News
Nov 13, 2021

Cáineadh Dearcadh Harris Maidir le Cúrsaí Gaeilge Tríú-Leibhéal

Dúirt Éamon Ó Cuív nach mbeidh go leor oibrithe le Gaeilge acu chun freastal ar an éileamh a chruthóidh an Bille Teanga.

Róise HannanLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Rinne an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív cáineadh ar easpa pleanála an rialtais maidir leis an sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi dheireadh 2030 mar atá leagtha amach acu sa Bhille Teanga.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris go mbeidh na cúrsaí Gaeilge atá ar fáil faoi láthair in ann freastail ar an éileamh d’oibrithe le Gaeilge a chruthóidh an reachtaíocht.

Ag labhairt os comhair na Dála, dúirt an tAire Harris go raibh a lán cúrsaí Gaeilge ann cheana féin, agus gur leor iad.

ADVERTISEMENT

Bhí a mhalairt le rá ag Éamon Ó Cuív. Ag labhairt os comhair na Dála, dúirt Ó Cuív: “Níl sa bhfreagra a thug an tAire ach blah, blah, blah, mar a déarfadh Greta Thunberg, níl aird ar bith ar na ceisteanna ná níl aon chaint ar aon ghníomh. Deir sé go bhfuil chuile rud togha agus go bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge ann agus dóthain daoine ag staidéar i nGaeilge. Níl. Tóg na hábhair oidí amach as agus tá éigeandáil ann.”

“Ní thuigim cén fáth go bhfuil an tAire ag caint faoi chúrsaí na n-ábhar oidí. Tá a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh siadsan ag obair agus ní sa státseirbhís é. Caithfear fáil amach cad iad na hearnálacha is mó ina dteastóidh cúrsaí Gaeilge chun spriocanna an achta a bhaint amach agus cad iad na cineálacha cáilíochtaí a bheidh ag teastáil,” a dúirt sé.

Chuir Ó Cuív i leith cuid den rialtas nach bhfuil siad “dáiríre” faoina gcuid gealltanas sa Bhille Teanga mar thoradh ar an easpa pleanáil atá ar bun acu.

“Níl aon chosc ar an réamhphleanáil sin a dhéanamh anois. Tá a fhios agam go bhfuil coiste le bunú le plean earcaíochta a ullmhú ach níor cheart gur ag cur moille ar chúrsaí a bheadh na struchtúir nua atá le tabhairt isteach ach a mhalairt.”

Ach dúirt Harris  nach bhfuil tionchar ag an rialtas ar na cúrsaí a chuireann soláthraí oideachais tríú-leibhéal ar fáil. 

Idir 2020 agus 2021 thacaigh an rialtas le hocht gcúrsa tríú-leibhéal Gaeilge

Sa Bhille Teanga, gheall an rialtas go mbeadh fiche faoin gcéad den státseirbhís in ann an Ghaeilge a úsáid go líofa faoi dheireadh 2030. Bhí an Bille teanga mar  athbhreithniú ar Acht na dTeangacha – acht a léiríonn cearta agus cur chuige Gaeilge san oideachas agus i gcúrsaí poiblí.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.