Slua ábhalmhór a bhí baillithe os mo chomhair agus mé ag lorg mo shuíochán sa 3Arena oíche Dé hAoine 26 Meán Fomhair. Bhí timpeall 9,000 daoine i láthair chun tuairimí an iaruachtaráin a chloisteáil le linn na laethanta neamhchinnte seo, ag lorg rian beag don sean-Mheiriceá atá imithe as radharc i ndiaidh an olltoghcháin deireanach. Idir an íde béil gangaideach a thug Trump is Vance do Zelensky sa Teach Bán agus an caint leanúnach faoi tharaifí idirnáisiúnta, is léir go raibh meabhrúcháin ag teastail ó daoine do na seanlaethanta, d’am ina raibh deá-mhúineadh mar ghnáthrud sa pholaitíocht agus ina raibh údarás morálach de saghas éigin ag an tír is cumhachtaí ar domhain. Díreach roimh an agallamh, bhí scannán de na buaicphointí óna shaol sa pholaitíocht ar siúl sa chúlra, ag críochnú leis an nathán cáiliúil a chur sé in iúl i mBaile Átha Cliath fadó, fadó – “Is Féidir Linn”.
Fuair Barrack Obama fáiltiú croíúil nuair a nochtadh é as an dorchadas taobh thiar den stáitse, agus bhí an lucht féachana togtha lena scigmhagadh faoina phribhléidí nua geilte i bhFaiche Stiabhna a bhí díreach faighte aige. Bronnadh saoirse na cathrach air an lá roimhe sin, ócáid a bhí marcáilte le conspóid agus cáineadh, le gearáin ag teacht ó ghrupaí ar an eite chlé ach go háirithe. Níor ghlac baill Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhí ceangailte leis an phairtí Solidarity-People Before Profit páirt sa searmanas. Luaitear an tacaíocht a thug a riaracháin don stát Iosrálach, chomh maith le na hionsaithe ar Éimin, an Libia agus an tSomáil a tharla le linn an tréimhse céanna.
Ní raibh aon frithbheartaíocht le mothú anseo, áfach, is bhí an lucht féachana lán de dhearbhuithe agus Obama ag iarradh béime a chur ar an difríocht idir a stil polaitíochta agus an stíl atá i bhfeidhm faoi láthair. Lig an lucht féachana na gártha molta astu i lár ceann de na scigaithris nuair a d’usáid Obama an fíorainm den ‘Gulf of Mexico’. Is léir go bhfuil a phearsantacht go hiomlán éagsúil ón uachtarán atá i Washington D.C faoi láthair. Bhí an focail ‘Muid’ le cloisteáil i bhfad níos mó ná ‘Mé’, agus rinne Obama iarracht ceisteanna polaitíochta an lae a fhreagairt i slí stuama tomhaiste, ag achainí i gcomhair measarthacht an t-am ar fad. Thug sé cuir síos iontach ar a laethanta luath sa pholataíocht, agus é ag glacadh páirt sa pharáid Lá Fhéile Pádraig ar thaobh dheisceart Chicago le bailitheoirí bruscair ina dhiadh.
Labhair an t-iaruachtarán go cúramach agus é ag plé an choimhlint sa Mheanoirthear – bhí teannas inmhothaithe san Airéana nuair a chuir O’Toole ceist ar an iaruachtarán faoin ghéarchéim dhaonnúil i nGaza agus an fhreagracht a bhí ag an pobal idirnáisiúnta chun bheith i gcoinne an coir chogaidh ollmhór seo. Freagra an-cothrom a thug an t-iaruachtarán, luaigh sé cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé go n-aithneodh an dá taobh den choimhlint na cearta stairiúla atá ag an taobh eile don talamh sin. Gan an aithintis sin, dar leis, ní bheidh síocháin ná sábháilteacht ag an réigiúin ariamh. Labhair sé faoi easpa céille na buamála leanúnacha atá ag tarlú i nGaza, agus nach bhfuil cead againn neamhaird a thabhairt ar fhulaingt na daoine ansin.
Fáiltiú níos séimhe a bhfuair sé ón lucht féachana an uair seo, tugadh bualadh bos, ach ní raibh sé chomh glórach is a raibh ag tús na hóráide. Ar deireadh thiar thall, is dócha go n-aithníonn roinnt daoine go dtéann an fhadbh seo i bhfad níos doimhne ná rialtas Trump. Nuair a thosaigh an ghéarchéim seo bhí Joe Biden (a bhí mar leas-uachtarán do Obama é féin) i gcumhacht, agus ní dhearna sé tada chun stop a chur leis an bhfulaingt uafásach a bhí tar éis tosú ansin. Cé gur luaigh Obama nár réitigh sé go ró-mhaith leis an phríomh-aire Iosrálach Benjamin Netanyahu, is go raibh argóintí acu go minic, ní haon ionadh go raibh daoine amhrasach faoin macántacht de na ráitis maidir leis an topaic seo, agus muid ag glacadh le iompar na nDaonlathaithe go dtí seo san áireamh.
Agus mé ag dul abhaile tar éis an agallamh seo, d’fhan smaoineamh amháin liom, go raibh mé tar éis duine atá bainte le ré sa pholaitíocht atá go hiomlán imithe a fheiceáil, go raibh an chaibidil den dhearcadh deámhúinte, ciallmhar atá ag Obama críochnaithe. Tar éis gur buadh ar Kamala Harris, tá polatíocht tipiciúil na nDaonlathaithe, an pholaitíocht de cheansú agus measarthacht, go hiomlán bancbriste ag an stil ionsaitheach atá forbartha ag na Poblachtánaigh faoi Trump. Anuas ar sin, níl na gnáth-Daonlathaithe in ann imní eacnamaíochta na gnáthdhaoine a mhaolú leis na ráitis measartha seo, agus cinnte tá sé deacair orthu dul i ngleic le hargóintí mothúchánacha agus bréagacha na bPoblachtánach. Is iad na daoine cosúil le Zohran Mamdani is Alexandria Ocasia Cortez na daoine atá ag teastáil ón bpáirtí sin, ní na taibhsí de Obama.