Comment & Analysis
Nov 6, 2026

Ag Gobadh Amach as an nDúdhúchas: An Todhchaí i Saol na Gaelainne

Pléann Pól Ó hÍomhair an ról atá ag an tsamhlaíocht agus daoine ag smaoineamh faoin nGaeilge sa todhchaí as seo amach

Pól Ó hÍomhairAoiscríbhneoir
blank
Céilí Ní Raithilidh for the University Times

​Is iomaí scéal nó eachtra a d’eascair ó stair na hÉireann, nó stair na Gaeilge, fiú. Go deimhin, is mór an meas a bhíonn ag daoine ar an stair fhada seo, agus léirítear é seo go soiléir sa chaoi a labhraítear fén nGaelainn agus an ghluaiseacht a bhaineann léi. Bítear de shíor ag caint fé sna seanamhráin, na sean-nósanna, na seanscéalta, nó fiú gaois na seanfhocal. Ní féidir a shéanadh go raibh, agus go bhfuil, páirt lárnach acu siúd sa tuiscint atá ag neart Gael orthu fhéin, mar dhaoine aonair agus mar ghrúpa. An mbeadh sé doshamhlaithe, áfach, go mbeadh leagan eile den Ghaelachas: leagan nach dtreabhann gort na staire amháin, ach a théann amach sna driseacha le sméara dubha na todhchaí a phiocadh uathu?

​Ar ndóigh, tá an Ghaelainn agus an Gaelachas fréamhaithe go daingean sa traidisiún Gaelach ar thángadar uaidh: is amhlaidh atá sé le gach teanga ar fud na cruinne. Is cuid d’fhorbairt nádúrtha na dteangacha go ngluaiseann siad ó staid níos stairúla go staid níos nua-aimseartha. Mar dhea, ní bheadh an Mheán-Ghaeilge nó an Nua-Ghaeilge Mhoch oiriúnach le cur síos a dhéanamh ar shaol an lae inniubh, agus ní bheadh Gaeilge an lae inniubh oiriúnach le cur síos a dhéanamh ar an gcomhthéacs ar mhair na leaganacha sin den Ghaelainn ann. Caighdeánaíodh an teanga ag tús an chéid seo caite, agus cumadh neart téarmaí nua le déantús shaol na haimsire sin a ainmniú. Cruthaíodh an téarma ‘leictreachas’, rud nach raibh ag na draoithe i ré na réamh-Chríostaíochta. Cá bhfios céard iad na hiontais, nó na huafáis, a thiocfaidh amach anseo, agus muidne beo nó níos déanaí i bhfad? Pé rud a thiocfaidh orainne as seo amach, beidh gá le focail chun na nithe nua seo a phlé.

​Is minic a dhéantar trácht ar an modh smaointeoireachta a thagann leis an nGaelainn, agus an chaoi go bhfuil sé éagsúil ó mhodh smaointeoireachta an Bhéarla. Nílimse fhéin cinnte fé cé chomh tréan is atá an difríocht sin, ach is léir gurb ann di ar bhealach éigint. Is léir, áfach, go snaidhmtear é seo leis an nGaelachas go dlúth, agus go mbeadh tionchar aige sin ar an gcaoi a smaoinítear ar Éirinn mar thír. Mar sin, is mithid go gceisteoimist é seo, agus go ndéanfaimist machnamh ar gcineál tíre ar mhaith linn conaí ann as seo amach. Agus daoine ag trácht ar na deacrachtaí a bhíonn i gceist nuair a dhéantar iarracht todhchaí nua nó úr a shamhlú, is minic go luaitear an todhchaíochas mar mhórshampla den chineál smaointeoireachta a thugann dúshlán do chleachtas an lae inniubh. Go deimhin, is amhlaidh go ndearnadh iarracht an teoiric sin a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs iar-chóilíneach, agus smaointeoirí Afra-thodhchaíocha ag cur a bhfealsúnachta ar pár ó lár 20ú aois ar aghaidh. Ar mhaithe leis an tsamhlaíocht, dheineadar neamhshuim den thraidisiúnachas d’fhonn téamaí an spáis agus na teicneolaíochta a fhí isteach san oidhreacht chultúrtha Afracach a fuair siad óna sinsir, bíodh siadsan ina gcónaí san Afraic nó sa diaspóra. Céard iad na torthaí a thiocfadh amach óna leithéid de smaointeoireacht a mheascadh isteach in oidhreacht chultúrtha na hÉireann, dá mbainfí triail as a leithéid d’oideas? 

