiniúlacht chultúrtha. 

Cén áit ar tháinig an aird tobann seo as? Bhuel, ní dóigh liom go bhfuil tóir fháinne an Chladaigh láidir go leor chun athbheochan na Gaeilge a thosú. Ach, b’fhéidir go bhfuil fírinne leis an ráfla go bhfuil athbheochan na Gaeilge buailte linn, agus caithfidh mé a admháil: tá súil agam go bhfuil. 

Tá cúpla leid le feiceáil, go háirithe in earnáil an cheoil. Tá tuilleadh ceoltóirí Éireannaigh ag canadh as Gaeilge, nó ag roghnú ainmneacha Gaeilge: cuireann na bannaí ceol go mór leis sin, ar nós Fontaines D.C., Kneecap, CMAT (amhránaí amháin, tá a fhios agam), Madra Salach, agus daoine mar sin de. Glacann siad leis an bhféiniúlacht tíre go fonnmhar, agus bíonn na sluaite ag canadh in éineacht leis i gcónaí.

ADVERTISEMENT

An imní atá agamsa ná fadsaolaí na hairde seo. Tá sé maith go leor faisean a leanúint cé chomh fada is atá sé ábhartha i súil an phobail. Ach an léiríonn na firicí go bhfuil athbheocan na Gaeilge, mar a thugtar air, ag tarlú i ndáiríre? Is é tírghrá ceann de na tréithe is láidre agus is feicthe i gcarachtar an Éireannaigh steiréitipiciúil. An bhfuil an teanga fhéin mar chuid den bhród seo? Tagaimid le chéile nuair a bhuann aisteoir Éireannach gradam, nuair a fhaigheann peileadóir cúl, fiú nuair a luaitear staitistic faoi Éire ar an nuacht idirnaisiúnta. Cén fáth go bhfuil iontas orainn athbheochan na Gaeilge a fheiceáil? 

Dar leis na daonáirimh 2016 agus 2022, deir níos mó daoine ná riamh gur feidir leo Gaeilge a labhairt: 1.9 milliún. An-fhiric. Ach cad é an caighdeán labhartha? Is cinnte nach gá a bheith líofa chun an teanga a labhairt, ach nuair a bhreathnaímid ar na fíricí arís, ní cheapann ach 10% go labhraíonn siad go han-mhaith í: ceapann 55% den 1.9 milliún nach bhfuil Gaeilge láidir acu. Chomh maith leis sin, thit méid na gcainteoirí laethúla le 2,000 duine ó 2016. Níl dóthain béime curtha ar an úsáid phraiticiúil, rialta, labhartha nuair a bpléitear aeisteiticí na teanga. Ní úsáideach é ‘méid na nGaeilgeoirí ag titim, ach ar a laghad tá an snaidhm Cheilteach ar ais i bhfaisean arís!’ a rá. 

Má fhaighimid íomhá den Ghaeilge agus í ag dul ó neart go neart, is minic go ndéanaimid dearmad ar an bhfíorscéal atá i bhfolach taobh thiar den chuma. 

Creidim gur gá bheith dáiríre faoin nGaeilge má táimid ag iarraidh difríocht a dhéanamh. Nuair atá an méid Gaeilgeoirí ag laghdú agus an díospóireacht ann faoin nGaeilge agus a háit sa chórás oideachais, is ábhar níos tábhachtaí é seo anois ná riamh. Ní féidir a rá go bhfuil athbheochan hsuntasach i gceist sula dtagann feabhas ar chultúr na Gaeilge agus an díograis ar an iomlán.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.