Mar 10, 2026

Intleacht Shaorga agus an tOideachas: Cabhair do Mhic Léinn nó Contúirt don Fhoghlaim?

Déanann Clodagh NicFhloinn plé ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le intleacht shaorga san ollscoil

Clodagh NicFhloinnAoiscríbhneoir
blank
Photo from Share Vault

Tá athrú as cuimse tar éis teacht ar ár saol ó ardú na hintealachta shaorga (IS). I ndomhan na hoibre agus san oideachas, pléitear buntáistí agus míbhuntáistí an teicneolaíocht seo i gcónaí. I suíomhanna cosúil le hollscoileanna, tá an teicneolaíocht anois bainte le mí-iompar acadúil agus le bealaí nua chun obair a dhéanamh níos éifeachtúla. Ag deireadh an lae, tá an chuma ar IS nach bhfuil lá rúin aici imeacht. 

I gcomhthéasc na hollscoile, an cineál intleachta shaorga a mbíonn á usáid go minic ná urlisí IS ghiniúnach, mar shampla Chat GPT agus Grammarly. Is féidir suíomh intleachta shaorga a usáid chun téacs a chruthú, obair a chríochnú agus fadhbanna a réitiú. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil suíomh an oideachais athruithe ó bhonn de bharr na huirlisí seo agus níl aon rogha dul ar ais go dtí na bealaí a rinneadh oideachas roimhe seo. Níl muid in ann cófra Phandóra a dhúnadh an uair seo. 

Smaoinigh siar go dtí an 15ú céad nuair a cheap Johannes Gutenberg an clóphreas. Scaoil an teicneolaíocht nua le heolas agus le nuacht scapadh níos tapúla agus chuir sé roinnt seanchleachtais as bhfeidhm. Ag an am, bhí imní ann faoin dteicneolaíocht nua, ó Johannes eile ach go háirithe, manach darbh ainm Johannes Trithemius. I 1494 scríobh sé argóint in aghaidh usáid an clóphreas le teideal ‘In Praise of Scribes’. San argóint seo molann sé scileanna an scríobhaí agus an tairbhe a bhaineann le ham a thógáil chun téacsanna a chóipeáil. Chuir sé cúpla imní in iúl atá ina scátháin ar na gcomhráite atá againn faoi IS in oideachas an lae inniu. Dúirt sé nach mbeidh saothar atá táirgthe ar scála mór chomh luachmhar le rud a rinne duine le díograis. Lagaíodh a argóint píosa mar gur roghnaigh sé í a phriontáil chun lucht léitheoireachta níos mó a bhaint amach. Bogann teicneolaíocht éifeachtach níos tapúla ná is féidir le seanchleachtais a choinneáil suas. Cinnte, níl cóthéasc an clópréas agus an ardtheicneolaícht atá i gceist i IS díreach mar an gcéanna ach tá nascanna idir conas a mhothaigh an sochaí nuair a raibh deachtracht atá cosúil lena chéile rompu. 

ADVERTISEMENT

Cosúil le beagnach gach teicneolaíocht réabhlóideach, an clópréas ina measc, is beannacht agus is mallacht í an intleacht shaorga. Is feidir léi a bheith cabhrach do mhic léinn ach tá contúirt ag baint léi chomh maith. 

Cuireann IS go leor dúshláin roimh na hollscoile ó thaobh measúnú de. Déanann IS simpliú ar mhí-ionracas acadúil do mhic léinn. Is féidir aiste a scríobh, tascanna a chríochnú nó fadbh a réiteach i bpreabadh na súile leis na huirlisí IS atá ar fáil inniu. Cinnte, tá sé níos éasca ná riamh obair a chur isteach gan aon saothar pearsanta. Ach le sin, uaireanta déanann IS ghiniúnach suas firicí agus eolas nach bhfuil fíor. Is féidir leis an obair a chruthaíonn sé bheith gan brí cheart agus níl sí in ann firicí a chinntiú. Fós, is cathú mór í do mhic léinn, agus tá siad ag séitéireacht iad féin muna bhfuil siad ag foghlaim na scileanna atá riachtanach chun oideachas sásúil a fháil, cosúil le smaointeoireacht chriticiúil agus cumarsáid. 

Tá córais inúchta i bhfeidhm i bhfórmhór na hollscoileanna anois chun rugadh ar bhradaíl tríd IS, Turnitin mar shampla. Déanann siad anailís ar théasc, measann siad an seans gur ghin IS é agus féachann sé le haghaidh comharthaí IS. É sin ráite, tá a lán lochtanna ag na córais seo.  Níl na brathadóir IS cruinn an t-am ar fad, agus uaireanta tugann siad bréigdheimhneach agus bréagdhiúltach. Chomh maith le sin tá téasc IS ginte ag fáil níos cruinne lá i ndiaidh lae. 

Toisc go mbeidh IS ina cuid lárnach dár dtodhchaí, ba chóir go mbeadh mic léinn múinte conas an teicneolaíocht seo a usáid i slí ionas go mbeadh siad freagrach. Is uirlis í an IS agus is féidir léi cuidiú le obair mic léinn i slí éifeachtúil. Is í an fhadhb ná go bhfuil daoine ag mí-usáid an teicneolaícht, uaireanta chun a bheith leisciúil. Tá sí ábalta a bheith ina háis fhoghlama chun achoimre a dhéanamh, topaic a shoiléiriú nó chun tráth na gceist a ghiniúint. 

Agus cad faoi na léachtóirí agus na hollúna? Tá IS ag athrú todhchaí an oideachais dóibh chomh maith. Ar an mbealach céanna, tá na himpleachtaí a thagann leis na hathruithe seo in ann a bheith cabhrach do mhic léinn nó contúirtach don fhoghlaim. Tá imní ann go mbeidh todhchaí ann nach mbeidh gá do shaineolaithe ina réimse chun teagasc a thabhairt agus go mbeidh léachtóirí IS againn ina áit. An rud scanrúil ná d’fhéadfadh leis tarlú. Caithfimid sainmhíniú a thabhairt ar ról na hintleachta saorga san oideachas chun a forbairt a choimeád faoi smacht. Beidh IS ábalta an mion-obair a dhéanamh, cosúil le ceartúchán, chun níos mó breis ama a thabhairt le haghaidh teagaisc. Is féidir le IS cabhrú chun teagmháil daonna a choimeád san oideachas. 

Tá IS i láthair i go leor ionaid oibre agus uirlisí digiteacha sa lá atá inniu ann, agus caithfidh mic léinn agus ollscoileanna glacadh leis an bhfírinne. An dúshlán atá roimhann ná chun cothromaíocht a fháil idir an cabhair agus an contúirt. Beidh an margadh fostaíochta ag súil le céimithe leis na scileanna teicneolaíochta a chóir go mbeadh acu ar na saolta seo. Cinnte, tá muintir acadúla ag bogadh chun IS a chur i ngníomh ina gcuid múinteoireachta agus measúnaithe agus is léir go leanfaidh an fhorbairt seo ar aghaidh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.