Radius
Apr 15, 2020

Coiste Nua Tofa ag an Chumann Gaelach go Digiteach

Don dara bliain as a chéile, is mná ar fad sa trí phost is sinsearaí sa chumann.

Róise HannanScríbhneoir Cúnta
blank
Sa phictiúr: coiste an Chumainn Ghaelaigh anuraidh.
Cumann Gaelach

Cé go bhfuil an campas tréigthe ag formhór na mac léinn, chuaigh na toghcháin faoi choinne na gcoistí do roinnt mhaith cumann ar aghaidh ar líne an tseachtain seo, an Cumann Gaelach ina measc.

Toghadh Ciara Ní Mhurchú – mac léinn ceathrú bliain agus iar-chisteoir an chumainn – mar reachtaire. Beidh Róisín Ní Fhallúin mar leas-reachtaire an chumainn i mbliana. Tá dhá bhliain caite ag Ní Fhallúin ar choiste an Chumainn Ghaelaigh go dtí seo agus tá sí mar aidhm aicise “atmaisféar fáilteach agus oscailte” a chruthú ag imeachtaí an chumainn. Toghadh Eimear Finan – mac léinn ag déanamh staidéir ar an dlí – mar rúnaí an chumainn.

I ráiteas go dtí an University Times, dúirt Ní Mhurchú: “Is mór an onóir dom post an reachtaire a fháil. Tá coiste den scoth tofa againn agus táim ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.”

ADVERTISEMENT

Lean sí ar aghaidh, ag rá: “Is cinnte gur chuir Blánaid Ní Chearnaigh, iar-reachtaire an chumainn, an-obair isteach ann i mbliana agus tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh leis sin.”

Tá sé ráite aici go bhfuil sé mar aidhm aici leanúint ar aghaidh leis an “chomhobiriú” idir an Cumann Gaelach agus na cumainn eile sa Choláiste agus níos mó deiseanna thabhairt do “gnáthbhaill” an chumainn a gcuid tuairaimí a chur chun tosaigh, agus páirt níos lárnaí a bheith acu in obair na gcoistí. Deir sí, áfach, gurb í an phríomaidhm atá aici mar reachtaire ná go leanfaidh an cumann ag cur na Gaeilge agus an chultúr Ghaelaigh chun cinn ar champas.

Toghadh Ruairí Ó Séanáin mar oifigeach díospóireachta an chumainn. Bhí an bua ag Ó Séanáin thar triúir iarrthóirí eile. Beidh Caoimhe Ní Mhaolaí mar oifigeach teicneolaíochta. Toghadh Eimear Kearins mar oifigeach drámaíochta.

Is í Cara Nic Giolla Chomhaill – a bhí ar fhochoiste an chumainn i mbliana – mar an t-oifigeach nua foilseacháin, agus toghadh Jack Dunne mar oifigeach siamsaíochta an chumainn.

Is í Naomi Ní Mhiacháin an t-oifigeach nua-thofa caidrimh phoiblí. Dúirt Ní Mhiacháin go bhfuil sé mar sprioc aici go mbeidh an Cumann Gaelach “níos feiceálaí ar na meáin, ach go háirithe Instagram,” agus go mbeidh Gaeilge “chruinn” in úsáid ag an chumann ar na meáin shóisialta le cuidiú le daoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Rebecca Coxon a bheas mar oifigeach urraíochta i mbliana agus tá sé ar intinn ag Coxon urraíocht a aimsiú chun cártaí nua ballraíochta don Chumann a aimsiú. Dar le cisteoir nua an chumainn, Ríoghnach Ní Aoláin, tá seans ann go mbeidh ar an chumann athbreithniú a dhéanamh ar roghanna urraíochta s’acu mar gheall ar thionchar an choróinvíris.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.