ADVERTISEMENT

​Ní mise an chéad duine a chur an cheist sin i gcomhthéacs an Ghaelachais, ós rud é gur chuir an comharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach sparántachtaí cónaithteachta ar fáil do dheichniúr ealaíontóirí in 2024, ionas go raghaidís i ngleic le ceist an “Todhchaíochais Ghaelaigh”. Sa ráiteas a d’fhoilsigh an comharghrúpa agus iad ag fógairt an togra seo, dúradh gur “iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí roimh an nGaeilge ach an oiread”. Is ceist chigilteach í seo, cinnte, ach ba chóir tabhairt fúithi, ach amháin ionas gur féidir an todhchaí seo a chur in iúl agus gurb ann do threo taistil, in ionad í a chumadh agus muidne ag maireachtaint tríthi. Is léir go bhfuil todhchaí ag an nGaeilge, fad is atáimidne á labhairt, ach mar a dúradh sa ráiteas: “Cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi?” Fad is nach bhfuil freagraí againne ar na ceisteanna sin, an ábhar iontais é go bhfuilimidne caillte i gceo na todhchaí?  

​Anuas ar an dteicneolaíocht, ba cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcineál Éireann ar mhaith linn cónaí inti, ó thaobh chúrsaí cultúir agus sóisialta dhó. Cuirtear i gcuimhne dom iarrachtaí AMLÉ, BelongTo, agus TENI agus iad ag cumadh an dá leagan den Fhoclóir Aiteach a eisíodh go dtí seo. Ar ndóigh, ní raibh dóthain téarmaíochta ann chun cur síos lánchuimsitheach a dhéanamh ar an aiteacht, agus ba mhinic go raibh an téarmaíocht arbh ann di díspeagúil nó maslach. Mar sin, cinneadh go gcumfaí téarmaí nua, agus go leathnófaí an réimse inar úsáideadh an Ghaelainn. Is obair thábhachtach é go gcuirfear an Ghaelainn in oiriúint do shaol an lae inniubh, go háirithe agus fórsaí sóisialta frithghíomhacha ag teacht chun cinn a d’úsáidfeadh an Ghaelainn mar ghléas ina gcogadh cultúrtha i gcoinne inimirceach, teifeach, daoine aiteacha, agus ban, mura saothróimidne an Ghaelainn mar chuid de thodhchaí na hÉireann atá fréamhaithe i bhfís fhórasach, agus is cinnte go gcuideoidh an tsamhlaíocht seo lena fíorú. Ní rud í an Ghaelainn arb ann di san fholús, ach i gcomhthéacs sóisialta agus polaitiúil, agus caithfear seilbh a ghlacadh uirthi ionas gur féidir léi freastal ar riachtanais na gcainteoirí ar fad atá á labhairt ar an oileán seo, cuma más de bhunadh traidisiúnta na hÉireann atá siad nó mura bhfuil.

​Ar deireadh, ba mhaith liom léiriú go soiléir nach é cuspóir an ailt seo neamhshuim a thabhairt den thraidisiún ná den dhúchas ónar tháinig an Ghaelainn nó an Gaelachas. Is cuid thábhachtach agus fhiúntach de chomhthéacs na Gaelainne mar is ann di iad. Ba leasc liom brath orthu siúd amháin, áfach. B’fhearr dá n-úsáidfí lionsa dé-threoch: súil amháin á caitheamh ar an stair, súil eile á caitheamh ar an dtodhchaí. Is tríd an bpeirspictíocht iomlánaíoch seo a bheimid in ann an todhchaí is gile agus is iomláine a ghnóthú don Ghaelainn.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.