Radius
Nov 11, 2025

Buaiteorí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge 2025

Pléann Saoirse Bhreathnach buaiteoirí na ngradam foilsitheoireachta do leabhair Ghaeilge 2025

Saoirse BhreathnachEagarthóir Cultúrtha Gaeilge
blank
via Love Leabhar Gaeilge

Ag ócáid mhór i nGaillimh tráthnóna Dé Máirt an 31ú Meán Fómhair, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta na Gaeilge 2025, a dhéanann ceiliúradh ar na leabhair is fearr a foilsíodh i nGaeilge i mbliana.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin — Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta — ar Bódléar, saothar cumhachtach agus samhlaíoch le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac, teach folsitheoireachta beag lonnaithe sa Spidéal. Bhain Antain Mac Lochlainn Gradam Réics Carló — Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg — amach lena shaothar Éanna Corr. Is leabhar é seo a mheascann iontas na hóige le healaín na scríbhneoireachta, foilsithe freisin ag Leabhar Breac. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Tír Bheag, aistriúchán álainn de Petit Pays le Gaël Faye, aistrithe go Ghaeilge ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Barzaz.

I mbliana, bhí naoi leabhar déag ar ghearrliostaí na ngradam, rud a léiríonn an fhairsinge tallainne agus cruthaíochta atá le sonrú i saol na scríbhneoireachta Gaeilge. Bhí sé de phribhléid ag Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, na gradaim a bhronnadh ar na buaiteoirí agus aitheantas a thabhairt don “doimhneacht, ealaíontacht agus fuinneamh” atá le brath san earnáil.

ADVERTISEMENT

“Is léiriú iad na gradaim seo ar an gcruthaíocht, ar éagsúlacht agus ar an saibhreas atá i bhfoilsiú na Gaeilge faoi láthair,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím ó chroí le Leabhar Breac agus Barzaz as na héachtaí atá bainte amach acu i mbliana. Ceiliúrann muid anocht ní hamháin na buaiteoirí, ach gach údar, aistritheoir, maisitheoir agus foilsitheoir atá ag cothú ár dtraidisiúin liteartha le paisean agus le fuinneamh.”

Leanfar leis an gceiliúradh ag Féile Léitheoirí Chill Dara i Leabharlann Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, ar an 7 Deireadh Fómhair 2025, áit a mbeidh Tristan Rosenstock (RTÉ Raidió na Gaeltachta) ag cur faoi agallamh leis na buaiteoirí mar chuid den Tolg Liteartha.

Beidh tuilleadh aitheantais á bhronnadh ar údair, idir nua agus bhunaithe, le linn Oireachtas na Samhna, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain 2025. Ar chlár spleodrach na féile beidh freisin Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seoltaí leabhar, ceardlanna, clubanna agus imeachtaí eolais eile.

Torthaí iomlána Ghradaim Foilsitheoireachta 2025:

  • Gradam Uí Shúilleabháin – Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
    Bódléar — Darach Ó Scolaí (€2,500)
    Foilsitheoir: Leabhar Breac (€5,000)

  • Gradam Réics Carló – Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
    Éanna Corr — Antain Mac Lochlainn (€1,250)
    Foilsitheoir: Leabhar Breac (€5,000)

  • Gradam de Bhaldraithe – Saothar Aistrithe na Bliana
    Tír Bheag — aistrithe ag Antain Mac Lochlainn (€500)
    Foilsitheoir: Barzaz (€1,500)

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.