News
May 13, 2019

Scéim Seimeastar Gaeltachta do Mhic Léinn Ollscoile Fógartha ag an Rialtas

Tabharfar seans do 175 mac léinn seal a chaitheamh ina gcónaí le teaghlach Gaeltachta.

Eoin O'HareEagarthóir na Gaeilge

Tá scéim úr seolta ag an rialtas a thabharfaidh seans do mhic léinn tríú leibhéal seimeastar a chaitheamh i gceantar Gaeltachta agus iad i mbun staidéir.

Tuairiscithe inniu san Irish Times, éascóidh an ciste €250,000 seal cónaithe le teaghlach Gaeltachta do 175 mac léinn agus iad ag freastal ar chúrsa tríú leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghné lárnach, nó ina mbeadh cumas teanga mar bhuntaiste do shlí bheatha sa todhchaí, sa tseirbhís poiblí mar shampla.

I ngiolc, dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne, go gcruthóidh an scéim “deis do mhic léinn ó chúlraí éagsúla teacht isteach ar bhlas agus ar líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le cainteoirí dúchais”.

ADVERTISEMENT

Dúirt sé fosta go “[n-]imríonn tionscal na gcoláistí samhraidh tionchar mór ar chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht”.

Tá an deontas ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá sé seo mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, plean an rialtais chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.

Tagann fógra na scéime i ndiaidh brú ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) maidir le deontais do mhic léinn múinteoireachta chun seal éigeantach a chaitheamh sa Ghaeltacht, a gearradh i 2012.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.