Ag an bpointe seo i Mí Dheireadh Fómhair, músclaítear mothúcháin aisteacha ionann. “N’fheadar cén fáth a bhfuil mé ar bís le déanaí?” a smaoinímid linn féin. Ní fhada, áfach, go dtí go gcuimhníonn muid go bhfuil Oireachtas na Samhna ag druidim linn. Tá sé éasca áfach a bheith brónach nuair a chuimhnítear ar an gcoróinvíreas agus a thuigtear nach mbeidh muid in ann an chraic chéanna a bheith againn i mbliana. É sin ráite, ní chóir a bheith róchantalach mar toisc go maireann na Gaeil na tréimhsí is measa agus mairfimid an tréimhse seo, buíochas leis na heagraíochtaí atá ag an bpobal spleodrach. I ráiteas chuig an University Times, dúirt Róisín Ní Mhaoláin ó Chonradh na Gaeilge gur “d’athraigh muid ár modh oibre chun freastal ar phobal na Gaeilge”. Agus níl aon dabht ach gur athraigh. Molfaidh an t-alt seo cúig imeacht le freastal orthu an tseachtain seo agus Oireachtas na Samhna ag bogadh ar líne. Is féidir libh an sceideal iomláine imeachtaí a fheiceáil anseo.
Mion-Oireachtas an Chumainn Ghaelaigh
Níl aon amhras ach go bhfuil daoine díomách agus croí-bhriste nach mbeidh oíche na mac léinn ag dul ar aghaidh – buaicphointe do chuile mhac léinn ag an Oireachtas ach tá an Cumann Gaelach chun leighis a chur ar fáil don bhrón. Beidh “Mion-Oireachtas” á reáchtáil acu ar an 27ú Deireadh Fómhair ag 7.30in le TradSoc ag ceol ann – anuas ar sin beidh “Biongó Lócó” á n-imirt. Gealltar go mbeidh “go leor duaiseanna” ann. Is féidir clárú anseo.
“Glór an Fhomhair – Athrú Aeráide” le Siúin Ní Dhuinn agus Rónán Ó Dálaigh – eagraithe ag Glór na nGael
Beidh an t-imeacht seo ar siúl ar 28ú Deireadh Fómhair ag 5in ar shuíomh idirlín an Oireachtais. Tabharfaidh Siúin Ní Dhuinn agus Rónán Ó Dálaigh leideanna dúinn faoi na rudaí dearfacha gur féidir linn a dhéanamh le tionchar a bheith againn ar chúrsaí aeráide. Tá cáil ar Ní Dhuinn óna a podcraoladh le RTÉ “Beo ar Éigean”. Is cinnte go mbeidh leideanna cabhracha ag Ó Dálaigh agus taithí shuimiúil aige maidir le cúrsaí fiontraíochta sóisialta.
Clár Fáisnéise TG4 – “Joe Steve Ó Neachtain: Idir Shúgradh agus Dáiríre”
Beidh an clár seo ag craoladh ar TG4 ar 29ú Deireadh Fómhair ag 9.30in ag breathnú siar ar an saol a bhí ag an aisteoir teilifíse, drámadóir, file, scríbhneoir gearrscéalta agus úrscéalta Joe Steve Ó Neachtain a fuair bás i mbliana. An Spidéal ina áit dhúchais, bhain an gníomhaí cearta sibhialta gaelatachta aitheantas forleathan amach agus is cinnte go mbeidh an clár seo an-spéisiúil ar fad.
Queercal na Samhna
Ar 30ú Deireadh Fómhair ag 8in tiocfaidh an pobal LADTA+ le Gaeilge atá láidir in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le chéile i gcomhair ciorcal speisialta don Oireachtas. Is minic go dtagann siad le chéile do thionscadail cruthaíochta agus, bíonn a gceiliúradh féin acu gach bliain i gcóir “Bród”. Má atá craic ‘spúcaí’ uait leis an “Queercal Comhrá” is féidir an nasc a fháil don imeacht ar Zoom ag https://www.instagram.com/queercalcomhra/ .
Seimineár an Oireachtais “Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht – ÉIGINNTEACHT & ÉIGEANDÁIL?” – Eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Beidh Seimineár an Oireachtais 2020 ar siúl ar 31ú Deireadh Fómhair ag 3in ar líne ag an nasc seo: www.cnag.ie/beo. Bíonn seo mar cheann de na himeachtaí is mó an Oireachtais chuile bhliain agus ní haon eisceacht í i mbliana. Pléifear “Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht – ÉIGINNTEACHT & ÉIGEANDÁIL?”. Ar an bpainéal, beidh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers, Máire Denvir ó Choláiste Chamuis agus Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, le Máirín Ní Ghadhra mar chathaoirleach.