Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 13, 2016

Bhain Feachtas ó Bharr Anuas ar son Athchleamhnaithe ag UCD an Bonn ó Ghluaiseacht Dhúisiúil

Tar éis reifrinn ar athchleamhnú le USI a bhí caillte le corrlach níos mó vótálaithe ná an chéad ceann, tá feachtas cosmhuintire ag teastáil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dhiúltaigh beagnach 75 faoin gcéad de mhic léinn a vótáil i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) athchleamhnú le hAontas Mac Léinn na hÉireann (USI) an tseachtain seo. Go suntasach, tá an corrlach vótálaithe sin níos mó ná an ceann a bhí ann ag an reifreann um díchleamhnú sa bhliain 2013. Tá tuairim an Bhoird Eagarthóireachta faoi thábhact oibre USI agus cén fáth a chaithfidh mic léinn UCD páirt san obair sin a ghlacadh curtha in iúl cheana féin. Áfach, nílimid ag iarraidh bheith comh sácráilteach sin go gceapfaimis go mbeadh ár scibhneoireacht, nó scríbhneoireacht ar bith sa nuachtán sin, riachtanach nó in ann tionchar a imirt ar thuairimí atá ag mic léinn in ollscoil atá i bhfad ón áit ina fhoilsímid ár nuachtán, go tíreolaíoch agus go cultúrtha.

Ba le ráth mór a thug an feachtas in aghaidh athchleamhnaithe cuma chomhghuaillíochta brabúsaithe ón taobh amuigh nach bhfuil na leasa céanna acu atá ag an ngnáth-choláisteánach UCD don fhreasúra. Cé go bhfuil an dearcadh sin indíospóireachta, ní hamhlaidh a bhí a thionchar ar toradh an reifrinn. Má tá ceachtanna á lorg ag lucht feachtais ar son athchleamhnaithe chun iarrachtaí todhchaíocha a fhoirmiú agus a fheabhsú, ba chóir dóibh é sin a aithint.

An bhliain seo chugainn, ceithre bliana tar éis an reifrinn díchleamhnaithe, is beag an méid mic léinn a bhfuil eolas faoi nó imoibriú díreach ar bith le USI acu. Áfach, is eagraíocht anordúil agus neamhthorthúil a theastaigh mórán leasuithe uaithi ar a chuimhneoidh an méid beag daoine sin. Is bacainn ard í féin dul i ngleic leis an táimhe pholaitiúil a charnadh le linn na tréimhse sin. Ach tá rianta scothroghnachais ar fheachtas a stiúradh ó bharr anuas agus d’atreisigh sé sin a lán cáintí a chuireadh agus a chuirtear in iúl maidir le USI, rud eile a bhain an bonn ón bhfeachtas a bhí an-duaisiúil.

ADVERTISEMENT

Ní bheidh feachtas ar son athchleamhnaithe ráthúíl riamh gan an saghas tacaíochta cosmhuintire a bhí ag a fhreasúra le déanaí. Chuir an reifreann comhionannnais pósta leithscéal foirfe ar fáil an sort tacaíochta sin a athchruinniú, agus b’fhéidir go mbeidh imthosca eisceachtúla ar an gcuma chéanna ag teastáil chun seasamh leis an reifreann a athdhéanamh. Ar aon nós, is gá d’iarrachtaí todhchaíocha athchleamhnaithe an tábhacht a bhaineann le fíor-dhíograis agus neart tola polaitiúil a slógadh ag leibhéal áitiúil a aithint.