News Focus
Sep 19, 2024

Nell McCafferty: Ag Comóradh Feiminigh agus Iriseoir Téisclimeach

Déanann Saoirse Bhreathnach cuimhniúchán ar Nell McCafferty mar bhean a throid go fíochmhar ar son leasa mná na hÉireann.

Saoirse Bhreathnach Cóip-eagrathóir Gaeilge

Cuireann bás Nell McCafferty i gcuimhne dúinn an obair shuntasach a rinne sí ar son mná na hÉireann. Gan a cuid oibre ní bheadh an gluaiseacht ar son cearta na mban chomh forbartha in Éirinn is atá inniu. De bharr seo tá sé tábhachtach smaoineamh siar ar a saol agus ceiliúradh a dhéanamh ar a cuid oibre.

 

Rugadh McCafferty ar Thaobh an Bhogaigh ar an 28ú Márta 1944. Laochra í de bharr a chuid troide ar son ceart na mban in Éirinn. In am nuair a bhí troid foiréigeanach ar son ceart in Éirinn, throid McCafferty go síochánta tríd a cuid litríochta agus de bharr seo ní dhéanfar dearmad go deo uirthi.

ADVERTISEMENT

 

D’fhreastail McCafferty ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, áit a raibh sí i mbun staidéir na Staire agus an Bhéarla. Deirtear gurb í seo an áit ar chothaigh a cuid barúileacha faoi chearta na mban. Tháinig forbairt ar a dearcadh polaitiúil anseo chomh maith, rud a bhfuil soiléir ina céad píosaí iriseoireachta agus ina díospóireachtaí sa choláiste. 

 

Ach é seo ráite, is sna 70óidí a thosaigh tuaraimí agus argóintí McCafferty a scaipeadh go rathúil tríd a cuid iriseoireachta. Bhí sí mar iriseoir príomhúil ag an Irish Times, Hot Press, agus Sunday Times. Tháinig cáil uirthi mar iriseoir nár shéan ó thopaicí choigilteacha nó chonspóideacha. Bhí sé seo soiléir ina cuid scríbhneoireachta ar Chás na Leanaí Chiarraí agus ina dráma The Rape Crisis Centre chomh maith. Nocht sí fadhbanna a bhí ag croílár na tíre leis na píosaí seo, ag taispeáint nach raibh eagla uirthi troid ar son ceart na mban go crua agus go cróga fiú má raibh sé conspóideach ag an am. Chomh maith le seo bronnadh an duais Jacob’s Journalist uirthi de bharr a cuid oibre ag Corn Domhanda 1990.

 

Bhí McCafferty lárnach i mbunú an eagraíocht Saoirseacht Mná na hÉireann sa bhliain 1971 chomh maith. Is eagraíocht í seo a dhírigh ar fhadhbanna frithghiniúna in Éirinn. Bhí páirt thábhachtach ag McCafferty i reachtáil na hagóidí a bhí ar siúl ag an eagraíocht. Mar shampla, reachtáil sí imeacht i mBéal Feirste i 1971 ar son frithghiniúna. Tharraing an agóid seo aird ar chruachás na mban. Léirigh an agóid seo an easpa ceart a bhí ag mná ag an am. Chomh maith le sin, thaispeán an agóid nach raibh faitíos ar McCafferty nó ar an eagraíocht troid go crua ar son ceart na mban. Léirigh McCafferty an meon seo arís agus arís eile. Mar shampla, labhair sí amach go fíochmhar faoi chás Ann Lovett i 1984.Ní raibh Lovett ach cúig bhliana déag daois nuair a fuair sí bás is í ag saolú pásta i reilig. Labhair McCafferty amach go láidir faoi seo. Léirigh sí tusicint do Lovett agus chuir sí in iúil dúinn go raibh Lovett mar shampla do streachailt na mban in Éirinn.

 

Is léir ó obair chrua McCafferty nach ndéanfar dearmad uirthi agus go mbeidh a hoidhreacht tábhachtach go deo in Éirinn. Ní féidir a shéanadh go raibh a hobair ar son ceart na mban ríthábhachtach do mhná na hÉireann. Fiú inniu, tá tionchar ag a cuid oibre ar chearta na mban mar gur chabhraigh sé le forbairt dlíthe dá gcearta. Déanadh cuimhniúchán uirthi mar bhean a throid go fíochmhar ar son leasa mná na hÉireann.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.