Radius
Feb 13, 2022

Cumann Get Your Love ar Lá Fhéile Vailintín

Tá grá á scaipeadh ag an gCumann Gaelach agus Lá Fhéile Vailintín ag druidim linn.

Abigail Moriarty Scríbhneoir Cúnta
blank
Emma Ní Dhálaigh

Tá muintir an Chumainn Gaelach thar n-ais an téarma seo ag cruthú cleamhnas.

Ba mhór an rath í Seachtain na hÉigse an tseachtain seo caite, ach tá muintir an Chumainn Ghaeiligh fós gnóthach go leor ag eagrú imeachtaí éagsúla leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc pobal na Tríonóide. Feachtas amháin ar siúl acu a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín agus an grá a thagann leis, ná “Cumann Get Your Love”.

Is éard a tá i gceist le “Cumann Get Your Love” ná daoine a bhfuil na suimeanna céanna acu a thabhairt le chéile. Chun cur isteach ar an imeacht, bhí ar iarrthóirí form Google a líonadh amach, ag déanamh cur síos orthu féin i gcúpla focal. Ansin, chuaigh síoga grá an chumainn i gceann na hoibre. Seoladh ríomhphost gan ainm le heolas faoin duine eile chuig gach iarrthóir.

ADVERTISEMENT

Ansin, don dara bhliain asa chéile, bhí deis ag daoine nótaí a fhágáil sa bhosca phoist i Seomra na Gaeilge. Bhí na hiarrathóirí in ann cinneadh a dhéanamh chun a hainm a roinnt nó chun fanacht gan ainm. Thug na síoga grá na nótaí faoi seach amach i rith na seachtaine. Níl aon rud fágtha anois ach fanacht ar chloisteáil na dea-scéalta ón imeacht!

Chuir The University Times ceist ar dhaoine faoin gcúis a chur siad isteach ar an bhfeachtas seo. Dar le hiarrathóir amháin Niamh Ní Lideadha, b’iontach an deis í chun a bheith páirteach i saol an chumainn agus chun tacaíocht a thaispeáint don imeacht. Ar bharr seo, dúirt sí go bhfuil sí singil agus ag iarraidh bualadh le daoine nua nach bhfuil aithne aici orthu go fóill. “Tá spraoi mór ag baint leis an mistéir agus an bosca grá – aon uair a bhfuilim i Seomra na Gaeilge, d’fhéadfainn ag bheith ag labhairt le mo dhuine gan a bheith feasach”, a dúirt sise. Dúirt sí nach mbíodh díomá uirthi muna n-éiríonn sí go maith ó thaobh cúrsaí grá de, mar fós tá sí tar éis caidreamh platónach nua a chothú idir dhuine éigin eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.

Tarraingníonn an imeacht seo ceisteanna úra faoin ngrá idir dhaoine óga na laethanta seo. Ní fhéadfaí a shéanadh nach bhfuil athrú mór tagtha ar an scéal geandála le blianta beaga anuas. Tá bhrí an ghrá ag athrú ar feadh tamaill, agus cuireann an phaidéim leis an bhfeiniméan seo. Gan dabht, tá athrú suntasach le feiceáil maidir le líon na ndaoine ar suíomhanna ar nós ‘Tinder’ agus ‘Hinge’. Ach an dtruaillíonn na suíomhanna seo meon na n-óige maidir leis an ngrá?

Déanann na suíomhanna seo iarracht daoine óga a mhealladh trí sholáthar sruthanna dopaimíne, agus mar thoradh, aithrítear dearcadh na mball. Aontaítear go forleathan go bhfuil fadhb ollmhór ag baint leis an easpa ceangail idir dhaoine ar na gréasáin seo. Ní mór dúinn dul i ngleic leis an bpaindéim ghlic seo gan mhoill. Caithfimid dianmhachnaimh a dhéanamh ar na droch-éifeachta tagtha ar nósanna na glúine mar gheall ar suíomhanna geandála.

É sin ráite, tá pobail na Gaeilge go léir ceangailte go pearsanta tríd an ghrá speisialta a bhfuil acu don teanga. Ní fhéadfaí barraíocht béime a leagadh ar thábhacht an ghaoil idir chainteoirí na Gaeilge. Tá an Cumann Gaelach ag iarraidh muintir na Tríonóide a thabhairt le chéile ar bhealach rúndiamhair leis an bhfeachtas seo.

I dteannta “Cumann Get Your Love”, beidh an Cumann Gaelach ag comhoibriú le Trinity Ents chun ‘Geandáil Ghasta’ a chur ar siúl. Beidh an imeacht seo ar siúl i Seomra na Gaeilge ar an 16ú Feabhra ag 7.30in. Beidh táille iontrála €3 ann agus tabharfar an t-airgead seo do Chonradh na Gaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.