News
Oct 5, 2021

29,000 Mhic Léinn Gan Eolas Faoi Stádas a n-Iarratas don Scéim Deontais SUSI

Dúirt Aontas Mac Léinn na hÉireann go raibh an easpa eolas seo “doghlactha”.

Róise HannanLeas-Eagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Thuairiscigh Nuacht TG4 go raibh 30,000 mhic léinn a chuir iarratas isteach ar an scéim deontais SUSI go fóill ag fanacht ar fhreagra ó SUSI maidir le stádas a n-iarratas.

Thuairiscigh Nuacht TG4 nach raibh ach 60,000 as 89,000 do na hiarratais próiseáilte go dtí anois.

Ag labhairt di le The University Times maidir leis na figiúirí seo, dúirt Oifigeach Oideachais de chuid Aontas Mac Léinn na hÉireann (AMLÉ), Bev Genockey, gur “cúis imní” é “a chloisteáil faoin mhoill ar phróiseáil líon chomh mór sin de na hiarratais deontas.”

ADVERTISEMENT

Dúirt Genockey nach bhfuil sé “d’acmhainn ag go leor mac léinn freastal ar an choláiste gan an tacaíocht a chuireann SUSI ar fáil.”

“Bíonn strus ag baint le dul isteach sa choláiste an chéaduair agus ag filleadh ar an choláiste leoga, agus is minic a bhíonn brú airgid ag baint leis – go háirithe i dtaca leis na héarlaisí lóistín nó cíosa, gan trácht ar na costais eile a bhaineann leis an choláiste, mar shampla, téacsleabhair agus trealamh.

“Mar sin féin, ní bhfaighidh na mic léinn sin ar próiseáladh a gcuid iarratais cheana féin an chéad tráthchuid de dheontas na bliana seo go dtí 8ú Deireadh Fómhair – beagnach mí i ndiaidh do mhic léinn Choláiste na Tríonóide filleadh ar an champas, agus is rud doghlactha é sin. Níl an méadú atá tágtha ar chostas maireachtála le feiceáil i gcóras deontais SUSI, ná sa chúnamh airgid atá ar fáil do mhic léinn in Éirinn, agus ní mór leasú a dhéanamh air chun seo a chur san áireamh.

“Is rud maith é an gealltanas a thug an tAire Simon Harris le hathbhreithniú a dhéanamh ar chóras deontais SUSI, ach ní mór don ghealltanas seo fanacht mar phríomhthosaíochtaí ag an rialtas ionas nach mbíonn constaicí dosháraithe roimh mhic léinn maidir leis an oideachas, beag beann ar a gcúinsí airgeadais.”

Mholl Genockey do mhic léinn atá ag streachailt mar gheall ar an mhoill seo dul “i dteagmháil lena dteagascóir pearsanta nó le Sierra, an tOifigeach Leasa agus Comhionannais”

Le déanaí, thuairiscigh The University Times go raibh moill tagtha ar dheontais SUSI, rud ar cháin AMLÉ go láidir é. Tá an chéad deontas socraithe don 8ú lá de mhí Dheireadh Fhómhair, beagnach mí ó thosaigh Coláiste na Tríonóide ar an 13ú lá de mhí Mheán Fhómhair.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.