Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 11, 2015

Buntáiste ar Bith Ag Baint le hAontas na Mac Léinn a fhágáil

Pléann an Bord Eagarthóireachta an ceart le hAontas na Mac Léinn a fhágáil, agus más fíor gur ceart é seo atá tábhachtach go gcaomhnaítear.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ó 2013 ar aghaidh, tá siosarnach le cloisteáil ó mhic léinn áirithe UCD go bhfuil siad ag iarraidh Aontas na Mac Léinn (AML) a gcoláiste a fhágáil. An bunús atá leis seo ná an seasamh ar son rogha a thóg an t-Aontas maidir le ginmhilleadh, atá tar éis conspóid a chruthú i measc na ndaltaí nach bhfuil sásta gur tógadh an seasamh seo ar a son.

Is í seo an cheist: ar cheart do mhic léinn a bheith go huathoibríoch mar bhaill den Aontas? Nó ar cheart go mbeadh mic léinn in ann a n-Aontas a fhágáil? Is é an freagra ciallmhar, agus an ceann atá de réir an dlí, ná gur cheart. Tágann roinnt deacrachtaí chun cinn, áfach, nuair a chuirimid an cheist an cóir go mbeadh ballraíocht roghnach ag AML. Ar dtús báire, más fíor go gcruinníonn na feachtais pholaitíochta a thógann AML an aird is mó, is cinnte go bhfuil feidhm lárnach aige i saol na hollscoile. Seasann AML i gColáiste na Trionóide do mhic léinn ar réimse leathan de choistí, Bord an Choláiste san áireamh, bord a dhéanann na cinntí ba mhó sa choláiste. Gan an chumhacht acu a rá leis an gcoláiste go bhfuil siad ag seasamh ar son ‘gach mac léinn’, ní bheadh an tionchar céanna ag an Aontas agus ionadaíocht á dhéanamh acu ar son mhuintir na hollscoile. Caitheann an t-Aontas cuid mhaith dá gcuid ama ar an ionadaíocht chéanna – fiú ag íoc as an leabharlann a choinneáil ar oscailt ar feadh níos faide.

Ina theannta sin, dá bhfágfadh mac léinn an t-Aontas i gColáiste na Trionóide, bheadh na buntáistí a bhfáil acu go fóill. Is AML cruálach a chasfadh a dhroim go hiomlán ar mhac léinn, agus shílfeadh duine go mbeadh cúnamh oideachais agus slándála ar fáil don mhac léinn go fóill.

ADVERTISEMENT

Tá an t-Aontas tógtha ar struchtúr daonlathach, rud gur féidir le míbhuntáistí faoi leith a bheith aige. Tá sé éasca go leor reifreann den AML a eagrú ar cheist faoi leith, agus ciallaíonn sé so go dtógfaidh AML seasaimh ná n-aontóidh gach mac leínn leo. Trí ghearán a dhéanamh maidir le seasamh a thógáil nach n-aontóidh gach mac léinn leis, tá gearán a dhéanamh maidir leis an daonlathas mar choinceap. Tá sé amhrasach go ceapann duine ar bith go n-aontaíonn gach mac léinn le seasamh a thógann AML.

Más mian le mac léinn a Aontas a fhágáil, ba chóir go mbeadh sé de ceart acu é sin a dheanamh. Leis an méid sin ráite, bhéidís fós go praiticiúil ina bhall den Aontas. Mar sin, ní fíor go bhfuil an gá le deis foirmeálta a thabhairt do mhic léinn an t-Aontas a fhágáil ina ghá riachtanach nó tábhachtach.

siosarnach whisperings
seasamh stance
go huathoibríoch automatically
daonlathach democratic
amhrasach doubtful
riachtanach necessary