Oct 14, 2025

Tá mic léinn ag baint amach 625 pointe san Ardteist, ach teiptear fós orthu áit a fháil ar na cúrsaí atá uathu

Cén saghas réiteach gur féidir soláthrú don éagóir seo ar mhic léinn na tíre?

Gerard LoscherEagarthóir Nuachta
blank
Creative Commons

Bheadh súil agat, dá mbainfeá 625 pointí amach san Ardteist, go bhfaighfeá an cúrsa a bhí mar do chéadrogha trí CAO. Níorbh amhlaidh sin i mbliana, áfach, mar go bhfuil roinnt mhaith daltaí gan áiteanna ar chúrsaí de bharr an córas roghnóireachta randamaí cruálach.

Fuair ​​51% d’iarrthóirí tríú leibhéal a gcéad rogha tar éis an chéad bhabhta tairiscintí ón Lár-Oifig Iarratais (CAO), agus tugadh ceann dá dtrí rogha is fearr do cheithre chúigiú díobh. Mar sin féin, dáileadh áiteanna ar 25 cúrsa leibhéal a hocht a raibh éileamh ard orthu trí roghnú randamach. Bhí an t-uasmhéid de 625 pointe ag teastáil le haghaidh iontrála i gcás dhá cheann de na cúrsaí seo, rud a chiallaigh gur chaill cuid de na hiarrthóirí is fearr amach. Anseo i gColáiste na Tríonóide, d’úsáid Léann Déinlíochta agus MSISS an córas roghnóireachta randamaí chun áiteanna a leithdháileadh d’iarrthóirí. Ní raibh gá ag an Leigheas, cúrsa a d’úsáid an córas roimhe seo, é aúsáid i mbliana áfach.

Mhínigh Preston Ó Caoimh, uachtarán Chumann na Mac Léinn ar an dara leibhéal, go mbíonn mic léinn ag obair go dian gan stad chun na pointí riachtanacha dá gcúrsa a bhaint amach, ach go dtiteann a dóchais ina luí nuair a bhíonn an próiseas, i ndáiríre, bunaithe ar ádh. Ní léiríonn sé cumas ná iarracht an mhic léinn i gceart, díreach mar a mhothaíonn go leor acu faoin Ardteist é féin.

ADVERTISEMENT

Conas a oibríonn roghnú randamach?

Faigheann gach mac léinn a gcuireann isteach ar an CAO uimhir sé-dhigit láithreach do gach cúrsa a luaitear ar a fhoirm. Is iad na trí dhigit tosaigh a léiríonn a bpointe Ardteist, agus cuireann algartam na trí dhigit eile in áit go randamach. D’fhéadfadh mac léinn uimhir 001 a fháil nó 999. Is é an uimhir seo a úsáidtear nuair a chuirtear an roghnóireacht randamaí i bhfeidhm. Faigheann gach institiúid tríú leibhéal liosta iarratasóirí don chúrsa ón CAO, ordaithe de réir a bpointe.

Mhínigh Ronan Hodson, a bhfuil i gceannas ar na hIontrála i gColáiste na Tríonóide, do RTÉ in alt dar teideal ‘CAO and Random Selection: How Does it Work?’ conas a n-oibríonn an roghnóireacht randamaí ón bpointe sin amach. Mhínigh sé má tá 20 áit ar fáil i gcúrsa, go leanann siad síos an liosta sin go dtí go mbíonn beirt iarratasóirí scoilte ag an uimhir randamaí seo.

Am le hathchóiriú?

An réiteach is simplí a mbeadh ar fáil d’Éirinn chun deireadh a chur leis an bpróiseas roghnóireachta randamaí ná ráiteas phearsanta nó scrúduithe iontrála a chur san áireamh mar chuid den phróiseas iarratais. Sa Ríocht Aontaithe, mar shampla, úsáideann an córas UCAS ráitis phearsanta agus scrúduithe iontrála mar chuid den phróiseas iarratais chuig ollscoileanna. Sa chóras seo, déantar iarratais a mheas ní hamháin ar bhonn pointí acadúla ach freisin ar an gcumas, ar an iarracht agus ar an méid eolais agus scileanna acadúla a léirítear sa ráiteas pearsanta.

Cuireann sé seo deireadh leis an neamhchothromaíocht a chruthaíonn roghnóireacht randamaí, agus spreagann sé córas bunaithe ar an bhfiúntais, áit a bhfaigheann na hiarratasóirí is oiriúnaí na háiteanna. Anuas ar sin, laghdóidh sé dolúbthacht an chórais. D’fhéadfadh leis deis a thabhairt do mhic léinn atá paiseanta faoi ábhar áirithe agus ar mhaith leo an t-ábhar sin a staidéar san ollscoil a bpaisean agus a n-eolas ar an ábhar a chur i láthair i ráiteas pearsanta agus i scrúdú iontrála bunaithe ar an ábhar sin.

Tá sé soiléir go bhfuil gá le machnamh domhain ar chóras an CAO. Le córas níos cothroime, bunaithe ar chumas agus ar fhiúntas, d’fhéadfaimis deireadh a chur leis an neamhchothromaíocht a chruthaíonn roghnóireacht randamaí.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.