Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 29, 2015

In Ainneoin na nDeacrachtaí ar fad, tá an Coláiste go Fóill i mBun Nuálaíochta

Tá teorainn ar an gColáiste de thoradh ar easpa maoinithe, ach taispeánann a chúrsaí nua go bhfuileadar go fóill i mbun nuálaíochta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I ré ina théann ciorraithe go baill foirne agus maoiniú go smior i ngach gné de shaol an choláiste, tá sé níos éasca d’ollscoil titim siar ar an méid ar baineadh triail as cheana, agus gan dul ar thóir na nualaíochta. Ní féidir a rá go bhfuil Coláiste na Tríonóide tar éis an polasaí seo a chur i bhfeidhm, áfach, rud atá soiléir ó fhaomhú na gcúrsaí nua ard-chaighdeán.

Má chuireann an Coláiste a chroí sna cúrsaí seo, a thógfaidh nascanna nua náisiúnta agus idirnáisiúnta, is féidir leis an Ollscoil cur lena cháil idirnáisiúnta, deiseanna nua a bhronnadh ar a bhaill foirne agus a mic léinn, agus tionchar a thaighde a mhéadú. Taispeánann an MSc nua in Athrú Sóisialta Comparáideach, a chuirfear ar fail i dteannta le UCD, go bhfuil an dá phríomh-choláiste in Éirinn – go minic léirithe mar chéilí comhraic – in ann a n-achmainní a chur le chéile, a gcumhachtaí a aontú, agus obair ar son Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn mar lárionad oideachais.

Cosúil leis sin, ligeann an comh-bhaitsiléir eolaíochta san fhisiteiripe idir Choláiste na Tríonóide
agus Institúid Teicneolaíocta Singapore (SIT), don Choláiste a nascanna idirnáisiúnta a láidriú, aidhm atá anois níos tábhachtaí fós, agus atá tuilleadh béime á cur ar idirnáisiúnú sna rangaithe ollscoile.

ADVERTISEMENT

Cé go bhfuil sé dírithe ar an mbaile, déanfaidh an clár nua MPhil san fhealsúnacht an Coláiste a aontú leis na hollscoileanna idirnáisiúnta eile den cháil agus den mhéid chéanna.

An forbairt is éagsúil, b’fhéidir, ná an BA i dTeangacha agus Cultúir Eorpacha agus Mean-Oirthir, a chabhróidh le cur i gcoinne na tuairime go bhfuil difríochtaí ollmhóracha idir chultúir na hEorpa agus an Mheán-Oirthir. Trí mhódúil a dhéanfaidh scrúdú ar an idir-bheartaíocht sóisialta, cultúrtha, agus polaitíochta idir an Eoraip agus an Meánoirthir, agus trí bhliain a chaitheamh thar lear in ollscoil san Eoraip nó sa Mhéanoirthir, tumfaidh mic léinn iad féin i gcultúr nua ag am faoi leith nuair atá na caidrimh chultúrtha seo faoi bhrú.

Sna cuinsí mar atádar faoi láthair, bheadh sé éasca go leor ar Choláiste na Tríonóide a achmhainní a chruinniú sna háiteanna ina bhfuil ag éirí leis cheana féin. Ach is comhartha maith é do thodhchaí na hollscoile go bhfuileadar go fóill sa tóir ar an nuálaíocht.

Faomhúapprove
Nuálaíochtinnovation
Tumadhto immerse
Fealsúnachtphilosophy
Fisiteiripephysiotherapy
Céilí comhraicrivals