blank
Radius
Nov 18, 2026

An Bhfuil Saol Bia Bhaile Átha Cliath Faoi Bhláth?

Tá bialanna nua ag teacht chun cinn ceann i ndiaidh a chéile, ó phíotsa agus báicúis, go bialanna galánta den scoth.

Anna Moran for The University Times
Pearl Mc HughEagarthóir Cultúrtha

Tá saol bia Bhaile Átha Cliath athraithe go mór sa saol i ndiaidh Covid, á thiomáint ag algartaim TikTok agus na físeáin sin ar nós ‘Eat my way around Dublin with me’ nó ‘My top restaurants in Dublin’. Tá neart le roghnú astu, ach má bhraitheann tú go bhfuil tú caillte i measc na roghanna éagsúla, ná bí buartha, tá Niall Sinnott nó Cassie Stokes ann chun an bealach a thaispeáint duit. 

Is cosúil go bhfuil laethanta stobhach na Mamó, nó dinnéir mhaith feola agus prátaí, fágtha i leabhair oidis na gcócairí is fearr i mBaile Átha Cliath. Bíonn turasóirí agus muintir na cathrach araon ag triall ar Shráid Drury anois le haghaidh Morso nó Mani, agus caithfear rud éigin milis a bheith agat mar chríoch ar an mbéile, mar sin tá Cookieboy ag fanacht leat tar éis ‘pornstar martini’ i Caribou. Ach mura bhfuil fonn ort cloí leis na seanchlasaicí, ná bíodh imní ort – tá neart le tairiscint ag Baile Átha Cliath. Tá go leor bácúis, pizzerias agus bialanna a bhfuil cáil bainte amach acu ar TikTok scaipthe ar fud na cathrach, b’fhéidir gurb as sin a tháinig an t-ainm ‘It’s a Trap’ ar Shráid Aungier! Ach i lár an radhairc bhia bhríomhar seo, tá claonadh beag imníoch ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh todhchaí na n-áiteanna seo a chur i mbaol.

An bhliain seo caite, chonaiceamar bialanna ag oscailt ar fud na príomhchathrach ar luas lasrach. Tá Díon suite go hard os cionn Choláiste na Tríonóide, lena taobh istigh nua-aimseartha galánta agus radharc 360 céim ar an gcathair. Deir daoine áirithe gur cuireadh ar an urlár uachtarach é chun éalú níos deacra a dhéanamh nuair a thagann an bille! Ach is beag an praghas é sin le híoc ar scéal Instagram agus Rosalind Lipsett agus Pippa O’Connor ag comhrá go suaimhneach sa chúlra. Mura dtaitníonn airde leat, áfach, ná bí buartha, mar tá Gloria Osteria ar Fhaiche an Choláiste ann, áit ar féidir béile chomh blasta céanna a fháil ar níos lú ná praghas tí. Tá meireang líomóid acu a d’fhéadfadh dul san iomaíocht le hairde Díon, agus tá an taobh istigh chomh galánta céanna, beagnach ar aon dul le The Ivy Asia, a d’oscail ar Shráid Dawson anuraidh agus a mheall líon mór áirithintí.

ADVERTISEMENT

Tar éis dom triail a bhaint as The Ivy Asia, is féidir liom a rá go mbeidh tamall fada ann sula bhfillfidh mé. Bhí an taobh istigh go hálainn le haghaidh scéal Instagram agus bhí an sushi go deas, ach nuair a bhí an turas thart, ní raibh aon fhonn orm babhta eile a dhéanamh, bhí sé bainte de mo liosta agam. Déarfainn an rud céanna le Díon agus Gloria Osteria. Is bialanna iad a fheicim mar áiteanna le haghaidh béile eispéiris: téann tú ann uair amháin, faoi thionchar na sceitimíní agus an úis, agus ansin ní fhilleann tú riamh. Ní cosúil gur phlean gnó an-iontaofa é sin. Ar ndóigh, tá sí róchosúil leis an nós nua-aimseartha a bhaineann le bheith gafa le cibé rud atá nua agus lonrach, ach tar éis cúpla mí, imíonn an tarraingt agus fágtar díol spéise turasóireachta eile againn.

Is cosúil gur rogha níos seasmhaí agus níos dílse é an píotsa do lucht itheacháin Bhaile Átha Cliath, rogha níos sábháilte a bhfuil margadh aici agus, b’fhéidir, todhchaí níos buaine aige freisin. Tá Bambino tar éis a háit féin a bhaint amach ar Shráid Stiofáin Íochtarach le breis agus ceithre bliana anuas, agus tá na scuainí fós gan stad. Tá Doom Slice, Little Slice, Mani, agus Square Dish tagtha chun cinn ina dhiaidh chun iarracht a dhéanamh a sciar féin a bhaint amach den mhargadh ciorclach seo atá lán de dhaoine a bhfuil dúil mhór acu sa phizza. Is furasta an tarraingt a thuiscint: píotsa ‘gourmet’ atá tapa, blasta agus sách saor. B’fhéidir gurb é sin an fáth a bhfuil borradh chomh mór sin faoi shaol na bpíotsaí i mBaile Átha Cliath.

Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh an borradh atá tagtha faoi shiopaí bháicéireachtaí na cathrach a bheith mar thoradh ar an gcúis chéanna. Bread 41, UNA Bakery, Russell St Bakery, Scéal, Twist, Fable agus Bakeology – ní bheadh deireadh leis an liosta! Tá tóir mhór bainte amach ag na siopaí bháicéireachtaí seo sa saol i ndiaidh Covid, agus daoine ag baint taitnimh as caife, bíodh sé gasta nó mall, in éineacht le taosrán, agus iad ag súil nach mbeidh an bille os cionn €12.

Is léir go bhfuil saol bia Bhaile Átha Cliath ag baint taitnimh as tréimhse atá cosúil le Tíogar Ceilteach faoi láthair. Is é Fuco i Ranelagh an iarracht is déanaí atá tagtha chun cinn, ach is í an cheist ná an eiseoidh CMAT albam atá tiomnaithe don bhorradh atá tagtha faoi bhialanna i lár agus i ndeireadh na 2020idí. An mairfidh siad faoi thástáil ama, nuair a imeoidh an ‘hype’ agus nuair a bheidh muid báite i líon na háiteanna nua le triail a bhaint astu? An leanfaidh muid orainn ag tacú leo agus ag coinneáil beo iad, nó an bhfillfidh muid ar na seanchlasaicí?

Tá neart le tairiscint ag Baile Átha Cliath, agus is iontach an rud é sin a fheiceáil. An bhfuil ann ach faisean atá ag dul thart, leithscéal chun na praghsanna a ardú, nó an bhfuil rud éigin fiúntach le tairiscint orainn i ndáiríre? Ní bheidh an freagra ar fáil go dtí go n-inseoidh an t-am dúinn cé chomh seasmhach agus ce chomh rathúil is a bheidh an borradh seo i saol bia na cathrach.


Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.