Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 18, 2015

I mBuiséad a Bhí Bunaithe ar Vótaí a Bhuachaint, Níor Thóg an Rialtas na Mic Léinn San Áireamh

Más fíor go bhfuil "caipiteal polaitíochta" méadaithe againn, cén fáth gurb é an t-aon ní sa bhuiséad a chabhróidh le mic léinn ná geall doiléir le airgead a chaitheamh ar Chiste Cúnaimh na Mac Léinn?

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dé Máirt, d’fhoilsigh an rialtas buiséad a bhí “tógtha le vótaí a bhuachaint”, dar le leathanach tosaigh Irish Times an lá dar gcionn. Foilsíodh an Irish Examiner leis an gceannlíne “Faigheann na grúpaí de vótálaithe lárnacha an méid is mó”.

D’éirigh le feachtais chlárú na vótálaithe ag aontais na mac léinn roimh an Reifreann um Chomhionannas Pósta beagnach 30,000 mac léinn a chlárú, agus deir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) gur éirigh leo 10,000 mac léinn eile a chlárú le déanaí. De bharr sin, tá mórán cainte maidir le “caipiteal polaitíochta” méadaithe atá anois ag daoine óga, agus leis sin chinn an USI gan a agóid bhliantúil a chur ar bun – an agóid a dhéanfadh iarracht aird an rialtais a fháil – ionas go mbeadh siad in ann lá náisiúnta de chlárú a chur ar siúl.

An é nach dtuigeann an rialtas cumhacht na mac léinn? Nó, an é nach bhfuil an méid chéanna de chaipiteal polaitíochta againn agus a shíleamar? Níor luadh oideachas tríú leibhéal ar chor ar bith i rannóg “Oideachas” na horáide don bhuiséad Dé Máirt. Rinne an t-Aire Brendan Howlin cinnte béim a chor ar “céad leibhéal” agus “dara leibhéal” agus bhí go leor cainte maidir leis an gcoimheas dalta-múinteoir sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna a ísliú.

ADVERTISEMENT

Tá an cóimheas dalta-múinteoir in institiúidí tríú-leibhéal na hÉireann, áfach, idir 1:19 agus 1:23, ag braith ar an duine ar a bhfuil tú ag cur na ceiste. Tá sé seo i bhfad níos airde ná an meán OECD de 1:14. Ní chlúdaíonn sé seo ar chor ar bith na deacrachtaí atá á bhfulaingt ag na hinstitúidí tríú leibhéal ón gcliseadh eacnamaíochta ar aghaidh.

D’fhógair an rialtas “geall doléir” dar le Sinn Féin, le €3 mhilliún a infheistiú i gCiste Cúnaimh na Mac Léinn. Dar ndóigh, tá fáilte fiú roimh gheall doiléir, ach ní bheidh na sonraí faoi seo á bhfógairt go dtí an t-Earrach, agus tagann sé i gcomhthéacs na dúbailte – ó 7,681 go 15,166 – de mhéid na mac léinn atá ag fáilt airgid ón gciste idir 2009 agus 2014, agus i gcomhthéacs na laghdaithe bhliantúla atá ar luach i bhfad níos airde ná an méadú seo.

Tábhachtach a thabhairt faoi ndeara chomh maith, ní hamháin nár fhógair an rialtas an geall doiléir seo sa Dáil, ach go bhfuil gach cuma ar an scéal gurb é an t-aon ní sa bhuiséad a bhféadfá a rá go gcabhraíonn le mic léinn tríú leibhéal.

Más fíor, i ngach rannóg eile, gurbh buiséad é seo a bhí le vótaí a bhuachaint, taispeánann sé go soiléir an tionchar lag atá atá againn féin, agus ag ár n-aontais ionadaíochta.

 


Coimheas ratio
Geall doiléir vague commitment
Tionchar lag weak influence
Fógair to announce
Ciste Cúnaimh na Mac Léinn student assistance fund
Rannóg section